Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Vóta 2024 - Beochlúdach TG4 ar thorthaí na dToghchán Áitiúil agus Eorpach 2024

05.06.24


Pic: Siún Nic Gearailt & Eimear Ní Chonaola – creidiúint Martina Regan

 

Déanfaidh TG4 craoladh beo ar thorthaí na dToghchán Áitiúil agus Eorpach ar an gclár Vóta 2024 Dé Sathairn an 8 Meitheamh idir 12-2pm agus arís tráthnóna ón 7:15pm agus Dé Domhnaigh an 9 Meitheamh ón 12-1pm agus ar Nuacht TG4 ón 7pm.
 
Beidh iriseoirí Nuacht TG4 beo ó na hionaid chomhairimh ar fud na tíre agus déanfaidh polaiteoirí agus tráchtairí eolasacha anailís ghéarchúiseach ar na gnéithe is suntasaí sna toghcháin ó stiúideo TG4.
 
Is iad Eimear Ní Chonaola agus Siún Nic Gearailt, láithreoirí Nuacht TG4, a chuirfidh na cláir i láthair agus ina dteannta beidh Iar-Cheannaire Fhine Gael, Alan Dukes, Éamon Ó Cuív T.D., Fianna Fáil, Mairéad Farrell T.D., Sinn Féin, An tOllamh Emeritus Gearóid Ó Tuathaigh, Iarrthóir Uachtaránachta 2018 agus Toiréasa Ferris, Iar-Chomhairleoir de chuid Sinn Féin agus Iar Aire-Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley.
 
Beidh clúdach leanúnach againn an deireadh seachtaine ar fad ar na meáin shóisialta ar Facebook, X agus Instagram.
 
#Vóta24
 

 
 

Teagmháil do na Meáin:

Linda Ní Ghríofa | Eagraí Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: