Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Ómós léirithe ag TG4 dá nArd-Stiúthóir Alan Esslemont atá ag Éirí As agus ag Dul ar Scor

13.04.25

Alan Esslemont

 
Is ábhar mórtais do TG4 é ómós a léiriú do Alan Esslemont, a bheidh ag dul ar scor an deireadh seachtaine seo tar éis breis is ocht mbliana go leith de cheannaireacht fhísiúil a bheith déanta aige agus é ina Ard-Stiúrthóir ar an stáisiún. Tréimhsí bunathraitheacha don chraoltóir ab ea a thionacht inar léirigh sé a dhúthracht don nuálaíocht chruthaitheach, don fhás straitéiseach agus don Ghaeilge.

 
Ó 2016 i leith, tá TG4 á stiúradh ag Alan le paisean agus le diongbháilteacht, é ag cur na Gaeilge chun cinn ní hamháin ar leibhéal náisiúnta ach ar an ardán domhanda. Faoina mhaoirseacht, tá forbairt tagtha ar TG4 go bhfuil sé anois ina fhórsa cultúir dinimiciúil, atá leabaithe go domhain i gcreatlach shaol agus fhéiniúlacht na hÉireann. 

 
I measc na bpríomhéachtaí a bhain sé amach bhí bunú Cine4, comhpháirtíocht chinniúnach le Fís Éireann agus Coimisiún na Meán, a bhfuil aird an domhain tarraingthe aige ar an scannánaíocht Ghaeilge. I measc éachtaí Cine4 tá An Cailín Ciúin, a ainmníodh do Ghradam an Acadaimh in 2023, agus go leor scannán eile ar tugadh aitheantas dóibh ag féilte idirnáisiúnta amhail na BAFTAs, Sundance, agus Berlinale.

 
Bhí Alan i gceannas freisin nuair a seoladh Cúla4, cainéal Gaeilge do leanaí, in 2023, seirbhís a chinntíonn go leanfaidh an ghlúin óg de bheith ag úsáid na Gaeilge mar theanga bheo inrochtana ar fud na n-ardán. Bhí tionchar dearfach ag a dhúthracht d’earnáil na léiriúchán neamhspleách a neartú ar an ngeilleagar cruthaitheach réigiúnach ar fud na hÉireann, ar na cuideachtaí léiriúcháin réigiúnacha a fhorbairt agus ar chomhléiriúcháin idirnáisiúnta a chumasú. Mar aitheantas ar a bhfuil bainte amach aige, bronnadh an Gradam Comaoine ar Alan le déanaí ag Gradaim RTS na hÉireann 2025, a raibh an searmanas bronnta ar siúl sa Guinness Storehouse i mBaile Átha Cliath. Déanann an gradam mór le rá seo ceiliúradh ar an ról ríthábhachtach a bhí aige i múnlú thírdhreach na meán cumarsáide Gaeilge.

 
Aithníonn TG4 freisin dúthracht agus díograis Alan don chomhoibriú trasteorann agus Ceilteach, lena n-áirítear Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann agus a thréimhse ina Chathaoirleach ar Fhéile na Meán Ceilteach (2019-2024), áit ar chuidigh sé le comhoibriú a dhoimhniú i measc craoltóirí Ceilteacha.

 
Agus TG4 ag fágáil slán le Alan Esslemont le buíochas mór ó chroí, tá an eagraíocht ag breathnú chun cinn go muiníneach freisin cur leis an móiminteam atá cruthaithe le blianta beaga anuas chun na meáin Ghaeilge a dhéanamh inrochtana agus taitneamhach do réimse leathan lucht féachana.  

 
Is í Deirdre Ní Choistín a bheidh ina hArd-Stiúrthóir ó Dé Luain an 14 Aibreán 2025, agus mairfidh a téarma go ceann seacht mbliana. Is craoltóir agus ceannaire sna meáin Ghaeilge í Deirdre a bhfuil an-taithí, an-fhuinneamh agus an-fhís aici agus cuirfidh sí iad sin ar fad ag obair agus TG4 ag tabhairt aghaidh anois ar an gcéad chaibidil eile.

 
Guímidne go léir i TG4 gach rath ar Alan agus é ag dul ar scor agus cuirimid fáilte mhór roimh Dheirdre agus í ag cur tús lena ról tábhachtach nua.
 
 

Teagmháil do na meáin i TG4:

Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie


Cuir aithne orainn: