Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

TG4 ag Fleadh Cheoil na hÉireann 2024

02.08.24


Méara Loch Garman George Lawlor le láithreoirí Fleadh24 Freda Nic Giolla Chatháin, Fiona Ní Fhlaithearta, Aoife Ní Thuairisg, Peadar Ó Goill, Doireann Ní Glacáin

 
Físeán YouTube: Fleadh24
Pictiúrí ar fáil le h-íósloadáil anseo: https://we.tl/t-CCJIenawMJ Buíochas Melissa Mannion
 
 

TG4 ag Fleadh Cheoil na hÉireann 2024

Beo ar TG4 & www.tg4.ie

8 – 11 Lúnasa 2024

Fleadh24

Fleadh 24- Láithreoirí Peadar Ó Goill, Aoife Ní Thuairisg & Doireann Ní Ghlacáin

Beidh Fleadh24 i gcroílár Fhleadh Cheoil na bliana seo agus craolfar ceithre oíche de léirithe iontacha agus de shiamsaíocht bheo ó cheithre stáitse i Sráidbhaile Teilifíse TG4 a bheidh lonnaithe i gCé an Chorráin i mBaile Loch Garman. Craolfar Fleadh24 beo gach oíche ó 21:30 i.n. ar TG4 agus ar fud na cruinne ar TG4.ie agus is iad Doireann Ní Ghlacáin, Aoife Ní Thuairisg agus Peadar Ó Goill a chuirfidh an clár i láthair. Bígí linn, bígí páirteach sa léiriú agus bainigí taitneamh as scoth na gceoltóirí Éireannacha agus idirnáisiúnta. Cuirfear na ceoltóirí cumasacha is mó a bhfuil tóir orthu ó chomórtais na Fleidhe os comhair an phobail. Is é TG4 urraitheoir meán cumarsáide Fhleadh Cheoil na hÉireann.
 
Fleadh24 – Déardaoin – Dé Domhnaigh, 8 – 11 Lúnasa – 21.30 i.n. gach oíche. Arna léiriú ag Power Pictures.
Beo ó Ché an Chorráin ar TG4 & TG4.ie

 

Fleadh 24 – Na Comórtais


Láithreoirí Freda Nic Giolla Chatháin & Fiona Ní Fhlaithearta

Fleadh24 – Na Comórtais: Déanfaidh TG4 i gcomhar le Fleadh Cheoil na hÉireann agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann comórtais bheo a shruthú ón Aoine go dtí an Domhnach (9-11 Lúnasa), agus cuirfear clabhsúr leis an gcraoladh le comórtas Bannaí Céilí na Sinsear tráthnóna Dé Domhnaigh beo ó Chruinneachán na Fleidhe. Fiona Ní Fhlaithearta agus Freda Hatton a chuirfidh na comórtais i láthair beo ó Bhunscoil na Toirbhirte agus ó Chruinneachán na Fleidhe. Beifear ábalta na comórtais a fheiceáil beo ar TG4.ie agus ar Fleadhcheoil.ie. Lean @TG4TV chun tuilleadh eolais a fháil faoin ábhar a bheidh á shruthú. Arna léiriú ag Omedia.

 

Cúla4


Láithreoir Niamh Ní Chróinín

Tapaigh do dheis! Beidh Cúla4 agus Niamh Ní Chróinín ar shráideanna Loch Garman le linn Fhleadh na bliana seo, ó mheán lae Dé hAoine an 9 Lúnasa agus ó mheán lae Dé Sathairn an 10 Lúnasa. Beidh stáitse soghluaiste leo chun go mbeidh deis agat do chumas ceoil, amhránaíochta, damhsa nó go deimhin aon bhua eile atá agat a chur os comhair an tslua ar an lá agus ar líne fiú mar go mbeidh na sárthaispeántais á dtaifeadadh agus á gcraoladh ar chainéil meán sóisialta Cúla4. Gheobhaidh gach duine a ghlacfaidh páirt mála féiríní ó Cúla4 freisin.

  • Cúla4 – Dé hAoine an 9 Lúnasa ó mheán lae ar aghaidh | Sráideanna Loch Garman
  • Cúla4 – Dé Sathairn an 10 Lúnasa ó mheán lae ar aghaidh | Sráideanna Loch Garman

Lean muid @TG4TV & @TradTG4 #Fleadh24
 

Tar ar do Threibh

Teangmháil do na meáin: Linda Ní Ghríófa linda.ni.ghriofa@tg4.ie 087-9172864