Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

TG4 ag Treabhadh leis le Fuinneamh Gréine: Ar Thús Cadhnaíochta i gCraoltóireacht Inbhuanaithe

23.10.24

 

Tá dul chun cinn suntasach déanta ag TG4 i dtreo craoltóireacht inbhuanaithe trí chumhacht na gréine a chomhtháthú ina soláthar fuinnimh. Cé nach n-oibríonn TG4 ar fhuinneamh gréine amháin, cuireann cumhacht na gréine lena úsáid leictreachais i rith an chuid is mó den bhliain agus tá sé fiú de chumas aige rith go hiomlán ar chumhacht na gréine.

Is éard a dúirt Neil Keaveney, Stiúrthóir Teicneolaíochta TG4, “Táimid fíorbhródúil go bhfuilimid ag déanamh ár gcuid féin i dtreo craoltóireacht atá go hiomlán inbhuanaithe a bhaint amach. Cuireadh eagar gréine 100kW leis le déanaí, agus mar gheall air sin tá sé anois de chumas againn an stáisiún a chumhachtú le fuinneamh in-athnuaite amháin. Go deimhin, bhí roinnt uaireanta an chloig ann le cúpla seachtain anuas ar éirigh leis an stáisiún feidhmiú gan cumhacht ar bith a tharraingt ón eangach. Tá súil againn gur ionann sin agus caighdeán nua don tionscal.”
 

Fad agus Suiteáil an Tionscadail:

Thóg sé 7 mí cur chun feidhme an tionscadail a chur i gcrích, agus thóg an obair ar an láthair 6 seachtaine. Mar gheall go bhfuil an talamh a bhfuil ceanncheathrú TG4 lonnaithe air leochaileach, tugadh faoi phróiseas suiteála an-íogair ar fad chun caomhnú na timpeallachta áitiúla a chinntiú. In ainneoin tír-raon dúshlánach, lena n-áirítear talamh portaigh na háite, d’éirigh le TG4 agus EnergieXPro cloí leis na sonraíochtaí agus na riachtanais go léir a theastaigh chun deonú an chead pleanála a chomhlíonadh.
 

Comhoibriú le EnergieXPro:

D’éirigh le hiarrachtaí inbhuanaitheachta TG4 trína chomhpháirtíocht rathúil le EnergieXPro, ceann de na suiteálaithe grianphainéal tráchtála is forásaí in Éirinn agus ceannaire i gcórais stórála ceallraí. Shuiteáil EnergieXPro Córas Fótavoltach Gréine 100.70 kWp atá Feistithe ar an Talamh ag ceanncheathrú TG4 i gConamara, rud a chabhraigh leis an stáisiún a lorg carbóin a laghdú go suntasach.

Is éard a dúirt Ger Barry, ionadaí ó EnergieXPro, “Ba mhór an tairbhe é a bheith ag obair i gcomhpháirtíocht le TG4 ar an tionscadal ceannródaíoch gréine seo. Trí theicneolaíocht cheannródaíoch gréine a chomhtháthú le tiomantas TG4 don inbhuanaitheacht, tá tagarmharc nua á leagan síos againn maidir le héifeachtúlacht fuinnimh sa tionscal craolacháin. Ní hamháin go leagtar béim san obair i gcomhar sin ar acmhainneacht an fhuinnimh in-athnuaite ach leagtar béim ann freisin ar a thábhachtaí atá réitigh nuálacha chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Táimid ag tnúth le leanúint lenár gcomhpháirtíocht le TG4 agus todhchaí na craoltóireachta inbhuanaithe a chur chun cinn.”

Tá roinnt tionscadal curtha i gcrích ag EnergieXPro i gceantair Ghaeltachta, lena n-áirítear Tigh Ruairí ar Inis Oírr, (Oileáin Árann) Irish Sea Spray i dTír an Fhia, Leitir Móir, Co. na Gaillimhe, agus anois ag TG4, agus tá tuilleadh tionscadal beartaithe. Leagann an obair a dhéanann siad i margaí áitiúla agus idirnáisiúnta araon – lena n-áirítear tionscadail leanúnacha atá ar bun acu in Éirinn, sa tSairdín agus sna hOileáin Fhilipíneacha – béim ar an ról atá acu cur le hinbhuanaitheacht agus le caomhnú comhshaoil ar fud an domhain.

Níl i dtionscadal TG4, atá mar chuid de chomhoibriú leanúnach, ach an chéad chéim i dtionscnaimh inbhuanaitheachta a bheidh ar siúl amach anseo. Tá EnergieXPro tiomanta do leanúint lena gcomhpháirtíocht le TG4, trína gcinnteofar go spáráilfear fuinnimh agus trína gcinnteofar inbhuanaitheacht fuinnimh ar bhonn fadtéarmach trína modúil fhótavoltacha ardfheidhmíochta.
 

Mionsonraí an Chórais agus Tionchar Inbhuanaitheachta

Táthar ag súil go dtiocfaidh laghdú thart ar 51.4 tonna in aghaidh na bliana ar astaíochtaí carbóin TG4 mar gheall ar an gCóras Fótavoltach Gréine 100.70 kWp atá Feistithe ar an Talamh atá suiteáilte. Is ionann an laghdú sin agus idir 1,550 agus 2,330 crann a chur gach bliain.
 

Ar Thús Cadhnaíochta in Inbhuanaitheacht Chomhshaoil

Mar chuid dá thiomantas d’inbhuanaitheacht chomhshaoil, tá spriocanna uaillmhianacha leagtha síos ag TG4 chun éifeachtúlacht fuinnimh 50% agus laghdú 50% ar astaíochtaí CO2 a bhaint amach faoin mbliain 2030. Tá an stáisiún ag giniúint 5% dá chuid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite cheana féin, arb ionann é agus 300,000 kWh agus ag laghdú astaíochtaí CO2 faoi 104,000 kg in aghaidh na bliana. Is céimeanna tábhachtacha iad suiteáil an bhailitheora painéil ghréine ag ceanncheathrú TG4, mar aon le tionscnaimh eile amhail uasghrádú chuig soilse LED, i dtreo na spriocanna sin a bhaint amach.
 

Ailíniú le Spriocanna Aeráide na hÉireann

Tá an úsáid a bhaineann TG4 as fuinneamh gréine ag teacht le Creat um Ghníomhú ar son na hAeráide na hÉireann agus lena rannpháirtíocht i gcóras tuairiscithe Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI). Trí bheith ar thús cadhnaíochta i nglacadh le teicneolaíochtaí glasa, tá TG4 ag cuidiú le todhchaí níos inbhuanaithe a mhúnlú d’Éirinn agus don Eoraip, a léiríonn ceannaireacht an chraoltóra i nuálaíocht chomhshaoil.
 

 

 

Chun tuilleadh eolais a fháil ar thionscnaimh inbhuanaitheachta TG4 déan teagmháil le:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie


Cuir aithne orainn: