Preas
Siamsaíocht na Nollag don Teaghlach ar fad: Sceideal Draíochtúil Cúla4 d’Aimsir na Nollag
05.12.24
![]() |
![]() |
Cuirfidh Cúla4, an cainéal Gaeilge atá dírithe go hiomlán ar leanaí, gliondar ar an lucht féachana an séasúr ceiliúrtha seo le rogha iontach scannán agus cláracha speisialta a oireann don teaghlach ar fad. Ní mór do theaghlaigh agus don lucht féachana óg araon a bheith ag faire amach do sceideal na bliana seo ó tharla go beidh meascán iontach de bheochana, scéalaíocht agus eachtraí clasaiceacha ann. Is cinnte go dtarraingeoidh sceideal Cúla4 d’Aimsir na Nollag aird an lucht féachana níos óige, agus é lán le cláracha agus scannáin a bhfuil duaiseanna buaite acu agus carachtair a bhfuil an-chion againn ar fad orthu.
Buaicphointí an Sceidil:
Oíche Nollag – an 24 Nollaig
Cloudy With a Chance of Meatballs @ 10:20
An geandráma beochana a bhfuil an-ghean go deo ag daoine air ina dtosaíonn bia ag titim ón spéir, scéal a bhainfidh gáire asat agus a ardóidh do chroí. Scéal aoibhinn a mbainfidh na leanaí agus na daoine fásta araon sult as.
SpongeBob – Spúinse as Uisce @ 18:00
Tiocfaidh SpongeBob SquarePants dochloíte i dtír le haghaidh a thabhairt ar fhoghlaí mara. Scannán a mbainfear an-chraic go deo as!
Lá Nollag – an 25 Nollaig
Sábhálann Buster an Nollaig @ 06:00
Scéal taitneamhach ina n-éiríonn le laoch cróga an Nollaig a thabhairt slán.
Scannán a mbainfidh duine ar bith a éirionn go moch maidin lá Nollaig taitneamh as
Tabby McTat @ 09:05
Is iad an dream céanna a chruthaigh The Gruffalo a thug an scéal clasaiceach seo le Julia Donaldson chun fíre, scéal croíúil faoi chairdeas agus faoi dhúthracht.
Tabby McTat (athchraoladh ) @ 31/12 @ 12:30
Playmobil: An Scannán @ 14:05
Léim isteach i saol samhlaíoch Playmobil, scannán álainn ina bhfuil carachtair nach ndéanfar dearmad go deo orthu agus scéalaíocht spraíúil.
Angelo, Dúisigh, Tá an Nollag Ann! @ 15:35
Clár cliste agus cruthaitheach speisialta ina mbíonn ar ár gcairde aghaidh a thabhairt ar eachtraí aisteacha – an mbeidh deireadh go deo le hOíche Nollag?
Scannán: Despicable Me 3 @ 16:45
Casfar a leathchúpla ar Grú. Is fearr iontach mealltach é Drú a chuireann cor nua sa scéal iontach seo.
Lá Fhéile Stiofáin – an 26 Nollaig
Scannán: Dinosaur Train: Adventure Island @ 06:25
Beidh na leanaí óga ábalta dul ar eachtra réamhstairiúil ina mbainfear spraoi as an bhfoghlaim.
Scannán: Ice Age 2: The Meltdown @ 13:00
Scoth an scannáin bheochana ina mbeidh Manny, Sid agus Diego a déanamh a mbealadh trí dhomhan atá athraithe uilig ag an athrú aeráide.
SpongeBob SquarePants – An Scannán @ 17:20
Beidh SpongeBob ar ais le neart gáire a bhaint as cách agus é ag tabhairt faoina chéad eachra chontúirteach eile.
Oíche Chinn Bhliana & Lá Caille
Tá Muid ag Dul ar Thóir Béir @ 31/12 @ 12:00
Shrek @ 1/1 @ 17:25
Beidh an gruagach álainn ar ais le tús iontach a chur leis an mbliain nua.
Shrek 2 ar an 4/1 @ 17:25
Scannán leantach ar éirigh thar cionn leis a thugann léargas níos greannmhaire agus níos croíúla ar an gcéad scannán.
Cláracha Iontacha Eile
Smurfs: The Lost Village (25/12 @ 09:30 & 29/12 @ 18:15):
Scéal draíochtúil faoi fhionnachtain agus féiniúlacht.
Lí Ban 29/12 @ 13:15
Bunscéal Gaeilge atá lán le miotaseolaíocht agus béaloideas. Tá na cláracha ar fad ar fáil ar Cúla4.com
Teagmháil do na meáin i TG4:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide Cúla4 & TG4 | aine.lally@tg4.ie