Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Tá Ipsos B&A Coimisiúnaithe ag TG4 chun tabhairt faoi Cheithre Phobalbhreith Dáilcheantair roimh an Olltoghchán

08.11.24

Siún Nic Gearailt agus Eimear Ní Chonaola – Nuacht TG4

 

Tá an mórchomhlacht taighde margaidh Ipsos B&A coimisiúnaithe ag TG4 le tabhairt faoi cheithre phobalbhreith dáilcheantair roimh an olltoghchán.
 

Beidh na pobalbhreitheanna dírithe ar dháilcheantair ina bhfuil cúig suíocháin, is iad sin Gaillimh Thiar, Dún na nGall, Maigh Eo agus Ciarraí, ina bhfuiltear ag súil go mbeidh an toghchán an-iomaíoch agus meascán d’Airí atá in oifig, agus Teachtaí Dála reatha, chomh maith le hiarrthóirí nua ag rith sa rás. Tá sé fógartha ag roinnt daoine iomráiteacha i ngach aon cheann de na dáilcheantair nach mbeidís ag iarraidh go n-atoghfaí iad, ag tabhairt deis d’iomaitheoirí nua.
 

Fógrófar torthaí na bpobalbhreitheanna go heisiach ar Nuacht TG4 ag tosú le Gaillimh Thiar Déardaoin an 14 Samhain.

Craolfar pobalbhreith dháilcheantar Dhún na nGall Dé Máirt an 19 Samhain, craolfar pobalbhreith Mhaigh Eo Déardaoin an 21 Samhain agus craolfar pobalbhreith Chiarraí Dé Máirt an 26 Samhain.

Déanfaidh Eimear Ní Chonaola agus Siún Nic Gearailt anailís ar thorthaí gach dáilcheantair agus beidh painéalaithe agus saineolaithe ina dteannta.

 

Nuacht TG4

Gaillimh Thiar – 14 Samhain – 19:00

Dún na nGall 19 Samhain – 19:00

Maigh Eo 21 Samhain – 19:00

Ciarraí 26 Samhain – 19:00

 

Teagmháil do na meáin i TG4:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie


Cuir aithne orainn: