Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Deirdre Ní Choistín ceaptha ina hArd-Stiúrthóir ar TG4

04.03.25

 

Tá sé fógartha ag Bord TG4 le cead an Rialtais go bhfuil Deirdre Ní Choistín ceaptha mar Ard-Stiúrthóir ar TG4 tar éis próiseas earcaíochta poiblí iomaíoch. Tiocfaidh sí i gcomharbacht ar Alan Esslemont atá ina Ard-Stiúrthóir ar TG4 ó 2016 agus atá ag éirí as i Mí Aibreáin 2025. Beidh sí ar an gceathrú ceannasaí ar an stáisiún ó bunaíodh é in 1996, agus an chéad bhean a ceapadh sa ról.
 

Dúirt Cathaoirleach Bhord TG4 Anna Ní Ghallachair: ‘Thar ceann an Bhoird, ba mhaith liom fáilte chroíúil a chur roimh cheapachán Dheirdre Ní Choistín mar Ard-Stiúrthóir ar TG4. Tá taithí leathan ag Deirdre ar an iliomad ról taobh istigh den eagraíocht. Chomh maith leis sin tá fís agus cáilíochtaí aici a chinnteoidh ceannasaíocht agus pleanáil straitéiseach a thabharfaidh TG4 chuig an chéad leibhéal eile feabhais agus aitheantais ar mhaithe le pobal na Gaeilge in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.

Agus ré úr do TG4 ag toiseacht le ceapachán Dheirdre, ba mhaith liom aitheantas agus buíochas a thabhairt do Alan Esslemont, an tArd-Stiúrthóir reatha, as an mhéid atá bainte amach aige le foireann TG4 le os cionn ocht mbliana. Mar Ard-Stiúrthóir, léirigh Alan sárcheannasaíocht agus fís chruthaitheach a chuir craoltóireacht agus scannánaíocht na Gaeilge ar ardán idirnáisiúnta agus a d’fhág gur eiseamláir chultúrtha a chur chuige do mheáin na mionteangacha sa bhaile agus thar lear.’
 

Tá Deirdre ina Ceannaire Nuachta agus Cúrsaí Reatha TG4 ó 2022, i bhfeighil ar straitéis agus fís nuachta a fhorbairt do TG4. Tá sí ina hEagarthóir ar Iniúchadh TG4 agus ar Nuacht Cúla4 chomh maith. Tá sí ag obair le TG4 le cúig bliana fichead. Thosaigh Deirdre ag obair le TG4 in 1999, go gairid tar éis don chainéal athbhrandáil ó TnaG go TG4. Tá taithí fhairsing aici ar gach gné den stáisiún. Chaith sí ceithre bliana déag mar Léiritheoir & Stiúrthóir ar chláracha ar nós 7 Lá, Comhrá, agus Róisín. Bhunaigh sí MOLSCÉAL, an t-ardán ar líne do phobal na Gaeilge in 2017. Mar Bhainisteoir Cumarsáide ag TG4 ó 2019 go 2022 chuir sí straitéis cumarsáide nua ilardáin i bhfeidhm a chuir le clú TG4.
 

Tógadh Deirdre i gCill Choca, Co. Chill Dara, an duine is sine de chúigear. Is as An Rinn dá hathair John Joe agus as Co. Cheatharlach dá máthair Betty. D’fhreastail sí ar bhunscoil lán-Ghaeilge nua-bhunaithe, Scoil Chearbhaill Uí Dhálaigh i Léim an Bhradáin, Co. Chill Dara agus ar an meánscoil in Iarbhunscoil Mhá Nuad. Bhain sí céim amach sa Ghaeilge agus sa Fhraincis i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath in 1998 sular thug sí faoin Ard-Dioplóma i gCumarsáid Fheidhmeach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Bronnadh céad onóracha uirthi anuraidh i gCéim Mháistreachta sa Ghnó, sa Straitéis Ardleibhéil, Ceannaireacht agus Nuálaíocht ó Coláiste na hOllscoile Corcaigh / Irish Management Institute.
 

Tá cónaí ar Dheirdre lena fear céile Breandán Ó Conláin agus a gceathrar mac atá á dtógáil le Gaeilge sa Spidéal i gConamara.
 
Dúirt Deirdre Ní Choistín: ‘Is cúis áthais agus pribhléid dom é a bheith ceaptha mar Ard-Stiúrthóir ar TG4. Tá mo chroí i TG4 ó bunaíodh é in 1996 agus mé fós ar an ollscoil. In am cinniúnach i gcraoltóireacht na Gaeilge, táim ag tnúth le TG4 a ullmhú don todhchaí in éineacht leis an bhfoireann, trí bhéim a chur ar an gcruthaitheacht a chumasú, freastal ar mhianta an lucht féachana ar gach ardán, agus bonn láidir a chur faoin earnáil léiriúcháin, i gceantair Ghaeltachta ach go háirithe.’

 

Teagmháil do na meáin i TG4:

Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie


Cuir aithne orainn: