Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Tarraingíonn Liathróid Láimhe CLG Buaiclíon 265,000 de Lucht Féachana ar TG4 do Chraobh an Domhain 2024 sa Bháire Binne

12.09.24


 
Is cúis áthais do TG4 a fhógairt go raibh líon níos mó lucht féachana seachas mar a bhí riamh cheana ag faire ar Chraobh an Domhain 2024 O’Neills.com sa Bháire Binne agus daoine ar fud an domhain á mealladh agus á spreagadh ar Liathróid Láimhe CLG. I gcaitheamh thréimhse 8 lá, d’fhéach 265,000 duine ar chraoladh Chraobh Báire Binne an Domhain ar TG4, ionas gur neartaíodh an comórtas mar ócáid spleodrach nach mór dóibh siúd ar spéis leo spórt féachaint air.
 
Tharraing an craobhchomórtas, a ndearnadh sruthchraoladh beo air ar feadh 6 lá ar chainéal YouTube Spórt TG4, aird mhór agus bhí 108,000 duine ag faire ar chraoladh beo na gcluichí. Bhí 24,000 duine sa bhreis ar an líon sin ag breathnú ar an aicsean ar atráth. Ba rí léir go raibh spéis san imirt ar fud an domhain agus bhí daoine as 38 tír ag faire, 30,000 as an Ríocht Aontaithe agus 19,000 as Stáit Aontaithe Mheiriceá ina measc.
 
Ar lá na gcluichí ceannais a tarraingíodh buaiclíon lucht féachana agus bhí 32,000 de lucht leanúna an spóirt ag faire ar an ábhar craolta Dé hAoine. I rith Chluiche Ceannais na bhFear, idir Nazir Marston agus Timothy Gonzalez, beirt as Stáit Aontaithe Mheiriceá, a bhí an líon ba mhó uilig lucht féachana, rud a léiríonn go soiléir an borradh atá go hidirnáisiúnta faoin spéis sa spórt seo.
 
Lean an spéis taobh amuigh den chraoladh beo le buaicphointí ó Chorn Báire Binne an Domhain ar an gclár GAA Handball – Liathróid Láimhe Dé Luain ar TG4. Tharraing an clár sin 88,500 duine de lucht féachana, le meánlíon 18,400 ar feadh an chláir ar fad, ag treisiú arís eile leis an aird a tharraingíonn an lón ábhair maidir le liathróid láimhe ar TG4.
 
Ó thús na bliana 2024, tá ardú go dtí beagnach 450,000 duine ar lucht féachana Spórt TG4 d’ábhar liathróid láimhe, ar an lucht féachana don sruthchraoladh beo (202,000) agus don chraoladh teilifíse (244,000) a áireamh. Chomh maith leis na huimhreacha suntasacha sin, breathnaíonn idir 100,000 agus 200,000 duine ar ghearrfhíseáin ar na meáin shóisialta den aicsean ag cluichí craoibhe agus comórtais eile liathróid láimhe. Ar cheann de bhuaicphointí na bliana ar na meáin shóisialta, tá físeán de Paul Brady a scaip ar luas mire i mí Márta, ghearrfhíseán a breathnaíodh 72,000 uair ar Instagram.
 
“Is díol suntais a fheabhas a d’éirigh le Craobh Báire Binne an Domhain i mbliana agus is iontach an lucht féachana a mealladh chuige,” arsa Rónán Ó Coisdealbha, Ceannasaí Spóirt TG4. “Tá borradh tréan faoi spéis daoine i Liathróid Láimhe CLG agus tá an-rath, maidir le leathnú ar an lucht féachana don spórt seo, ar chomhar TG4 le Liathróid Láimhe CLG. Táthar ag tnúth go mór le Craobh an Domhain sa Phinniúr 40×20 i mí Dheireadh Fómhair agus é á thuar againn go leanfar den fhorás.”
 
Is léiriú eile arís an comhar den rath seo idir TG4 agus Liathróid Láimhe CLG ar a thugtha atá TG4 d’ábhar spóirt de scoth an domhain a chur ar fáil is ábhar spéise don lucht féachana ar fud an domhain. De réir mar a leanann an borradh maidir le spéis sa liathróid láimhe, tá TG4 i mbun ceannródaíochta i gcónaí i gcraoltóireacht spóirt ionas go mbíonn sáraicsean imreoirí Liathróid Láimhe CLG le feiceáil ag an lucht leanúna ar fud an domhain.

 

 

Teagmháil do na Meáin:
Shane Walsh | Eagarthóir Margaíochta Spóirt | shane.walsh@tg4.ie


Cuir aithne orainn: