Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Tá TG4 ag ceiliúradh uimhreacha thar barr lucht spéise maidir lena chlúdach ar an bhFleadh Cheoil

Ó fhíseáin a ndearnadh mearscaipeadh orthu go dtí ábhar a bheith á shruthú ar fud an domhain, tá TG4 ag ceiliúradh uimhreacha thar barr lucht spéise maidir lena chlúdach ar an bhFleadh Cheoil

24.09.24

 
Banna Céilí – Beartla Ó Flatharta ar Instagram

Leo Earley ar TikTok

Dan McCabe ar Instagram
 

Tá an-áthas ar TG4 a thuairisciú gur bhain sé uimhreacha thar barr lucht spéise amach ar a chuid ardán líneach agus ar líne maidir lena chlúdach ar Fhleadh Cheoil na hÉireann agus ar Fhleadh Cheoil na gCúigí i mí Iúil agus i mí Lúnasa 2024. Léiríonn na huimhreacha sin go bhfuil an tóir agus an lucht spéise trí chéile maidir leis na craoltaí beo, sruthanna na gcomórtas agus ábhar leanúnach ar na meáin shóisialta ón bhFleadh Cheoil ag dul i méid. Cuireadh tús leis an gclúdach i mí Iúil le buaicphointí ó Fhleadhanna na gCúigí, agus as sin go dtí craoladh beo ó Loch Garman ceithre oíche i ndiaidh a chéile, a raibh teacht air ar fud an domhain ar Sheinnteoir TG4, ar ardáin meán sóisialta agus ar chainéal ceoil thraidisiúnta YouTube TG4.

Dúirt an Dr Labhrás Ó Murchú, Ardstiúrthóir Chomhaltas Ceoltóirí Éireann: ‘Mar an eagraíocht is iomráití a chuireann traidisiúin chultúir na hÉireann chun cinn, tá comhpháirtíocht ar leith Chomhaltas le TG4 do Fhleadh Cheoil na hÉireann ríthábhachtach i ndáil lenár n-aidhm a bhaint amach, is é sin a chinntiú go mbeidh teacht ag an uile dhuine ar ár dtraidisiúin chultúir agus iad a choinneáil ina gcuid ardfheiceálach agus bheo dár sochaí. Tharraing na cláir iontacha tharraingteacha a léiríodh do Fhleadh 24 lucht féachana ó gach cearn den oileán agus níos faide i gcéin, rud a léiríonn an caighdeán atá ag na cláir seo agus an tóir atá ar thraidisiúin chultúir na hÉireann.’
 

Áirítear i measc na mbuaicphointí ó chláir Fhleadh Cheoil 2024 TG4:

Lucht Féachana ar an gCainéal Líneach:

Bhí níos mó ná leathmhilliún duine ag féachaint ar Fleadh24 ar líne / ar an teilifís oíche Déardaoin, agus dá bharr sin, ba é an clár Fleidhe is mó lucht féachana é ó cuireadh tús leis an tsraith ar TG4 in 2014. Oíche Déardaoin bhí ceol, amhráin agus damhsa againn ó Michael Flatley, sár-fhliúiteadóir agus cruthaitheoir Lord of the Dance, agus ó laochra móra an cheoil, Sharon Shannon, Gerry O’Connor agus Jim Murray.
 

 

Lucht Spéise ar na hardáin Shóisialta:

Bhí rannpháirtíocht shuntasach ar na meáin shóisialta in ábhar na Fleidhe Ceoil freisin, agus baineadh 6.5 milliún amharc amach trasna na n-ardán ar fad, ardú mór ó 3.7 milliún amharc in 2023. Ghin an haischlib #Fleadh24 28.5 milliún imprisean, rud a chuir borradh faoi lucht spéise agus tionchar cultúir léiriú TG4 den Fhleadh Cheoil.
 

Mír a scaip go rábach:

Mír den scoth ó chlúdach na Fleadh Cheoil a tharraing aird mhór agus a scaip go tréan ab ea físeán de Eoin Creevy agus é ag portaireacht béil. Tá 1.8 milliún radharc faighte aige ar chainéal TikTok TG4. Léiríonn an mhír seo go mór tiomantas leanúnach TG4 do thallann nua a aimsiú agus d’ardán a thabhairt do lucht taibhithe den scoth as gach réigiún in Éirinn agus ar fud an domhain nach bhfacthas cheana iad ar na hardáin meán sóisialta.

Eoin Creevy ar TikTok
 

Lucht Spéise an Ábhair Dhigitigh: Bhreathnaigh lucht féachana ó gach cearn den domhan ar Sheinnteoir TG4, lena n-áirítear daoine sa Ríocht Aontaithe, sna Stáit Aontaithe, san Fhrainc, i gCeanada, san Astráil, sa Ghearmáin, sa Spáinn, san Ísiltír, san Iodáil, agus sa tSeapáin, i measc daoine eile. Bhí an-tóir ar ábhar na Fleidhe sa Ríocht Aontaithe, le níos mó ná 4,000 amharc VOD, agus sna Stáit Aontaithe, le níos mó ná 2,000 amharc VOD ó thús mhí Lúnasa.

Is éard a dúirt Majella Bartley – Ardchláraitheoir Chomhaltas Ceoltóirí Éireann gur “trí thús a chur le sruthú a dhéanamh ar chuid dár gcomórtais ag Fleadh Cheoil na hÉireann, cuireadh ar chumas daoine ar fud líonra domhanda an Chomhaltais agus ar fud dhiaspóra na hÉireann a bheith nasctha le spleodar Fhleadh Cheoil na hÉireann. Is deis atá sa tseirbhís sruthaithe freisin do theaghlaigh agus do chairde n-iomaitheoirí nach féidir leo taisteal go dtí an Fhleadh a bheith mar chuid dá n-aistear ceoil.”
 

Rinneadh comórtais na Fleidhe Ceoil a shruthú beo ar Sheinnteoir TG4, ar sheirbhísí YouTube agus Facebook agus roinneadh iad ar leathanach Facebook Chomhaltas Ceoltóirí Éireann / na Fleidhe Ceoil, ar chainéal YouTube TG4 Trad, agus ar Sheinnteoir TG4. Seinnteoir TG4
 

Labhair Proinsias Ní Ghráinne, Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4 ar Fleadh24, faoin ríméad atá uirthi faoin bhfreagra atá faighte ar chlúdach na bliana seo, agus dúirt, “ní haon ionadh dúinn go bhfuil an meascán seo d’ealaíontóirí den scoth agus de thallann nua, nach bhfacthas roimhe seo ar an teilifís, tar éis dul i gcion go mór ar lucht féachana ar fud na cruinne. Is é ár n-uaillmhian bliain i ndiaidh bliana méadú a dhéanamh ar an bhfáil atá ar ábhar na Fleidhe Ceoil ar fud gach ardán ionas gur féidir le lucht féachana nach féidir leo taisteal chuig an áit is ansa le lucht an cheoil thraidisiúnta féachaint ar a ngaolta féin, ar a laochra ceoil agus ar an tsiamsaíocht mhór a bhaineann leis an bhFleadh Cheoil ar TG4. Táimid buíoch de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, de Choiste na Fleidhe i Loch Garman, Power Pictures, Omedia, Telegael agus Lorg Media a chuidigh linn Fleadh Cheoil na hÉireann a léiriú, a thaifeadadh agus a chraoladh ceithre oíche i ndiaidh chéile.”
 

Léiríonn Fleadh24 tiomantas TG4 do chultúr na hÉireann a cheiliúradh agus a chur chun cinn anseo sa mbaile agus go hidirnáisiúnta. Is léiriú é an rath a bhí ar chlúdach na Fleidhe ar chur chuige nuálach an chraoltóra i leith ábhar mealltach a chur ar fáil atá ábhartha do lucht féachana beag beann ar aois.
 

 

 

Teagmháil i TG4 do Lucht na Meán:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie


Cuir aithne orainn: