Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Filí agus Ceannródaithe, Ceol agus Dúnmharuithe, Stíl agus Inbhuanaitheacht i measc na dtéamaí i Sceideal Fómhair TG4 2024

#Fómhar24

09.09.24

Láithreoirí TG4: L-R, Caitríona Ní Chualáin, Caoimhe Ní Chathail, Eimear Ní Chonaola, Brian Tyers, Niamh Ní Chróinín, Hector Ó hEochagáin, Siún Nic Gearailt, Gráinne Bleasdale, Gemma Ní Chionnaith, Cuán Ó Flatharta & Laura Pakenham. Creidiúint – Martina Regan.
 

Seoladh an Fhómhair TG4 – réamhbhlaiseadh: Fómhar 2024 ar TG4

Pacáiste Lucht Preasa agus Íomhánna: TG4 Fómhar ’24

 
Sheol TG4 sceideal an fhómhair in Óstán an Dean i gCathair na Gaillimhe inniu agus bhí slua mór de phearsana so-aitheanta an stáisiúin i láthair.

Tá lón ábhair don uile dhuine i gceist leis an séasúr nua atá á sheoladh agus leanann TG4 de bhreis cláracha faisnéise arna léiriú in Éirinn a chur ar fáil faoi shaol na tíre seo, de shárchláracha ceoil agus de chláracha sainiúla siamsa, chomh maith le rogha spéisiúil sraitheanna drámaíochta a bheidh le feiceáil den chéad uair ar an teilifís in Éirinn.

Beidh drámaíocht ardchaighdeáin le feiceáil i rith an tséasúir, ina measc an tsraith Crá a léiríodh in Éirinn. Sa tsraith seo cuirtear tús le fiosrúchán dúnmharaithe nuair a aimsítear corp mháthair an Gharda áitiúil, Conall Ó Súilleabháin. Socraíonn iriseoir óg, Ciara-Kate, podchraoladh faoin gcás a thosú. Más mian le Conall an chóir a éileamh beidh air dul i mbun oibre leis an iriseoir seo. Tá aistear gruama i ndán don bheirt ach an bhfillfidh an feall ar an bhfeallaire? Is é Ros na Rún an sobaldráma is dúchasaí ar theilifís na hÉireann agus tá sé á chraoladh ar TG4 le fada an lá. Is iomaí cineál scéal a bhíonn i gceist sa tsraith seo, idir mhagadh agus dáiríre, briseadh croí agus ceiliúradh.

Tá ardmholadh faighte ag scannán TG4, Kneecap, atá i bpictiúrlanna faoi láthair, agus is é atá roghnaithe ag IFTA le hionadaíocht a dhéanamh ar an tír seo sa chatagóir Oscar® don Fhadscannán Idirnáisiúnta is Fearr ag 97ú searmanas bronnta Ghradaim an Acadaimh in 2025.

Dúirt Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4, “Cuireadh go mór le gradam na Gaeilge i 2023 leis an rath  a bhí ar ‘An Cailín Ciúin’ agus tá 2024 ar cheann de na blianta is fearr riamh a bhí ag TG4. An tseachtain seo caite cuireadh síos ar ár gclúdach spóirt mar “shampla iontach de chraoltóireacht seirbhíse poiblí” agus tá ár sciar náisiúnta den lucht féachana tagtha go leibhéil nach bhfacthas ó 2007. Léiríonn an rath atá ar ‘Kneecap’ i bpictiúrlanna ar fud an domhain an dúil atá i measc lucht féachana d’ábhar Gaeilge agus léiríonn sé go bhfuil meas ag lucht féachana ar TG4, ní hamháin mar thionscnamh craolta, ach mar chuid d’fhís níos leithne an Rialtais chun tacú leis an nGaeilge, leis an gcultúr agus leis na healaíona, le tacú le forbairt réigiúnach agus tuaithe agus le cur le cuimsiú sóisialta phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Aithnítear go forleathan an tearcmhaoiniú a dhéantar ar TG4 ach go dtí seo níl dearcadh an stáit i leith TG4 chomh dearfach le dearcadh an ghnáthphobail i leith TG4. Tá tearcmhaoiniú stairiúil TG4 á úsáid mar chúis le leanacht le tearcmhaoiniú TG4. De facto, is iad ranna airgeadais an stáit ár rialtóirí agus is cinnte nach bealach ceart é seo chun neamhspleáchas eagarthóireachta a choinneáil do mheáin na seirbhíse poiblí. Ní mór do Choimisiún na Meán a bhfuil á bhaint amach ag TG4 a aithint freisin. Ó bunaíodh é ar éigean 18 mí ó shin, is minic a bhí ar TG4 míchruinneas agus easnaimh ina phróisis athbhreithnithe, easpa comhthéacs agus peirspictíocht ar ról TG4 agus dearcadh diúltach maidir le héachtaí TG4 a chur in iúl.

Léiríonn rath TG4 gan dabht gurb é seo an t-am don stát foghlaim ón gcleachtas Eorpach is fearr sna meáin mhionteangacha, gníomhú anois chun na struchtúir atá ann cheana a neartú agus múnla inbhuanaithe a thabhairt chun cinn do TG4 a rachaidh chun sochair shochaí uile na hÉireann.”

 

Áirítear Fathaigh na Farraige, clár ina dtugtar léargas ar an gcaidreamh atá ag muintir na hÉireann le siorcanna agus céiticigh, ar cheann de na scothcháracha faisnéise a chraolfar ar TG4 i rith an fhómhair. Sa chlár Idir Dhá Bhaile, tugtar léargas ar na dúshláin a bhí ar theaghlach amháin as an Úcráin a shárú nuair a tháinig siad go hÉirinn. Triúr deartháireacha as baile beag in oirthear Chorcaí a chuir tús le cúrsaí scannánaíochta in Éirinn atá faoi chaibidil i Na Lumière Gaelacha.

 

Ag fágáil slán le teach tabhairne Hughes a bheidh an t-aisteoir Brendan Gleeson agus a chairde sa chlár Brendan Gleeson’s Farewell to Hughes’s. Cuirfidh Brendan Gleeson amhránaithe, damhsóirí agus lucht an cheoil faoi agallamh sa chlár seo chun léargas a fháil ar shaol an cheoil Tigh Hughes. I Thomas Moore – Bard na hÉireann, fiosraítear saol suimiúil an bhaird Thomas Moore agus beidh deis ag an lucht féachana cluas a thabhairt do chuid de na hamhráin ab fhearr a chum sé á gcasadh ag leithéidí Duke Special agus Méav Ní Mhaolchatha. Tugtar cuntas in Pogrom Bhéal Feirste ar chás na Náisiúnaithe sa tuaisceart tar éis chríochdheighilt na hÉireann agus bhunú Thuaisceart Éireann. Tugtar léargas sa tsraith staire De Valera san Fhásach ar shaol de Valera sna blianta 1924-1926 nuair a bhí sé san ‘Fhásach’. Sa tsraith Scéalta ár Stampaí, fiosróidh seisear cuid de na scéalta a bhaineann le roinnt de na híomhánna a bhí ar stampaí na tíre.

 

Beidh neart ábhar siamsaíochta ann sna míonna amach romhainn. Beidh Hector Ó hEochagáin, an fear eachtraíochta is calma in Éirinn, ar ais agus é ag tabhairt faoina chéad thuras fada eile ar HectorCarribean. Beidh seisean ag tabhairt a aghaidh anonn ar Mhuir Chairib an uair seo. Tabharfaidh sé cuairt ar oileáin áille an réigiúin – Cúba, Iamáice, an Phoblacht Dhoiminiceach, Pórtó Ríce, Antigua, Montsarat ina measc go gcuirfidh sé clabhsúr ar a thuras ó dheas ar Oileán na Tríonóide agus Tobága. Gheobhaidh muid amach cé a bheidh san iomaíocht thar ceann na hÉireann i mí na Samhna in Junior Eurovision.  Tá Caoimhe Ní Chathail agus Proinsias Ó Coinn ar ais agus rún acu dearcadh an phobail a athrú maidir lena gcuid éadaí in Éadaí SOS.  Is sraith nua é Is Mise le Mess ina bhfeicfear scothfhoireann as Gaeltacht Dhún na nGall ag taisteal ar fud na tíre ag glanadh tithe agus ag cuidiú le daoine ord agus eagar a chur orthu féin. Tugtar léargas nua sa tsraith Naíonra ar shaol páistí agus iad ag freastal ar an naíonra. Comórtas úrnua é Síorstíl atá bunaithe ar an bhfaisean inbhuanaithe. Beidh dúshláin le sárú ag na hiomaitheoirí thar sé chlár chun an comórtas a bhuachan.

 

Beidh rogha breá de chluichí beo ag lucht leanúna an spóirt ar GAA Beo & Peil na mBan Beo. An chuid is fearr de ghníomhartha gaisce CLG ó thús go deireadh na bliana, beo ar TG4. Craolfar cluichí beo ó shraitheanna Allianz, ó chraobhchomórtas na gclubanna, ó Pheil na mBan, ó na comórtais faoi aois agus ó chomórtais na scoileanna dara agus tríú leibhéal.  Beidh Rugbaí Beo, sraith shuaitheanta rugbaí TG4, ar ais ar an scáileán i mí Dheireadh Fómhair leis an gcuid is fearr den iomaíocht sa Chraobhchomórtas Rugbaí Aontaithe.  Ar Sacar na mBan, craolfaidh TG4 cluichí beo gach seachtain ó Shraith Náisiúnta SSE Airtricity na mBan – an leibhéal is airde is féidir a bhaint amach i sacar na mban in Éirinn.  Craolfar Rásaí Lios Tuathail ar an gcainéal le linn mhí Mheán Fhómhair. Feicfear cuid den obair a bhíonn ag dul ar aghaidh sa chúlra sna staideanna is iomráití in Éirinn sa tsraith Pobail na Páirce. Is mionsraith dhá chlár uair an chloig an ceann é Iománaíocht Hollywood faoin gcaoi ar léiríodh muintir na hÉireann agus na cluichí Gaelacha i scannáin ó thus an chéid seo caite.

 

Dóibh sin ar breá leo an ceol, beidh cineálacha go leor faoi chaibidil an séasúr seo – ceol Gaelach, ceol tíre, hip-hop agus eile.  Beidh Rí an Cheoil Tíre, Daniel O’Donnell, ar ais le sraith nua de Opry le Daniel ar Thuras ón INEC i gCill Airne. Déantar mionscagadh ar chuid de stair choiteann na hÉireann agus Cheanada sa gclár faisnéise Ceol na gCoillte a bheidh á chur i láthair ag an amhránaí agus giotáraí as Éirinn, Dáithí Sproule. Sa triú sraith de Scoil Samhraidh Willie Clancy, taispeánfar an chuid is fearr ar fad den cheol Gaelach mar a taifeadadh é ag an bhféile i mí Iúil 2024. Beidh togha an cheoil agus comhráití spéisiúla ar an gclár freisin.  Cuirfidh an fidléir Doireann Ní Ghlacáin sraith eile de Ceolaireacht i láthair agus í ar thuras ceoil. Rachaidh sí sa tóir ar chuisle an cheoil i gceithre cheantar in Éirinn agus in Albain. Craolfar sraith nua ceoil thraidisiúnta ó Scoil Cheoil an Earraigh 2024 a bhí ar bun i gCorca Dhuibhne á cur i láthair ag Pádraig Ó Sé mar aon le sraith nua de Geantraí, clár ceoil thraidisiúnta ina dtabharfaidh Pauline Scanlon aghaidh ar sheisiúin ar fud na tíre.

 

Beidh neart ábhar drámaíochta á chraoladh a bhfuil ardmholadh ag léirmheastóirí. In Hacks, is í Jean Smart, ar iomaí gradam Emmy buaite aici, atá i bpáirt mná grinn clúití as Las Vegas a chaithfidh scríbhneoir óg uaillmhianach a fhostú (Hannah Einbinder). Beirt bhan chumasacha a bhaineann le dhá ghlúin éagsúla, is é an ceangal neamhchoitianta eatarthu is ábhar don tsraith nua ghrinn seo.  Sa tsraith Ten Pound Poms fágann grúpa daoine as an mBreatain an baile in 1956 le dul ar thóir eachtraíochta. Tá muintir Roberts ar a ndícheall ag iarraidh slí bheatha a shaothrú ach tá sé deacair acu ó tharla iad a bheith ag cur fúthu i mbrú do dhaoine gan dídean.

 

Cuirfidh foireann Nuacht TG4, mar a dhéanann i gcónaí, na scéalta náisiúnta, réigiúnacha, idirnáisiúnta is deireanaí, agus na scéalta a bhaineann leis an nGaeilge, ar fáil ag 7pm oíche i ndiaidh oíche. Déarfar anailís ghéarchrua ar na scéalta is tábhachtaí ar 7 Lá ag 8pm ar an Máirt.  Beidh séasúr iomlán de chláracha faisnéise idirnáisiúnta ar Fíorscéal a thabharfaidh léargas (nach aoibhinn i ngach cás) ar cheisteanna a chuireann isteach ar chúrsaí timpeallachta, sóisialta, polaitíochta agus eile i saol an duine ar fud an domhain.

 

Cúla4 ag ceiliúradh bliain ar an aer le neart cláracha nua dá lucht féachana óg.  Bíonn an cainéal ar aer 14 uair a chloig sa lá ón 6rn go 8in, ag tabhairt deis do pháistí féachaint ar na seónna is ansa leo i nGaeilge. Craoltar Nuacht Cúla4, feasachán nuachta sé nóiméad atá dírithe ar pháistí, ó Mháirt go hAoine ag 1:30pm agus arís ag 5:30pm.

Leanfaidh MOLSCÉAL ag cur scéalta ó cheantair Ghaeltachta agus ó dhreamanna Gaeilge inár láthair ar na meáin shóisialta.  Mol eile de chuid TG4 ar na meáin shóisialta is ea BLOC a dhéanann freastal ar dhaoine níos óige i measc lucht na Gaeilge trína chinntiú go gcuirtear ábhar den fhíorscoth ar fáil don lucht leanúna chomh maith le deis a thabhairt dóibh ábhar a chruthú freisin don bhranda.  Tá BLOC ar fáil faoi láthair ar Instagram, YouTube, Tik Tok, Facebook & Twitter.  Is é Foghlaim TG4, ardán foghlama TG4, an áit is fearr dóibh siúd ar mian leo a gcuid Gaeilge a fheabhsú i mbliana. Forbartha ag oideachasóirí agus TG4, is é Foghlaim TG4 an áit is fearr le tacú le sealbhú agus forbairt teanga.

 

Táthar ag cur le stór scannán Cine4 a bhfuil gradaim buaite acu le Fréamhacha agus Fidil Ghorm a bheidh á dtaispeáint i bpictiúrlanna agus táthar i mbun léirithe ar scannán eile Báite faoi láthair.

Tá TG4 le fáil gach áit ar fud na cruinne ar sheinnteoir TG4 anseo Seinnteoir TG4

Tá breis eolais faoi sceideal an fhómhair ar TG4 le fáil ar TG4 Fómhar ’24

 

 

 

Teagmháil i TG4 do Lucht na Meán:
Linda Ní Ghríofa | Eagraí Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: