Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

TG4 chun Cluichí Leathcheannais Shraith Idirchúige Peile CLG Allianz a chraoladh

Dé hAoine 18 Deireadh Fómhair 5:30i.n. ar TG4

14.10.24

 

Tá ríméad ar TG4 a fhógairt go mbeidh sé ag craoladh Chluichí Leathcheannais Shraith Idirchúige Peile CLG Allianz beo Dé hAoine an 18 Deireadh Fómhair. Tabharfar deis leis an tsraith seo don lucht tacaíochta na rialacha nua atá beartaithe don Pheil Ghaelach a fheiceáil ag obair, atá tugtha isteach ag an gCoiste Athbhreithnithe Peile, a bhfuil Jim Gavin ina chathaoirleach air. Is é seo an chéad uair a bheidh na hathruithe ar na rialacha atá beartaithe á dtaispeáint do lucht féachana náisiúnta.
 
Áirítear ar na hathruithe nuálacha seo an “an cos go lámh agus coinnigh ort”, ina mbeidh imreoirí a bhfuil feall déanta orthu ábalta leanúint orthu gan aon chic saor a thógáil, ardóidh luach an chúil ó thrí phointe go dtí ceithre phointe, “3/3 Thuas/Thíos” áit a mbeidh triúr imreoirí ar laghad ón dá fhoireann i gcónaí taobh istigh de gach líne 65 méadar mar aon le hathruithe eile. Is féidir liosta iomlán de na hathruithe ar na rialacha a fháil ar gaa.ie.
 
Ag labhairt dó le Spórt TG4 Déardaoin, dúirt Jim Gavin: “Beidh na feabhsuithe atá beartaithe do na rialacha á gcur i bhfeidhm anseo i bPáirc an Chrócaigh i Sraith Idirchúige Allianz a bheidh á chraoladh ag TG4 Dé hAoine an 18 Deireadh Fómhair, ar lá mór tábhachtach a bheidh ann do thabhairt chun cinn rialacha na Peile Gaelaí. Beidh i bhfad níos mó cic-phasanna, scóranna ó i bhfad amach, scóráil cúl, gabháil ard agus cruthaitheacht ó dhuine go duine. Is éard a bheidh le feiceáil ag duine ar bith a bheidh ag féachaint ar GAA Beo an 18 Deireadh Fómhair cluiche tapa, fuinniúil, iontach de Pheil Ghaelach. Beidh sé ar fad ag breathnú an-nádúrtha ach beidh go leor siamsaíochta ann freisin.” Agallamh iomlán ar fáil anseo.
 
Cuirfear tús le clúdach TG4 ag 5:30 pm leis an gcéad chluiche leathcheannais á chraoladh ag 6:00 pm, nuair a thabharfaidh Cúige Laighean, faoi bhainistíocht Dessie Dolan, aghaidh ar Chúige Chonnacht faoi stiúir Phádraic Joyce. Beidh an dara cluiche leathcheannais ar siúl ag 8:00 pm, le Cúige Mumhan, faoi stiúir John Cleary, ag tabhairt aghaidh ar fhoireann Uladh Kieran Donnelly. Tá liostaí na n-imreoirí, ar a mbeidh réaltaí éagsúla idirchúige, fós le fógairt.
 
Sceideal TG4 Dé hAoine an 18 Deireadh Fómhair

  • Clúdach TG4 ag Tosú – 5:30 pm
  • Cúige Laighean v Cúige Chonnacht – 6:00 pm
  • Cúige Mumhan v Cúige Uladh – 8:00 pm

 
Bí ag féachaint ar TG4 Dé hAoine an 18 Deireadh Fómhair do thráthnóna mór iontach de scoth na Peile Gaelaí, agus feicfidh sibh todhchaí an chluiche ag tarlú leis na hathruithe stairiúla seo ar na rialacha á gcur i bhfeidhm.

 

 

 

Teagmháil i TG4 do Lucht na Meán:
Shane Walsh | Eagarthóir Margaíochta Spórt TG4 | shane.walsh@tg4.ie


Cuir aithne orainn: