Preas
9 nAinmniúchán faighte ag TG4 ag Gradaim RTS na hÉireann 2025
26.02.25
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
Tá TG4 mórtasach as NAOI gcinn d’ainmniúcháin a fháil ag Gradaim RTS na hÉireann, ag a ndéantar ceiliúradh ar bharr feabhais ár gcuid léiriúchán agus comhpháirtíochtaí. Tugtar aitheantas ag gradaim an Royal Television Society (RTS) do scoth na craoltóireachta agus tá ríméad orainn go bhfuil aitheantas á thabhairt ag scoth an tionscail dá gcuid saothair. Leis an líon is airde riamh d’iontrálacha i mbliana, léiríonn na hainmniúcháin láidreacht agus cruthaitheacht earnáil teilifíse na hÉireann. Fógrófar na buaiteoirí ag searmanas mór le rá Déardaoin an 27 Márta sa Guinness Storehouse.
Áirítear ar na hainmniúcháin atá faighte:
Ábhar le Script (urraithe ag Fís Éireann)
CRÁ (Fibin Media & Zoogon Ltd)
Cuirtear tús le fiosrúchán dúnmharaithe nuair a aimsítear corp mháthair an Gharda áitiúil, Conall Ó Súilleabháin. Tá cosc iomlán ar Chonall páirt a ghlacadh sa bhfiosrúchán ach níl baol air fanacht glan ar an gcás. Socraíonn iriseoir óg, Ciara-Kate, podchraoladh faoin gcás a thosú agus tugann Conall faoi deara go bhfuil Ciara-Kate in ann eolas a fháil ó dhaoine nach bhfuil sásta labhairt leis na Gardaí. Más mian le Conall an chóir a éileamh beidh air dul i mbun oibre leis an iriseoir seo. Tá aistear gruama i ndán don bheirt acu ach an bhfillfidh an feall ar an bhfeallaire?
Nasc: https://nasc.tg4.tv/CRÁ
Spóirt Bheo (urraithe ag TVM)
Aer Lingus Classic Football Championship (Iris Productions)
GAA BEO (Nemeton TV)
Rugbaí Beo, Mumha v Laighin (Iris Productions)
Sraith Fhíorasach (urraithe ag Egg Post Production)
Naíonra (Tyrone Productions)
Tugtar léargas sa tsraith seo nár facthas in Éirinn cheana, léargas ar shaol páistí sa naíonra. Leanfar an saol in dhá naíonra thar tréimhse bliana, naíonra amháin i dTamhlacht, i mBaile Átha Cliath agus ceann eile i Mala, i gCorcaigh. Go minic ní bhíonn focal Gaeilge ag na páistí seo nuair a thosaíonn siad sa naíonra agus feicfear iad ag foghlaim an dara teanga. Is blianta tábhachtacha iad seo i saol an duine ina bhfoghlaimítear scileanna tuisceana, cumarsáide agus cairdis.
Nasc: https://nasc.tg4.tv/Naíonra
Cúrsaí Reatha (urraithe ag Nemeton TV)
Idir Dhá Bhaile: Ó Chív go Corcaigh (Below the Radar)
Tugtar léargas sa gclár faisnéise seo ar na dúshláin a chaitheann teaghlach amháin as an Úcráin a shárú agus iad ag cur fúthu in Éirinn. Déantar cur síos ar an aistear corraitheach a bhí acu ó Chív go Corcaigh agus tugtar léargas ar an éiginnteacht a bhíonn i ndán do theifigh agus iad ag éalú ó chogadh ina dtír dúcháis. Tá an saol saothraithe go maith ag an teaghlach seo de dheasca an chogaidh agus iad idir dhá thine Bealtaine.
Nasc: https://nasc.tg4.tv/Idir_Dhá_Bhaile
Siamsaíocht Fhíorasach (urraithe ag IMRO)
Téacs Taistil (Macalla Teoranta)
An tsraith taistil a thabharfaidh an lucht féachana sa mbaile ar aistear ón tolg go ceann scríbe ar leith ar feadh uair an chloig gach seachtain. Tá an triúr ar ais – Louise Cantillon, Séaghan Ó Súilleabháin and Proinsias Ó Coinn agus mura bhfuil siad siúlach scéalach! Is sraith spraíúil ghéimiúil eile a bheidh sa dara sraith seo ina dtabharfaidh na cairde faoi dhúshláin agus eachtraí nua le cúnamh a lucht leanta ar na meáin shóisialta agus Google ar ndóigh!
Nasc: https://nasc.tg4.tv/Téacs-Taistil-2
Siamsaíocht (urraithe ag Piranha Bar)
CUMASC: Seisiúin sa Black Gate (Black Gate Productions)
An dara sraith de CUMASC: Seisiúin sa Black Gate. Sraith 12 chlár ina dtugtar oirfidigh as Éirinn agus ó thar lear le chéile chun tabhairt faoi chomhar agus faoi chumasc ceoil. Casfar píosa nua ceoil ag deireadh gach cláir – toradh an chomhair idir plúr na n-ealaíontóirí.
Nasc: https://nasc.tg4.tv/Cumasc-2
Clár Beochana & Páistí (urraithe ag Element First)
Lí Ban (Paper Owl Films)
Céard a tharla do Lí Ban gur iompaíodh isteach ina maighdean mhara í agus gur iompaíodh a madra Con isteach ina mhadra uisce? Téann Lí Ban agus Con ag eachtraíocht faoi uisce trí dhomhan na bhfinscéalta Ceilteacha. Casfar déithe, ollphéisteanna, fathaigh agus caimiléirí orthu agus iad ag iarraidh fáil amach faoin méid a tharla dóibh. Cé a scrios an baile orthu? Cé hí Lí Ban i ndáiríre? Insítear finscéalta faoi áiteanna atá (beagnach) ligthe i ndearmad.
Nasc: https://nasc.tg4.tv/Lí-Ban
Dúirt Mary Ellen Ní Chualáin, Bainisteoir Coimisiúnaithe TG4: “Táimid thar a bheith mórtasach faoi aitheantas a bheith á thabhairt do léiriúcháin TG4 ag Gradaim RTS na hÉireann 2025. Léirítear leis na hainmniúcháin seo an réimse iléagsúil d’ábhar ardchaighdeáin a ndéanaimid ár ndícheall é a chur ar fáil, ó ábhar spéisiúil drámaíochta, cláir cúrsaí reatha ina ndéantar mionchíoradh go clúdach spóirt tarraingteach agus cláir do pháistí atá samhlaíoch agus cruthaitheach. Is léiriú é an t-aitheantas seo ar chumas, ar dhíograis agus ar phaisean chomhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha na hÉireann agus ár gcomhpháirtithe cómhaoinithe. Tá TG4 tiomanta i gcónaí do thacaíocht a thabhairt d’ábhar bunaidh Éireannach a bhfuil dáimh ag an lucht féachana leis anseo sa mbaile agus thar lear. Tréaslaímid leis na dreamanna go léir a fuair ainmniúchán agus táimid ag tnúth lena n-éachtaí a cheiliúradh oíche na ngradam.”
Teagmháil do na meáin i TG4:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie