Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Tá scéim forbartha Cine4 ag glacadh le hiarratais le haghaidh príomhscannán anois.

10.07.24

 

  • Tá éacht déanta cheana féin ag an scéim seo a bhfuil ocht gcinn de phríomhscannáin Ghaeilge léirithe mar thoradh uirthi le cúig bliana
  • Taispeánfar Fidil Ghorm, tionscadal léiriúcháin is déanaí Cine4, don domhan den chéad uair ag Fleadh Scannán na Gaillimhe


 
Is féidir iarratais a dhéanamh ar bhabhta 2024 Cine4, an scéim forbartha le haghaidh príomhscannáin Ghaeilge, anois. Tá an tionscnamh seo cúig bliana ar an bhfód i mbliana, tionscnamh a bhfuil ocht gcinn de phríomhscannáin Ghaeilge mar thoradh air go dtí seo – agus ná déanaimis dearmad ar an éacht iontach a baineadh amach nuair a fuair An Cailín Ciúin ainmniúchán ag Gradaim Oscar in 2023.
 
Cuireadh tús leis an mbabhta iarratais le linn Fhleadh Scannán na Gaillimhe an tseachtain seo, áit ar taispeánadh Fidil Ghorm – an tionscadal is déanaí a léiríodh faoin scéim – don domhan den chéad uair. Is í Anne McCabe a bhí i mbun stiúrtha ar Fidil Ghorm agus ba í an scríbhneoir agus Laureate reatha na nÓg, Patricia Forde, a scríobh an script scannáin. Rinneadh an scannán a thaifeadadh ar an láthair i Ráth Maoláin i gCo. Dhún na nGall. Scéal é faoi Molly, atá 10 mbliana d’aois, agus atá cinnte de go mbeidh sí in ann a hathair a dhúiseacht as a chóma nuair a chastar seanfhidléir a bhfuil ‘draíocht ina chuid lámh’ uirthi – ach is gearr go dtuigeann sí gur iomaí cineál draíochta ann. Seo blaiseadh den scannán: https://vimeo.com/944498718/2d26d8b0ad
 
Beidh trí chéim i gceist le scéim Cine4 na bliana seo, agus beidh céim sa bhreis don fhorbairt san áireamh chomh maith, céim a bheidh maoinithe i gcomhar ag TG4 agus Fís Éireann. Is aitheantas é an maoiniú breise seo ar an rath ollmhór a bhí ar an tionscnamh go dtí seo, tionscnamh a bhfuil dlús curtha aige le déanamh scannán Gaeilge le blianta beaga anuas agus a bhfuil athrú cultúir cruthaithe aige i ndáil le héileamh an lucht féachana – an lucht féachana idirnáisiúnta agus sa bhaile araon – ar scannáin Ghaeilge.
 
Roghnófar suas le cúig thionscadal le haghaidh forbairt tosaigh, agus rachaidh péire acu ar aghaidh go dtí an dara babhta d’fhorbairt bhreise. Tá €25,000 breise ar fáil don chéim forbartha seo agus tá sé lánroghnach maidir le cé atá in ann leas a bhaint as. Cuirfear an dá thionscadal sin ar aghaidh ansin chun iarratas a dhéanamh ar an gcéad bhabhta léirithe cuí eile – Ciste ‘Fuaim agus Fís’ Choimisiún na Meán agus Maoiniú Léirithe Fhís Éireann.
 
Le tacaíocht ó TG4, Fís Éireann agus Coimisiún na Meán, leanann scéim Cine4 de scéalaíocht láidir, bua físiúil agus ardluachanna léiriúcháin a spreagadh don scáileán mór. Anois agus an tionscnamh ina chúigiú bliain ó bunaíodh é in 2019, tá éirithe thar barr leis ag cur dlús le scannánaíocht na Gaeilge le blianta beaga anuas agus ag tacú le hathrú cultúir i ndáil le héileamh an lucht féachana – an lucht féachana idirnáisiúnta agus sa bhaile araon – ar scannáin Ghaeilge.
 
Is féidir iarratais a dhéanamh ar bhabhta 2024 de Cine4 anois, agus beifear ag glacadh leo go dtí an 24 Deireadh Fómhair 2024.
 
Má theastaíonn tuilleadh sonraí nó tuilleadh eolais ar na riachtanais agus ar an gcaoi le hiarratas a dhéanamh uait, is féidir na treoirlínte iomlána a fháil anseo: https://www.tg4.ie/Cine4-2024

 

Teagmháil do na Meáin:

Linda Ní Ghríofa | Eagraí Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie
Sharon O’Hara | Fís Éireann | Sharon.OHara@screenireland.ie


Cuir aithne orainn: