Preas
An lámh in uachtar ag TG4 le 20 Ainmniúchán faighte ag Gradaim Acadamh Scannán agus Teilifíse na hÉireann (IFTA) 2025
Éacht dochreidte déanta ag an scannán Kneecap agus an líon is mó ainmniúchán IFTA riamh le haghaidh togra aonair, 17 n-ainmniúchán san iomlán, faighte aige.
14.01.25
Tá TG4 ag mórcheiliúradh inniu agus na hainmniúcháin do Ghradaim Acadamh Scannán agus Teilifíse na hÉireann (IFTA) 2025 fógartha. Chun cinn sna hainmniúcháin tá an scannán Kneecap, a bhfuil ardmholadh faighte aige ó léirmheastóirí, a bhfuil 17 n-ainmniúchán faighte aige.
Áirítear i measc na saothar suntasach eile a bhfuil ainmniúcháin faighte acu CRÁ agus Fréamhacha (Fréwaka), dhá shaothar a bhfuil aitheantas faighte acu mar gheall ar an méid ollmhór atá curtha acu le tionscal na scannán in Éirinn.
Tá éacht déanta ag na saothair seo a bhfuil 20 ainmniúchán ar an iomlán faighte acu.
KNEECAP
Tá ainmniúchán faighte ag Kneecap i gcatagóirí mór le rá éagsúla, ina measc an Scannán is Fearr, an Stiúrthóir is Fearr do Rich Peppiatt, agus an Script is Fearr. Tá ainmniúcháin faighte ag príomhaisteoirí an scannáin, J.J. Ó Dochartaigh, Liam Óg Ó hAnnaidh agus Naoise Ó Cairealláin, as a gcuid aisteoireachta den scoth sa scannán. Tá ainmniúcháin faighte freisin ag Michael Fassbender, Fionnuala Flaherty, Simone Kirby, agus Jessica Reynolds as a gcuid ról tacaíochta. Tá aitheantas faighte ag éachtaí teicniúla an scannáin le hainmniúcháin faighte i leith Roghnú na nAisteoirí, don Chineamatagraíocht, Dearadh Feistis, Dearadh Léiriúcháin, Gruaige agus Smideadh, Fuaim agus Eagarthóireacht.
Is é TG4 comhpháirtí craolacháin KNEECAP agus is éard a dúirt Proinsias Ní Ghráinne, Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4, “Is léiriú iad na 17 ainmniúchán dochreidte seo atá faighte ag Kneecap i gcatagóirí amhail an scannán is fearr agus i gcatagóirí éagsúla taibhiúcháin agus ceirde ar an gcainéal cruthaitheach cumhachtach atá ag an nGaeilge agus ag an tionscal léiriúcháin Gaeilge sa lá atá inniu ann. Is mór an phribhléid do TG4 é a bheith páirteach i rath domhanda Kneecap agus tá ríméad orainn go mbeidh a áit féin in Éirinn ag an scéal thar a bheith Éireannach seo ar TG4 go ceann blianta fada. Comhghairdeas Kneecap, ó neart go neart.”
CRÁ
Tá ainmniúchán don Drámaíocht is Fearr faighte ag CRÁ, sraith a bhfuil an lucht féachana curtha faoi gheasa aici lena dúrún dúnmharaithe mealltach atá tarlaithe faoin tuath in Éirinn.
Cuirtear tús le fiosrúchán dúnmharaithe nuair a aimsítear corp mháthair an Gharda áitiúil, Conall Ó Súilleabháin, i bpoll portaigh. Cuirtear cosc ar Chonall oibriú ar an gcás, ach beag an baol go stopfaidh sé sin é. Socraíonn Ciara-Kate, iriseoir óg, podchraoladh a dhéanamh faoin gcás idir an dá linn. Is gearr go dtuigeann Conall go bhfuil Ciara-Kate in ann daoine nach bhfuil sásta labhairt le lucht an fhiosrúcháin oifigiúil a mhealladh chun labhairt léi. Má tá Conall ag iarraidh an dlí a chur ar dhúnmharfóir a mháthar, níl aon rogha aige ach dul i bpáirt leis an iriseoir seo. Cuireann a bhfiosrúchán ar chosán contúirteach iad agus ní fada go mbíonn amhras orthu faoin gcóras dlí.
Nasc: https://nasc.tg4.tv/CRÁ
FRÉAMHACHA – FRÉWAKA (teideal idirnáisiúnta)
Tá ainmniúcháin faighte ag Fréamhacha don Chineamatagrafaíocht agus don Cheol Bhunaidh, rud a thugann ardán do ghnéithe físe agus fuaime den scoth an scannáin. Is iad Clare Monnelly, Bríd Ní Neachtain agus Aleksandra Bystrzhitskaya príomhaisteoirí an scannáin. Is í Aislinn Clarke a bhí i mbun stiúrtha. Cuirtear an cúramóir Shoo ag obair i sráidbhaile scoite ina labhraítear Gaeilge chun aire a thabhairt do bhean a bhfuil faitíos uirthi a teach a fhágáil. Tá faitíos freisin uirthi roimh na comharsana agus roimh na Sídhe, neacha scáfara ón mbéaloideas a gcreideann sí a d’fhuadaigh í féin blianta fada roimhe sin.
Arna léiriú ag Dermot Lavery do DoubleBand Films (Doineann) agus ag Patrick O’Neill do Wildcard, maoiníodh FRÉAMHACHA faoin scéim Cine4, le tacaíocht ó TG4, Fís Éireann, Coimisiún na Meán agus Alt 48, an scéim chéanna faoinar maoiníodh an scannán Gaeilge An Cailín Ciúin, a fuair ainmniúchán ag Gradaim Oscar.
Brendan Gleeson’s Farewell to Hughes’s
Tá Brendan Gleeson’s Farewell to Hughes’s, a craoladh ar TG4 i rith na Nollag ainmnithe do Ghradam Fadchlár Faisnéise George Morrison. Déantar ceiliúradh sa scannán ar oidhreacht tí tábhairne i mBaile Átha Cliath a raibh an-tóir ag daoine air agus ar an tionchar ollmhór a bhí aige ar cheol traidisiúnta na hÉireann.
Nasc: https://nasc.tg4.tv/Brendan_Gleesons_Farewell_to_Hughes
Is iontach an lá é seo do scannáin agus do chláir Ghaeilge, agus do TG4 ar ndóigh. Is léiriú é an t-aitheantas atá faighte ag na scannáin agus cláir faisnéise seo ag Gradaim Acadamh Scannán agus Teilifíse na hÉireann (IFTA) 2025 ar na daoine cumasacha agus cruthaitheacha atá ag obair i dtionscal scannán na hÉireann.
Dúirt Mary Ellen Ní Chualáin, Bainisteoir Coimisiúnaithe TG4: “Tá TG4 thar a bheith bródúil as an aitheantas atá faighte ag ár gcuid clár agus scannán Gaeilge do Ghradaim IFTA na bliana seo. Leis na hainmniúcháin seo, déantar ceiliúradh ar na daoine ardchumasacha seo atá ag obair sa chúlra in earnáil scannánaíochta na hÉireann agus tugtar ardán do tharraingteacht dhomhanda scéalta na tíre seo. Comhghairdeas le gach dream a fuair ainmniúchán—is iontach an gaisce é seo d’earnáil scannán agus teilifíse na Gaeilge.”
Ní hamháin go leagann na hainmniúcháin seo béim ar shaothar den scoth na ndéantóirí scannán agus na n-aisteoirí ach treisíonn siad an tábhacht atá leis an scéalaíocht i dtaobh chultúr na hÉireann a chaomhnú agus a chur chun cinn. Tá mórtas ar TG4 a bheith páirteach sa gceiliúradh seo ar thionscal scannánaíochta na hÉireann agus táimid ag tnúth go mór leanúint leis an tacaíocht a thugaimid do scoth na ndaoine cumasacha in Éirinn agus leanúint d’ardán a thabhairt dóibh.
Tá aird á tarraingt ag scannáin Ghaeilge ar an ardán domhanda, agus Kneecap ag feitheamh ar nuacht faoi láthair i dtaobh ainmniúcháin BAFTA agus Oscar. Daingníonn an t-aitheantas idirnáisiúnta seo tuilleadh tionchar agus tábhacht na Gaeilge agus scannánaíocht na Gaeilge ar fud an domhain.
Fógrófar na buaiteoirí ag Searmanas Ghradaim IFTA, 22ú bliain na ngradam, Dé hAoine an 14 Feabhra in Ionad Comhdhála Ríoga Bhaile Átha Cliath.
Teagmháil do na meáin i TG4:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie
Linda Ní Ghríofa | Eagarthóir Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie