Preas
Scannán Éireannach 'KNEECAP' ar Ghearrliosta d'Oscar® don Scannán Idirnáisiúnta Is Fearr & don Amhrán Nua Is Fearr
18.12.24
Tá KNEECAP le Rich Peppiatt curtha ar ghearrliosta d’ainmniúchán do Dhuais an Acadaimh don Scannán Idirnáisiúnta is Fearr agus don Amhrán Nua is fearr – ‘Sick in the Head’. Beidh an scannán Éireannach seo, ar éirigh thar cionn leis sna pictiúrlanna agus a bhfuil ardmholadh faighte aige ó léirmheastóirí, in iomaíocht d’ainmniúchán (a fhógrófar an 17 Eanáir) sula mbeidh an searmanas íocónach bronnta ar siúl ar an 2 Márta ag Amharclann Dolby® in Ovation Hollywood, Los Angeles. Is é KNEECAP an tríú scannán Éireannach a bhfuil ainmniúchán faighte aige sa chatagóir seo, fuair Viva agus An Cailín Ciúin ainmniúchán roimhe seo.
Ag labhairt dó faoi bheith ar an ngearrliosta, dúirt scríbhneoir agus stiúrthóir KNEECAP, Rich Peppiatt: “Dá dtiocfadh duine isteach sa teach tábhairne in 2019 – nuair a bhí mé féin agus Kneecap fós ag iarraidh a bheith ag cuimhneamh ar an sórt scannáin a dhéanfadh muid – agus dá ndeiridís linn go mbeimis in iomaíocht d’Oscar® cúig bliana ina dhiaidh sin, is dócha go n-iarrfaimis díobh gal a thabhairt dúinn de cibé rud a bhí á chaitheamh acu… Bhíomar thuas seal thíos seal le linn an turais seo, turas lenar bhain an-chuid oibre crua agus neart craice, agus is iontach an ceann scríbe a bheadh sa chairpéad dearg beannaithe in Hollywood.’’
Is iad an triúr as an rapghrúpa Kneecap (Móglaí Bap, Mo Chara agus DJ Provaí) as Iarthar Bhéal Feirste na príomhaisteoirí i scannán Peppiatt, ina bhfuil cliar ensemble, lena n-áirítear Michael Fassbender a fuair ainmniúchán le haghaidh Oscar®, Simone Kirby, Josie Walker, Fionnuala Flaherty, Jessica Reynolds agus Adam Best.
In Iarthar Bhéal Feirste sa bhliain 2019 atá an scannán seo suite agus díríonn sé ar an uair a raibh sé d’ádh ar an múinteoir scoile as Béal Feirste, JJ, aithne a chur ar Naoise agus Liam Óg. Ní bheadh an saol hip hap mar a chéile go brách arís. Agus iad ag rapáil ina dteanga dhúchais féin, cruthaíonn an triúr a seánra féin den phunc-rap Éireannach. Iad ag rappáil go héasca sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon le fuinneamh spleodrach. Tugann a gcuid scríbhneoireachta agus a gcuid aisteoireachta léargas eile ar atá in ann a bheith i gceist le rapcheol mar mhodh cruthaitheach agus cultúir, atá báite sa phobal. Tagann Kneecap le bheith ina gcinn feadhna ar ghluaiseacht Cearta Sibhialta a bhfuil sé d’aidhm aici an teanga dhúchais a thabhairt slán, ag cur deireadh le míthuiscint daoine faoin teanga agus faoin áit ina labhraítear í agus iad ina dtaoisigh ar athbheochan chultúir agus ar an treabh ollmhór daoine óga atá dílis dóibh.
Tá TG4, craoltóir KNEEPCAP, ag súil go mór leis an scannán iontach seo a chraoladh in 2026. Deir Proinsias Ní Ghráinne, eagarthóir coimisiúnaithe i TG4 go bhfuil “ríméid orainn do Kneecap féin, don fhoireann léirithe agus do phobal na Gaeilge ar fud an domhain. Tá téamaí an scannáin a bhaineann le féin aitheantas agus teanga tar éis dul i bhfeidhm ar phobal ar bhealaí éagsúla. Is léiriú grinn é an saothar cróga, ealaíne seo gach atá i gceist le ‘Súil Eile’ TG4 agus táimid ag súil leis an gcraoladh i 2026. Tá TG4, craoltóir KNEEPCAP, ag súil go mór leis an scannán iontach seo a chraoladh in 2026.”
Tagann an fógra maidir le gearrliosta Oscar® i ndiaidh don scannán an-chuid gradaim a thabhairt leis ag na British Independent Film Awards (BIFA) níos luaithe an mhí seo , seacht ngradam mór le rá ar fad a bhuaigh KNEECAP. I measc na ngradam sin bhí an Scannán Neamhspleách Briotanach is Fearr, an Scríbhneoir Scripte den Chéad Uair is Fearr do Rich Peppiatt, agus an Príomhthaispeántas i gComhar is Fearr do bhaill Kneecap, Liam Óg Ó hAnnaidh, Naoise Ó Cairealláin, agus JJ Ó Dochartaigh. Bronnadh gradaim freisin ar an scannán don Roghnú Aisteoirí is Fearr, don Eagarthóireacht is Fearr, don Cheol Bunaidh is Fearr, agus don Mhaoirseacht Cheoil is Fearr. Ina theannta sin, fuair KNEECAP ainmniúchán do Ghradam Rogha na Léirmheastóirí don Scannán is Fearr i dTeanga Iasachta agus ainmníodh é don Scannán Teanga Iasachta is Fearr ag an Atlanta Film Critics Circle an tseachtain seo caite.
Taispeánadh KNEECAP don Domhan den chéad uair riamh ag Féile Scannán Sundance in Eanáir 2024 agus d’éirigh leis an Gradam Lucht Féachana NEXT a thabhairt leis, an chéad scannán Gaeilge leis an mbua a fháil ag an bhféile. Taispeánadh ina dhiaidh sin é ag Sundance London, Karlovy Vary, Tallinn Black Nights, Tribeca,
agus SXSW. Ba é a chuir tús le Fleadh Scannán na Gaillimhe, áit ar bhuaigh sé trí dhuais, Gradam an Lucht Féachana ina measc.
Trevor Birney agus Jack Tarling a léirigh an scannán do Fine Point Films agus Mother Tongues Films, agus bhí Patrick O’Neill ó Wildcard ina Chomh-Léiritheoir. TG4, Scáileán Thuaisceart Éireann, an Ciste Craoltóireachta Gaeilge, Fís Éireann, BFI (a bhronn maoiniú ón gCrannchur Náisiúnta), Coimisiún na Meán, Dias Feld agus Kamila Serkebaeva, a chur maoiniú ar fáil don scannán agus fuair sé tacaíocht ó Great Point Media.
Teagmháil do na meáin i TG4:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie