Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Buaiteoirí Ghradam Ceoil TG4 2025 agus Comhoibriú i ndáil le 'Expo 2025 Osaka' fógartha i dTeach Uíbh Eachach

26.03.25

 
Tugadh buaiteoirí Ghradam Ceoil TG4 2025 le fios go hoifigiúil ag imeacht speisialta a bhí ar siúl i dTeach Uíbh Eachach, ar céim mhór eile chun cinn é i gceiliúradh oidhreacht shaibhir cheoil thraidisiúnta na hÉireann.
 
Anois agus é ina 28ú bliain, leanann Gradam Ceoil TG4 d’urraim a thabhairt don scoth ar fad san oirfideacht agus don tionchar cultúir is fearr i seacht gcinn de chatagóirí. Ócáid thábhachtach i bhféilire an cheoil thraidisiúnta is ea an fógra, ní hamháin mar gheall go dtugtar aitheantas d’éachtaí eisceachtúla lucht na ngradam ach go ndéantar ceiliúradh freisin ar bheogacht agus ar éagsúlacht an traidisiúin. Is eiseamláir iad lucht na ngradam seo den dúthracht agus den nuálaíocht a chinntíonn go mbeidh rath ar cheol traidisiúnta na hÉireann do na glúnta atá le teacht.
 
Is painéal neamhspleách daoine ar bronnadh an gradam roimhe seo orthu agus de dhaoine mór le rá i bpobal an cheoil thraidisiúnta a thugann faoin próiseas roghnúcháin. Ní hamháin go dtugann Gradam Ceoil TG4 aitheantas do shármhaitheas ealaíne ach cuireann sé le rath na mbuaiteoirí trína gcuid ceoil, amhránaíochta agus damhsa a chur i láthair lucht féachana domhanda trí ardáin chraoltóireachta fhairsinge TG4.
 
I mbliana, cuirtear tuilleadh leis an bhfeasacht dhomhanda ar na gradaim trí chomhoibriú le hÉirinn ag ‘Expo 2025’. Beidh Gradam Ceoil TG4 agus lucht gradam 2025 mar chuid de chlár na hÉireann ag an World Expo a bheidh ar siúl in Osaka sa tSeapáin.
 

Is iad seo a leanas buaiteoirí Ghradam Ceoil TG4 2025:

  • Gradam Ceoil TG4 2025 – Siobhán Peoples
  • Amhránaí TG4 2025 – Cathy Jordan
  • Gradam Saoil TG4 2025 – Matt Cranitch
  • Grúpa Ceoil TG4 2025 – Flook
  • Ceoltóir Óg TG4 2025 – Colm Broderick
  • Cumadóir TG4 2025 – Johnny Óg Connolly
  • Gradam Comaoine TG4 2025 – Áine Hensey

 
Beidh ceolchoirm agus searmanas bronnta Ghradam Ceoil TG4 2025 ar siúl i gCeoláras na hOllscoile, Luimneach, Dé Domhnaigh, an 4 Bealtaine. Craolfar an t-imeacht seo beo ar TG4 agus ar fud an domhain ar Sheinnteoir TG4, rud a thabharfaidh deis don lucht féachana an oíche shuaithinseach de cheol, de cheiliúradh agus de shiamsaíocht a fheiceáil. I gcuideachta bhuaiteoirí na ngradam beidh rogha d’aíonna agus láithreoirí ceoil speisialta don ócáid mhór le rá seo. Ticéid : Gradam Ceoil TG4
 
Ag labhairt dó inniu ar fhógairt fhaighteoirí an ngradam, dúirt an Tánaiste: “Tugann láithreacht na hÉireann ag Expo 2025 Osaka deis iontach dúinn an chuid is fearr d’Éirinn a chur os comhair lucht spéise idirnáisiúnta, agus áirítear leis sin ár n-oidhreacht bhríomhar cheoil a cheiliúradh. Déanaim comhghairdeas le buaiteoirí Ghradam Ceoil 2025 a chuimsíonn saibhreas agus doimhneacht cheol traidisiúnta na hÉireann, agus táim ag tnúth le hiad a fheiceáil i lár an aonaigh mar chuid dár gclár cultúir ag Expo 2025.”
 
Ag labhairt di ag an ócáid, dúirt Proinsias Ní Ghráinne, Eagarthóir Coimisiúnaithe Ghradam Ceoil TG4 “Is cúis bhróid dúinn a bheith in ann urraim a thabhairt don sárchumas sin tríd an nGradam agus ceiliúradh a dhéanamh in éineacht leis na ceoltóirí agus amhránaithe seo atá ag múnlú thodhchaí ár gcuid ceoil, amhránaíochta agus damhsa. Bliain i ndiaidh bliana, bíonn TG4 ar a dhícheall ag iarraidh cur le lucht spéise an cheoil thraidisiúnta trí chraoltaí domhanda. Cinntíonn comhoibriú na bliana seo le Expo go gcuirfear tuilleadh leis an gclúdach sin san Áise agus ar fud an domhain. Comhghairdeas ó chroí libh agus go mairfidh sibh bhur ngradaim.”
 
Tá gradaim Ghradam Ceoil TG4 á meas le fada mar phríomhghradaim an cheoil thraidisiúnta, agus léiríonn buaiteoirí na bliana seo an cumas agus an dúthracht atá i measc phobal ceoil na hÉireann. Cinntíonn a dtionchar go leanann an traidisiún de bheith ag forbairt agus de bheith faoi bhláth ar bhealach a thugann onóir don am atá caite cé go bhfuiltear ag féachaint i dtreo na todhchaí.
 
Cruthaíonn rannpháirtíocht Ghradam Ceoil TG4 i gclár na hÉireann le haghaidh Expo 2025 Osaka deis speisialta chun ceol traidisiúnta na hÉireann a chur chun cinn i measc lucht spéise sa tSeapánach agus ar fud an domhain. Tá ról tábhachtach ag an Expo Domhanda chun an domhan a thabhairt le chéile go tráthrialta. Beidh an t-imeacht ar siúl idir Aibreán agus Deireadh Fómhair 2025 agus táthar ag súil go meallfaidh sé 28 milliún cuairteoir.
 
Leanann rannpháirtíocht na hÉireann ag Expo cur chuige uile-rialtais, le comhoibriú idir Ranna Rialtais, gníomhaireachtaí stáit, comhlachtaí agus institiúidí cultúir náisiúnta, arna chomhordú ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.
 
Tá tuilleadh eolais faoi láithreacht na hÉireann ag Expo 2025, lena n-áirítear an clár cultúir, le fáil ar www.ireland.ie/expo
 
 

Teagmháil do na meáin i TG4:

Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie
Linda Ní Ghríofa | Eagraí Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: