Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Siobhán Ní Bhrádaigh, Eagarthóir Coimisiúnaithe & Feidhmeannach Ceannachán TG4 / Cúla4, Roghnaithe ina Moltóir do Ghradaim Kidscreen 2025

10.10.24

 

Tá ríméad ar TG4 a fhógairt go bhfuil Siobhán Ní Bhrádaigh, Eagarthóir Coimisiúnaithe agus Feidhmeannach Ceannachán ar Ábhar do Leanaí TG4 agus Cúla4, roghnaithe ina moltóir do na gradaim mór le rá, Gradaim Kidscreen 2025. Is léiriú é an roghnúchán seo ar shaineolas agus ar cheannaireacht Shiobhán i gclársceidealú do leanaí agus i gcruthú ábhair ar an ardán idirnáisiúnta.
 
Tá Gradaim Kidscreen go mór i mbéal an phobail mar chéiliúradh ar bharr feabhais in ábhar do leanaí a thugann aitheantas do shár-shaothar teilifíse agus sár-shaothar meán digiteach a mheallann leanaí agus teaghlaigh fud fad an domhain agus a dhéanann siamsa dóibh. Seo í an 16ú bliain an chláir Gradaim Kidscreen a spreagann níos mó ná 500 iontráil gach bliain ar fud na cruinne, a chuimsíonn breis agus 50 catagóir i réimsí an chláirsceidealaithe, na craoltóireachta agus na meán digiteach.
 
Fógrófar na buaiteoirí ag searmanas bronnta mór le rá a reáchtálfar le linn Chruinniú Mullaigh Kidscreen 2025, a bheidh ar siúl idir 9-12 Feabhra in San Diego. Is é an cruinniú mullaigh seo an ócáid bhliantúil is mó do thionscal na siamsaíochta do leanaí ar domhan agus tugann sé le chéile mórchruthaitheoirí, mórléiritheoirí agus mórdháileoirí chun aitheantas agus ómós a thabhairt do sháréachtaí in ábhar leanaí.
 
Chuir Shiobhán Ní Bhrádaigh a cuid sceitimíní in iúl faoi bheith páirteach ar phainéal na moltóirí iomráiteacha ag rá, “Is onóir dom a bheith ar phainéal moltóireachta Ghradam Kidscreen i mbliana. Is deis iontach é an t-imeacht seo chun cruthaitheacht agus nuálaíocht i gclársceidealú do leanaí fud fad an domhain a chéiliúradh agus tá mé ar bís cuidiú le haitheantas a thabhairt do dhaoine a bhfuil fíordhifríocht á déanamh acu i saol an lucht féachana óig.”
 
Mar chuid den ról atá aici i TG4 agus i Cúla4, bíonn ar Shiobhán ábhar ar ardchaighdeán a mbíonn ceangal ag lucht féachana óg leis a roghnú agus a choimisiúnú, talann úr a chothú agus scéalta éagsúla a chur chun cinn. Léiríonn a rannpháirtíocht i bpróiséas moltóireachta Ghradaim Kidscreen go bhfuil TG4 tiomanta do bharr feabhais i meáin chumarsáide na leanaí agus an tionchar leanúnach atá aige ar fud an domhain.

 

 

 

Teagmháil i TG4 do Lucht na Meán:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie


Cuir aithne orainn: