Preas
Lucht Féachana níos mó ná riamh ag Seinnteoir TG4 i bhFeabhra 2025
20.03.25
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
Tá TG4 ag déanamh ceiliúrtha ar an líon figiúirí is mó a cláraíodh riamh ar Sheinnteoir TG4 (TG4.ie), mí eisceachtúil d’fhás lucht féachana i sruthú beo agus ar éileamh.
Tá borradh nach bhfacthas riamh cheana tagtha ar an éileamh atá ar chlúdach spóirt agus cláir shiamsaíochta TG4 ar líne.
Ba é an clár ba mhó a tharraing uimhreacha móra ná an cluiche mór idir Corcaigh & Luimneach sa tSraith Iomána Allianz ar an 1/2/25. Taifeadadh an líon is mó radharc riamh, 172.1K sruthú beo, agus is é an t-imeacht is mó ar féachadh air fós ar Sheinnteoir TG4.
Chomh maith leis sin, i mí Feabhra 2025 chonacthas méadú 53% ó mhí Feabhra 2024 ar fhigiúirí sruthaithe, éacht dochreidte maidir le sruthú beo agus físeán ar éileamh (VOD).
Spórt ag cur Borradh faoin Ardú atá ar Shruthú Beo
Bhí ról ríthábhachtach ag Sraitheanna Náisiúnta Allianz i bhfigiúirí lucht féachana beo ar Sheinnteoir TG4 a mhéadú.
Taobh amuigh den iománaíocht and peil, chuir TG4 clúdach spóirt éagsúil ar fáil ar feadh mhí Feabhra, ina measc bhí:
- Peil na mBan
- Rugbaí Beo
- Cispheil Bheo
- Hockey Beo
- Corn Mhic Shigiúir & Corn Mhic Giobúin
- Liathróid Láimhe
Dúirt Rónán Ó Coistealbha, Ceannasaí Spóirt TG4: “Léiríonn na figiúirí móra millteacha seo an paisean iontach atá i measc lucht féachana TG4 don spórt. Tá ár ngealltanas do chraoltóireacht ar réimse leathan spóirt, ó Shraitheanna Náisiúnta Allianz go Peil na mBan agus Liathróid Láimhe, fós ag tabhairt an lucht leanúna agus na cluichí is fearr leo le chéile i nGaeilge. Léiríonn an fás atá tagtha ar shruthú beo caighdeán ár gclúdaigh agus an méadú leanúnach atá ar an éileamh atá ann do spórt beo ar Sheinnteoir TG4.”
Uimhreacha Móra meallta ag Físeáin ar Éileamh
Cé go raibh an lámh in uachtar ag figiúirí sruthaithe, tháinig méadú suntasach freisin ar lucht féachana VOD, agus bhí an rath geal ar shéasúr nua Laochra Gael, sraith a tharraing lucht spéise mór. Féach ar Laochra Gael anseo
Rath na Meán Sóisialta & Aitheantas Tionscail
Ba í mí Feabhra an mhí ba shuntasaí do TG4 ar na meáin shóisialta, le rannpháirtíocht láidir á fáil acu ar gach ardán.
Bhí foireann TG4 i gcomhluadar na ndaoine breátha a d’fhreastail ar na IFTAs agus na BAFTAs, ag neartú an tionchair atá ag dul i méid atá acu ar chraoltóireacht na Gaeilge agus ar na meáin idirnáisiúnta.
Tá TG4 fós ag cruthú agus ag cur lena láithreacht dhigiteach, ag cinntiú go bhfuil fáil ag lucht féachana ar fud an domhain ar ábhar Gaeilge den scoth.
Teagmháil do na meáin i TG4:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie
Shane Walsh | Eagarthóir Margaíochta Spórt TG4 | shane.walsh@tg4.ie