Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Laochra Gael - Sraith Nua Seolta

Ochtar clúiteacha a bhfuil éacht déanta acu ar an bpáirc imeartha. Ocht scéal phearsanta shuntasacha.

16.01.25

 

 
Fillfidh an tsraith mhór CLG ar TG4 don triú séasúr is fiche. Ocht gclár úrnua a bheidh sa tsraith CLG is údarásaí ar an scáileán seo. Ochtar Laochra Gael nua a bhfuil gaisce déanta ar an bpáirc agus a bhfuil scéalta féin agus saol ar leith caite acu ar fad is ábhar don tsraith. Is fíor-laochra iad seo go léir agus tá a gcáil rompu. Sa tsraith seo, tabharfar léargas iomlán pearsanta orthu agus ar an gceangal atá acu lena spórt agus leis an saol mórthimpeall orthu. A ngairm sa spórt a bheidh ina cúlra ag an scéal, ach pléifear i bhfad níos mó ná sin sa tsraith, ina measc saol na Laochra taobh amuigh den pháirc a bheidh ina ábhar spéise tarraingteach ag an lucht féachana chomh maith.
 

Pádraic Maher

Cuirfear tús leis an tSraith le scéal Phádraic Maher, duine de na hiománaithe is fearr i dTiobraid Árann agus duine de na cúlaithe láir is ceannasaí sa chluiche. Cuimhnítear air mar fhórsa sa ghlúin CLG a d’ardaigh caighdeán an spóirt. Ba léir ón gcaoi ar iompar sé é féin, óna cheannaireacht agus a neart ar an bpáirc go raibh éachtaí nach beag i ndán dó i gcónaí. Bhí a chroí agus a anam san iomáint agus cuireadh gnéithe eile dá shaoil ar an méar fhada dá barr. Ach chuir gortú dá mhuineál deireadh drámatúil leis sin. B’éigean do Phádraic éirí as an gcluiche a raibh grá aige dó agus bhí sé deacair aige déileáil leis sin.

Stiúrthóir: Sarah McCoy. Eagarthóir: Ray Kirby. Rannpháirtithe: Pádraic Maher, Brendan Maher, Ronan Maher, Michael Fennelly, Vincent Hogan, Seamus Kennedy, Donal O’Grady, Paul Rouse, Ken McGrath, Seamus Callinan, Helen Maher, Claire Gaynor.
 

Marc Ó Sé

Ba é Marc Ó Sé, fear a bhfuil cúig bhonn uile Éireann aige, duine de na cosantóirí ba láidre agus ba sciliúla sa pheil tráth. Bhíodh sé ag féachaint ar pheileadóirí Chiarraí nuair a bhí sé ina leaid óg, tráth a rabhadar i mbarr a réime, agus ba chomharsa béal dorais é duine de laochra na foirne sin, a uncail Páidí. Bhí a theaghlach ar maos i gcúrsaí peile Chiarraí agus de bharr go raibh a chuid deartháireacha ag imirt leis an gcontae, chuir sé sin tuilleadh flosca ar Mharc, a bhí ag faire orthu ag buachan, aithris a dhéanamh orthu. Bhí an-mheas ar Mharc i measc an phobail le linn a ré imeartha mar, mar ba ghnách le muintir Uí Shé, d’imir sé a chluiche is fearr i gcónaí in am an ghátair. Bhí sé in ann a bheith páirteach i gcathanna cosanta agus scóranna a aimsiú freisin, rud a d’ardaigh meanma na foirne.

Stiúrthóir: Cormac Morel. Eagarthóir: Ray Kirby. Rannpháirtithe: Marc Ó Sé; Tomás Ó Sé, Fergal Ó Sé, Michael Foley, Colm Cooper, Paul Rouse, Donnacha O’Connor, Pádraig Óg Ó Sé, Ellen Uí Shé, Mícheál Ó Sé, Joan Uí Shé.
 

Ursula Jacob

Is ó ríshliocht iomána Jacob in Abhallort-An Bealach Ursula Jacob. Déantar cur síos uirthi mar dhuine de na laochra is fearr a d’imir an cluiche riamh. Bhuaigh sí 4 bhonn na hÉireann le Loch Garman agus 4 ghradam All-Star. Bhí sí ina captaen nuair a bhuaigh Loch Garman an chraobh in 2011 agus bhí sí ar thús cadhnaíochta san ionsaí i gcónaí. Thosaigh sí ag obair ina hanailísí ar The Sunday Game nuair a d’éirigh sí as an imirt agus ba í an chéad bhean a bhíodh ar an bpainéal go rialta. Ach tháinig cúpla dúshlán chun solais ina dhiaidh sin agus b’in go raibh daoine ag déanamh trollála uirthi ar líne, rud a bhí ag cur as go mór di. Is ceannaire ceart í agus ghlac sí seasamh cróga in éadán na bulaíochta sin, fadhb atá ag dul i méid faraor in Éirinn, go háirithe i measc na n-óg.

Stiúrthóir: Miriam Fitzsimons. Eagarthóir: Yvonne Weafer. Rannpháirtithe: Ursula Jacob; Karen Atkinson; Brendan Cruise; Brídín Cruise; Cyril Farrell; Anna Geary; Breda Jacob; Helena Jacob; Mick Jacob; Michael Jacob; Rory Jacob; Mary Leacy; Úna Leacy; Daragh Ó Conchúir; Aoife O’Connor; Keith Rossiter; Martin Storey
 

Rónán Clarke

Áirítear Rónán Clarke ar dhuine de na tosaithe is fearr riamh i gcontae Ard Mhacha. Chabhraigh Rónán lena chontae cluiche ceannais na hÉireann a bhuachan in 2002 ina chéad bhliain ar an bpainéal, cé nach raibh sé ach naoi mbliana déag d’aois. Bronnadh an gradam d’Imreoir Óg na Bliana air an bhliain cheánna. Ach, cé gur bhuaigh sé gradaim phearsanta agus go leor craobhacha le hArd Mhacha, ba mhinic gortaithe éagsúla a bheith ag cur bac ar a chuid imeartha, gortú ina measc a chuir a shaol i gcontúirt. Dhúisigh sé san aonad dianchúraim cúig lá tar éis dó gortú a fháil sa cheann, gortú a fuair sé nuair a bhuail sé a cheann in aghaidh cuaille agus a chuir deireadh lena chuid laethanta imeartha peile.

Stiúrthóir: Cormac Morel. Eagarthóir: Seanie Mac Craith. Rannpháirtithe: Rónán Clarke, Michelle McCoy, Anne Clarke, Adrian Clarke, David McCoy, Mark Harte, Damien Ó Dónaill, Oisín McConville, Barry Owens, Kieran Cunningham, Malachy O’Neill, Bronwyn McSorley.
 

Michael Bond

Ba ré ghlórmhar, lán dóchais iad na nóchaidí i gcúrsaí iománaíochta agus bhí iománaithe Uíbh Fhailí lárnach sa tréimhse réabhlóideach sin. Ach bhí Uíbh Fhailí ar an dé deiridh faoin mbliain 1998 agus gan aon bhainisteoir acu. Chuir siad ionadh ar gach éinne nuair a chuir siad a muinín i bhfear nach raibh mórán cáil air i gcúrsaí iománaíochta, Michael Bond. D’éirigh leis foireann Uíbh Fhailí a stiúradh trí chraobh lenar bhain dúshlán, lena n-áirítear cluiche leathcheannais conspóideach i gcoinne an Chláir inar séideadh an fheadóg roimh an am agus ar tionóladh agóid stairiúil ina choinne. D’éirigh le hUíbh Fhailí an bua a fháil san athimirt ina dhiaidh sin. Bhí an lá leis nuair a d’éirigh le foireann Uíbh Fhailí cluiche ceannais na hÉireann a bhuachan in aghaidh Chill Chainnigh. D’fhág ré Michael Bond lorg buan ar chúrsaí iománaíochta in Uíbh Fhailí, ré inar cruthaíodh cairdeas ar feadh an tsaoil agus inar cuireadh a cheannaireacht, a humhlaíocht agus an rath drámatúil a bhí ar chraobhchomórtas 1998 i gcuimhne dúinn.

Stiúrthóir: Hugh Walsh. Eagarthóir: Cian O’Halloran. Rannpháirtithe: Michael Bond, Gerard Bond, Vincent Hogan, Michael Duignan, Pat Fleury, Seán Bán Breathnach, Jamesie O’Connor, Jim Wall, Liam Ó Ríordáin, David Burke.
 

Bríd Stack

Scéal Bhríd Stack, iar-pheileadóir le Corcaigh a d’imir le linn tréimhse a raibh Corcaigh i gceannas ar Pheil na mBan, blianta na 2000idí. Ba phearsa lárnach í Bríd ar an bhfoireann sin agus d’éirigh léi 11 bhonn a bhuachan. Léirigh AFLW suim inti nuair a d’éirigh sí as an bpeil agus shocraigh sí, in éineacht lena fear céile agus a mac, bogadh go dtí an Astráil chun gairm eile spóirt a leanúint. Ar an drochuair bhí Bríd ag streachailt le gortú uafásach a tharla di i gcomórtas réamh-shéasúir ina céad bhliain thall, rud a d’fhág ar an taobhlíne í agus veirteabra briste ina droim aici. Tá labhartha ag Bríd go hoscailte faoi dhá bhreith anabaí a bhí aici agus ar chomh tábhachtach is a bhí spórt di le linn na tréimhse sin mar gur thug sé cúnamh mór di agus í ag streachailt. Dúirt sí go dtuigeann sí go bhféadfadh go leor ban, roinnt dá cuid cairde san áireamh, a bheith ag streachailt le cúrsaí giniúna freisin. Bíonn breith anabaí ag tuairim is 14,000 bean in Éirinn gach bliain – sin idir 20% agus 25% de na mná go léir a bhíonn ag iompar páiste.

Stiúrthóir: Aisling Ní Fhlaithearta. Eagarthóir: Cian O’Halloran. Rannpháirtithe: Bríd Stack, Michael Stack, Elizabeth Stack, Cárthach Keane, Angela Walsh, Daragh Ó Conchúir, Sorcha Furlong; Norita Kelly; Valerie Mulcahy; Nollaig Casey; Rena Buckley.
 

Ben & Jerry O’Connor

Tá saol Ben agus Jerry O’Connor ar pháirc na himeartha agus sa saol trí chéile fite fuaite ina chéile le breis is cúig bliana is daichead. Cúpla iad Ben agus Jerry. Tá a dtithe i ngiorracht céad slat dá chéile agus tá triúr clainne ag Ben agus triúr ag Jerry. Is macasamhail dá chéile iad i ngach aon tslí de réir dealraimh. Cé go raibh stíleanna difriúla acu, níorbh fhada go raibh dul chun cinn á dheanamh ag Baile Nua Sheandroma san iomáint agus chabhraigh Ben agus Jerry lena gclub barr cruaiche a bhaint amach in 2004. Bhí an t-am tagtha go mbeadh an rath céanna i ndán d’fhoireann Chorcaí. Laistigh dá gcuid réanna imeartha bhuaigh Ben 3 bhonn uile Éireann agus Jerry péire, mar sin bhí cúpla bliain rathúla acu lena gclub agus lena gcontae.

Stiúrthóir: Cormac Morel. Eagarthóir: Cian O’Halloran. Rannpháirtithe: Jerry O’Connor; Ben O’Connor; Bernie O’Connor; Kathleen O’Connor; Sarah O’Connor; Niamh O’Connor; Michael Foley; Ronan Curran; Seán Óg Ó hAilpín; Donal O’Grady; Pat Fluery; Eddie Brennan; Ken McGrath; Andrei Daniliuk.
 

Eamon McGee

Cuirfear clabhsúr leis an tsraith nua de Laochra Gael le scéal Eamon McGee, duine de chosantóirí is fearr na tíre seo. Ba chosantóir tathagach é McGee in aonad cosanta Dhún na nGall mar gheall ar a sheasmhacht agus mar gheall ar an neart a bhí ann ina imreoir. Ach ní saol gan cor atá caite ag Eamon go dtí seo agus aghaidh tugtha aige ar mhórán cathanna pearsanta, cathanna a d’fhág a shaol ar an bpáirc agus lasmuigh di níos casta. Éalú agus ábhar faoisimh ab ea an pheil do Eamon le linn a shaoil, agus ba chúis bhróid é dó nuair a bhuaigh sé bonn uile Éireann le Dún na nGall in 2012 faoi stiúir Jim McGuinness.

Stiúrthóir: Edel Fox. Eagarthóir: Seanie Mac Craith. Rannpháirtithe : Eamon McGee; Neil McGee; Anne McElheney; Rory Kavanagh; Brian McEniff; Joanne Gillen; Stephen O’Neill; Steven McDonnell; Kieran Cunningham; Damien Ó Dónaill; Daisy, Luca & Evie McGee.
 

Dúirt Uachtarán CLG, Jarlath Burns: “Cuirim fáilte mhór roimh an bhfógra go bhfuil sraith eile de Laochra Gael á sheoladh mar go bhfaightear léargas iomlán nua ar na himreoirí is fearr ó mhuintir na gcluichí Gaelacha i gcoitinne.”

“Tá tacaíocht TG4 agus Nemeton dár gcluichí ar cheann de shainmharcanna a ratha agus is mór an luach é sin. Anuas ar an gclúdach nuálach beo ar lá na gcluichí, cuireann Laochra Gael go mór lena saothar chun an teanga agus ár gcluichí a chur chun cinn agus go léir trí mheán na sárscéalaíochta. Is léir gur sraith í seo a bhfuil an-tóir uirthi ó tharla go bhfuiltear anois ag ceiliúradh an 23ú sraith, táim ag tnúth leis na cláir uair an chloig is déanaí a fheiceáil. Maith sibh go léir a bhí páirteach sa tionscadal is déanaí seo.”
 

Dúirt Alan Esslemont, Ardstiúrthóir TG4: “Tá Laochra Gael ina chuid tábhachtach anois den sceideal agus éiríonn leis roinnt de scothimreoirí na gcluichí Gaelacha a chur inár láthair bliain i ndiaidh bliana. Is sraith í seo ar chóir do gach duine féachaint uirthi mar go n-éirítear inti an oiread de shárimreoirí na gcluichí a léiriú mar aon leis na scileanna den scoth atá acu go léir agus na cluichí iontacha a d’imir siad a chur i gcuimhne dúinn.” Dúirt sé freisin, “Is léiriú eile freisin é ar chomh maith is atá ag éirí leis an tsraith seo ar an gcaidreamh láidir atá ag Tg4 leis na Cluichí Gaelacha ina gcuirtear na cluichí agus an teanga araon chun cinn agus táim ag súil le neart eile clár sa tsraith fhadbhunaithe seo a fheiceáil san am atá le teacht.”
 

Is é NemetonTV, comhlacht neamhspleách sa Rinn, i nGaeltacht na nDéise a léiríonn formhór de chláir spóirt TG4.
 

Sraith Laochra Gael:

Clár 1: Pádraic Maher, 9.30pm, Déardaoin an 23 Eanáir

Clár 2: Marc Ó Sé, 9.30pm, Déardaoin an 30 Eanáir

Clár 3: Ursula Jacob, 9.30pm, Déardaoin an 6 Feabhra

Clár 4: Rónán Clarke, 9.30pm, Déardaoin an 13 Feabhra

Clár 5: Michael Bond, 9.30pm, Déardaoin an 20 Feabhra

Clár 6: Bríd Stack, 9.30pm, Déardaoin an 27 Feabhra

Clár 7: Ben & Jerry O’Connor, 9.30pm, Déardaoin an 6 Márta

Clár 8: Eamon McGee, 9.30pm, Déardaoin an 13 Márta
 

Teagmháil do na meáin i TG4:

Linda Ní Ghríofa | Eagarthóir Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: