Preas
Gradam Comaoine bronnta ar Alan Esslemont ag Gradaim RTS na hÉireann
27.03.25
Tá ríméad ar TG4 an t-aitheantas atá faighte ag Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4 atá ag éirí as, a bhfuil Gradam Comaoine bronnta air ag Gradaim RTS na hÉireann 2025. Bronnadh an gradam ag ócáid a reáchtáladh sa Guinness Storehouse, Baile Átha Cliath, an 27 Márta 2025.
I mbliana, bronnadh an Gradam Comaoine ar Alan Esslemont mar aitheantas ar an méid atá bainte amach aige do chraoltóireacht na hÉireann agus do chraoltóireacht na Gaeilge. Tá 8 mbliana go leith caite ag Alan ina Ardstiúrthóir ar TG4 agus bhí ról lárnach aige i gcur chun cinn na Gaeilge ar ardán náisiúnta agus domhanda. Le linn a chuid ceannaireachta leag sé béim ar fhorbairt na hearnála réigiúnach in Éirinn agus spreag fás na h-earnála cruthaitheach neamhspleách.
I measc éachtaí éagsúla Alan bhí sé ar thús cadhnaíochta maidir le Cine4, tionscnamh ceannródaíoch a reáchtáiltear i gcomhpháirtíocht le Fís Éireann agus Coimisiún na Meán, faoina bhfuil scannáin Ghaeilge curtha ar fáil don lucht féachana domhanda, ina measc an Cailín Ciúin a bhain Gradam Oscar amach in 2023. Tá scannáin Cine4 théis aitheantas a bhaint amach freisin ag leithéid na BAFTAs, Sundance agus Berlinale. Bhí fís s’aige lárnach i mbunú Cainéal Cúla4 in 2023, inár cinntíodh seirbhís leanúnach Gaeilge don lucht féachana níos óige agus spreagadh na Gaeilge mar theanga bheo. Thacaigh Alan le comhpháirtíochtaí tras-oileáin, ag comhoibriú le Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann, agus bhí sé ina Chathaoirleach ar Fhéile na Meán Ceilteach (2019-2024), ag spreagadh ceangal idir craoltóirí Ceilteacha.
Mhol Agnes Cogan, Cathaoirleach RTS Ireland, oidhreacht Alan: “Agus clabhsúr curtha le ócáid eile de Ghradaim RTS na hÉireann ar éirigh go maith leo, is fiú dúinn cuspóirí an RTS a chur i gcuimhne dúinn féin arís. Tá sé mar aidhm againn ardchaighdeán cruthaitheachta agus teicneolaíochta i dtionscal na teilifíse a chur chun cinn agus a spreagadh, agus níl a shárú déanta ag aon duine eile ina leith sin is atá déanta ag Alan Esslemont, Ardstiúrthóir TG4 atá ag éirí as, a bhfuil ár nGradam Comaoine bronnta air, gradam nua atá á bhronnadh den chéad uair againn in 2025. Bhí an méid a chuir Alan le saol teilifíse na hÉireann (agus go hidirnáisiúnta) thar a bheith tábhachtach ó thaobh spreagadh agus uaillmhian de, agus ó thaobh é sin a bhaint amach. Is cinnte go bhfuil TG4, faoina stiúir, anois i mbarr réime i réimsí na meán agus na scannánaíochta. Tá TG4 ag fás, agus ag dul chun cinn agus ag cur le réimse na meán seirbhíse poiblí. Guímid gach rath air amach anseo, agus gabhaimid buíochas leis as gach a bhfuil bainte amach aige i saol na craoltóireachta in Éirinn.”
Chomh maith leis an ngradam a bronnadh ar Alan Esslemont, bhí tráthnóna iontach ag TG4 ag Gradaim RTS na hÉireann 2025. Tugtar aitheantas leis na gradaim seo do na héachtaí is fearr i gcraoltóireacht na hÉireann agus tarraingítear aird ar neart agus ar chruthaitheacht an tionscail.
Buaiteoirí TG4 ag Gradaim RTS na hÉireann 2025:
Ábhar le Script (urraithe ag Fís Éireann):
CRÁ (Fíbín Media & Zoogon Ltd) – Sraith dhrámaíochta mhealltach faoi fhiosrúchán dúnmharaithe.
Spóirt Bheo (urraithe ag TVM):
Rugbaí Beo: Mumha v Laighin, Cluiche Idirchúige na Nollag (Iris Productions)
Déanann TG4 comhghairdeas leis na dreamanna go léir a fuair ainmniúchán agus leis na buaiteoirí go léir as an méid atá curtha acu le tionscal teilifíse na hÉireann. Is léiriú é an t-aitheantas seo ó Ghradaim RTS Éireann ar thiomantas TG4 don chruthaitheacht, nuálaíocht agus an Ghaeilge a chothú sa chraoltóireacht.
Teagmháil do na meáin i TG4:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie