Preas
Cuirfidh TG4 tús le Clúdach ar Phríomhroinn Shacar na mBan an Deireadh Seachtaine seo ar Sacar Beo
07.03.25
Le tús á chur le clúdach an chainéil ar Phríomhroinn SSE Airtricity na mBan an deireadh seachtaine seo ar Sacar Beo, beidh níos mó aicsean ó shacar na mban ag TG4 ná mar a chur riamh cheana. 14 chluiche ar an iomlán ó shacar na mban a bheidh le craoladh beo an séasúr seo, agus TG4 ag leanúint dá dhílseacht ardán a thabhairt do spórt na mban.
I measc chlúdach na bliana seo beidh 13 chluiche ó Phríomhroinn na mBan, sin méadú ón 12 chluiche a craoladh an séasúr seo caite, chomh maith le Corn Uile-Oileáin na mBan a bheidh ar siúl i mí Lúnasa.
Cuirfear tús leis an aicsean Dé Sathairn an 8 Márta, ag 4.25pm leis na seaimpíní reatha Athlone Town AFC ag tabhairt aghaidh ar Wexford FC sa mbaile i Staid Bhaile Átha Luain.
Tá na chéad ceithre chluiche a bheidh le craoladh deimhnithe anois ag TG4:
- Babhta 1: Athlone Town AFC v Wexford FC – Dé Sathairn an 8 Márta 2025
- Babhta 3: Sligo Rovers FC v Waterford FC – Dé Sathairn an 22 Márta 2025
- Babhta 5: Bohemian FC v Shelbourne FC – Dé Sathairn an 12 Aibreán 2025
- Babhta 7: Cumann Sacair Ghaillimh Aontaithe v Athlone Town AFC – Dé Sathairn an 3 Bealtaine 2025
Fógrófar na cluichí eile amach anseo. Leis an gclúdach níos fairsinge seo ag cur le réimse iontach an chainéil de chomórtais na mban, a bhíonn ag méadú i gcónaí, tá TG4 ag fanacht dílis dá ngealltanas aird a tharraingt ar spórt na mban.
Ná cáil aon chuid de Phríomhroinn na mBan, beo agus saorchraolta, ar TG4 amháin.
Teagmháil do na meáin i TG4:
Shane Walsh | Eagarthóir Margaíochta Spórt TG4 | shane.walsh@tg4.ie