Preas
Scannáin ar TG4 Nollaig 2024
03.12.24
How to Steal a Million (TS) – 22/12 10r.n.
(1966 Greann, Grá) Is iad Audrey Hepburn, Peter O’Toole & Eli Wallach na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir William Wyler. Caithfidh iníon le brionnóir ealaíne cúnamh a fháil ó ghadaí le ceann de phictiúir a hathar a ghoid ionas nach mbéarfar air sa gceird.
Diary of a Wimpy Kid – 22/12 1.20i.n.
(2010, Greann, Teaghlach) Is iad Zachary Gordon, Robert Capron & Rachael Harris na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Thor Freudenthal. Níl Greg Heffley ach dhá bhliain déag agus é imithe ón scoil bheag go dtí an scoil mhór. Cén chaoi a seasfaidh sé an bhliain?
The Secret Life of Pets – 22/12 5.30i.n.
Leagan Gaeilge. Meas tú céard a bhíonn ar bun ag peataí nuair a bhíonn sa mbaile leo féin? An mbeidh siad in ann oibriú as lámh a chéile nuair a thagann rud éigin aniar aduaidh orthu? Leagan Gaeilge.
Meet the Parents – 22/12 9.30i.n.
(2000, Scannán Grinn) Ben Stiller, Robert De Niro agus Teri Polo na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Jay Roach. Casann an t-altra Greg Focker le muintir a chailín sula n-iarrann sé í le pósadh ach cuireann athair an chailín drochbhail uilig air.
Pillow Talk – 23/12 10.15r.n.
(1959, Geandráma Rómánsúil) Rock Hudson, Doris Day agus Tony Randall na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Michael Gordon. Glacann fear agus bean atá ag roinnt líne teileafóin gráin ar a chéile. Ach is beag atá idir grá agus gráin.
Diary of a Wimpy Kid: Dog Days – 23/12 1.15i.n.
(2012 Greann, Teaghlach) Is iad Zachary Gordon, Robert Capron & Devon Bostick na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir David Bowers. Tá an scoil thart agus tá saoire an tsamhraidh ar tí tosú. Cén chaoi a gcaithfidh Greg an samhradh?
Stuart Little 2 – 23/12 5.30i.n.
(1999 Greann, Teaghlach) Is iad Michael J. Fox, Geena Davis & Hugh Laurie na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Rob Minkoff. Caithfidh Stuart agus Snowbell dul trasna an bhaile mhóir le teacht i gcabhair ar chara leo.
Froggie – 23/12 9.30i.n.
(2024 Scannán Grinn) Is iad Seán T Ó Meallaigh, Carrie Crowley, Gearoid Kavanagh, Lucia Evans agus Paul Oakley Stovall na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Luke Morgan. Bhain Fiachra agus Tadhg cáil amach nuair a bhí siad óg agus iad ag canadh ar an teilifíse le puipéad darb ainm Froggie. Cé go bhfuil an lá sin bailithe agus 25 bliain caite ní mór don bheirt teacht le chéile arís chun Froggie a shábháil ó fhuadaitheoir.
Cloudy with a Chance of Meatballs – Oíche Nollag 10.20r.n.
(2009 Beochan, Greann) Cuireann Flint, aireagóir a théann ar intinn gach duine, a aireagán nua chun oibre nuair a tharlaíonn géarchéim eacnamaíoch. Bíonn go maith nó go dtéann cúrsaí ó smacht. (Leagan Gaeilge)
The Italian Job – Oíche Nollag 1.25i.n.
(1969 Coirscéal/Scannán Grinn) Is iad Michael Caine, Noël Coward agus Benny Hill na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Peter Collinson. Scannán ceáfair faoi dhream atá ag iarraidh lastas óir a ghoid ar shráideanna Turin.
Fantastic Mr. Fox – Oíche Nollag 5.25i.n.
(2009, Beochan) Is iad George Clooney, Meryl Streep agus Bill Murray na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Wes Anderson. Filleann sionnach mealltach ar a sheanbhealaí i mbun creachadóireachta ar fheirmeacha ach bíonn air teacht i gcabhair ar a phobal féin nuair a shocraíonn na feirmeoirí díoltas a fháil air.
Die Hard – Oíche Nollag 10.05i.n.
(1988, Aicsean) Is iad Bruce Willis, Alan Rickman agus Bonnie Bedelia na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir John McTiernan. Féachann póilín i Nua Eabhrac lena bhean chéile agus daoine eile, atá fuadaithe ag sceimhlitheoirí, a thabhairt slán.
Superworm: Sár-phéist – Lá Nollag 8.15r.n.
(2021, Scannán grinn) Guth Dhónail De Barra atá sa scannán seo faoi stiúir Chathail Gillespie. Is péist mhór láidir é Sár-Phéist a bhfuil scileanna iontacha aige agus croí mór. Ach céard a tharlaíonn nuair a éiríonn sé ró-mhórchúiseach agus nuair a dhéanann sé neamhaird dá chairde? (Leagan Gaeilge)
Some Like it Hot- Lá Nollag 10.15r.n.
(1959 Scannán Grinn) Is iad Marilyn Monroe, Tony Curtis agus Jack Lemmon na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Billy Wilder. Feiceann beirt ceoltóirí fir An Mafia ag dúnmharú duine éigin agus bíonn orthu an stát a fhágáil. Socraíonn siad cuma ban a chur orthu féin agus éalú le banna ceoil.
The BFG- Lá Nollag 1.25i.n.
(2016 Scannán Fantaisíochta) Is iad Mark Rylance, Ruby Barnhill agus Penelope Wilton na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Steven Spielberg. Cuireann dílleachta aithne ar fhathach fial a thugann go Tír na bhFathach í agus déanann siad iarracht na fathaigh a bhíonn ag ithe daoine a stopadh.
Despicable Me 3 – Lá Nollag 4.45i.n.
(2017 Scannán Beochana Grinn) Leagan Gaeilge: is fada an lá ó casadh a leathchúpla, Dru, ar Gru. Tá Dru ag iarraidh dul i mbun gadaíochta lena dheartháir geábh amháin eile.
Cine4: An Cailín Ciúin – Lá Nollag 8i.n.
(2022 Dráma) Is iad Carrie Crowley, Andrew Bennett agus Catherine Clinch na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Cholm Bairéad. Cuirtear Cáit chun bealaigh chun an samhradh a chaitheamh le gaolta léi. Cé nach mbíonn dáimh aici lena teaghlach nua i dtús ama ní fada go mbíonn siad ar fad mór le chéile agus cuireann Cáit an chúthaileacht di. Bunaithe ar an ngearrscéal ardmholta Foster le Claire Kee
This is Spinal Tap – Lá Nollag 00.20r.n.
(1984, Scannán Grinn, Ceol) Is iad Rob Reiner, Michael McKean agus Christopher Guest na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Rob Reiner. Clár faoin mbanna ceoil miotail trom Spinal Tap agus ceolchoirm chinniúnach arna insint ag an stiúrthóir scannán Marty DiBergi. gan.
Dinosaur Train: Adventure Island – Lá ‘le Stiofán 6.25r.n.
Téann muintir Tearanódón ar bord Thraein na nDineasár le dul chuig páirc nua shiamsaíochta ar Oileán Eachtraíochta. Nuair a bhrúchtann bolcán ar an oileán téann na dineasáir óga amú. (Leagan Gaeilge).
Oliver! – Lá ‘le Stiofáin 9.50r.n.
(1968 Scannán Ceoil) Is iad Mark Lester, Ron Moody agus Shani Wallis na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Carol Reed. Éiríonn le dílleachta óg darbh ainm Oliver Twist éalú ó mhortlóir agus castar grúpa de pheasghadaithe óga air. Scannán ceoil bunaithe ar scéal Charles Dickens, Oliver Twist.
Ice Age 2: The Meltdown – Lá ‘le Stiofáin 1i.n.
(2006 Scannán Beochana) Leagan Gaeilge: tá an domhan ag téamh agus tá oighearshruth mór millteach ag leá, ní mór do Manny, Sid agus Diego tabhairt faoi aistear mór fada go dtiocfaidh siad slán.
Into the West – Lá ‘le Stiofáin 5.05i.n.
(1992, Scannán Eachtraíochta) Is iad Gabriel Byrne, Ellen Barkin agus Ciarán Fitzgerald na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Mike Newell. Tugann seanathair capall dá gharpháistí a choinníonn siad sa mbloc árasán a bhfuil siad ina gcónaí ann i mBaile Átha Cliath. Nuair a ghoidtear an capall, caithfidh na buachaillí óga í a aimsiú.
The Full Monty – Lá ‘le Stiofáin 10.10i.n.
(1997 Scannán Grinn) Is iad Robert Carlyle, Tom Wilkinson agus Mark Addy na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Peter Cattaneo. Socraíonn seisear oibrithe cruach ag dul ag obair mar struipeálaithe ó tharla nach bhfuil aon obair acu.
Gandhi – 27/12 9.20r.n.
(1982, Beathaisnéis, Stair) Is iad Ben Kingsley, John Gielgud agus Rohini Hattangadi na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Richard Attenborough. Scéal Mahatma Gandhi, dlíodóir, a thug ceannas san India chun neamhspleáchas a bhaint amach go síochánta ó Shasana.
The Secret Life of Pets – 27/12 1.15i.n.
(2016 Scannán Beochana) Is iad Louis C.K, Eric Stonestreet agus Kevin Hart na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Chris Renaud. Déantar ball séire de shaol suaimhneach Max nuair a thosaíonn a úinéir ag tabhairt aire do mhadra fáin.
About a Boy – 27/12 4.20i.n.
(2002, Scannán grinn, Dráma, Rómáns) Is iad Hugh Grant, Nicholas Hoult agus Toni Collette na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Chris Weitz agus Paul Weitz. Múineann buachaill óg ceachtanna faoin saol d’fhear gan mórán maitheasa.
Knives Out – 27/12 9.50i.n.
(2019, Scannán grinn) Is iad Daniel Craig, Chris Evans agus Ana de Armas príomhaisteoirí an scannáin seo, faoi stiúir Rian Johnson. Fiosraíonn bleachtaire bás cheann an teaghlaigh i dteaghlach trodach a bhfuil a mbealach féin leo
It Happened To Jane- 28/12 9.45r.n.
(1959, Scannán grinn) Is iad Doris Day, Jack Lemmon agus Ernie Kovacs na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Richard Quine. Scriosann comhlacht iarnróid lastas gliomach Jane Osgood. Le cúnamh óna dlíodóir, George, cuireann sí an dlí ar Harry Foster Malone, stiúrthóir an chomhlachta, fear gan puinn scrupall.
Vertigo – 28/12 12i.n.
(1958 Scéinséir Mistéire) Is iad James Stewart, Kim Novak agus Barbara Bel Geddes na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Alfred Hitchcock. Fostaítear iar-phóilín chun súil a choinneáil ar bhean seanchara leis ar fhaitíos go gcuirfeadh sí lámh ina bás féin ach ní mar a shíltear a bhítear. Tá an scannán seo ar cheann de na scannáin is spéisiúla a stiúir Alfred Hitchcock.
Doctor Dolittle 2 – 28/12 5.25i.n.
(2001 Greann, Teaghlach) Is iad Eddie Murphy, Cedric The Entertainer agus Kristen Wilson na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Steve Carr. Tá coill agus béar le tabhairt slán ag Dolittle.
High Fidelity- 28/12 9.50i.n.
(2000, Scannán grinn) Is iad John Cusack, Iben Hjejle agus Todd Louiso príomhaisteoirí an scannáin seo faoi stiúir Stephen Frears. Déanfaidh Rob, úinéir siopa ceirníní agus fear a bhfuil an-tóir aige ar liostaí, cur síos ar chúig cinn de na caidrimh a bhí aige agus mar a chríochnaigh siad, an caidreamh a bhfuil deireadh ag teacht leis faoi láthair san áireamh.
Dinosaur Train: Adventure Island – 29/12 8.15r.n.
Téann muintir Tearanódón ar bord Thraein na nDineasár le dul chuig páirc nua shiamsaíochta ar Oileán Eachtraíochta. Nuair a bhrúchtann bolcán ar an oileán téann na dineasáir óga amú. (Leagan Gaeilge)
Guys and Dolls – 29/12 9.45r.n.
(1955, Scannán Grinn) Is iad Marlon Brando, Jean Simmons agus Frank Sinatra na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Joseph L. Mankiewicz. Titeann fear, atá gafa leis an gcearrbhachas, i ngrá le misinéir mná nuair a thugtar dúshlán dó í a thabhairt ó Nua-Eabhrac go Havana.
Despicable Me 3- 29/12 1.05i.n.
(2017 Scannán Beochana Grinn) Is iad Steve Carell, Kristen Wiig agus Trey Parker na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Pierre Coffin agus Kyle Balda. Is fada an lá ó casadh a leathchúpla, Dru, ar Gru. Tá Dru ag iarraidh dul i mbun gadaíochta lena dheartháir geábh amháin eile.
Marley & Me – 29/12 4.50i.n.
(2008, Scannán Grinn) Is iad Owen Wilson, Jennifer Aniston agus Eric Dane na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir David Frankel. Múineann madra álainn, ach dána, ceachtanna saoil do theaghlach.
Poitín -29/12 7.15i.n.
(1978 Coirdhráma) Leagan athmháistrithe de scannán mór le rá Bob Quinn, is iad Cyril Cusack, Mick Lally agus Donal McCann na príomhaisteoirí sa scannán seo. Bíonn fear as Conamara ag iarraidh poitín a dhéanamh i ngan fhios de na Gardaí.
Pulp Fiction 29/12 9.45i.n.
(1994, Dráma) Is iad John Travolta, Uma Thurman agus Samuel L. Jackson príomhaisteoirí an scannáin seo faoi stiúir Quentin Tarantino. Scéal lán d’fhoréigean agus de shlánú ina mbíonn saol bheirt bhall den Maifia, dornálaí, drongadóir agus a bhean, agus beirt mheirleach fite fuaite ina chéile.
Send Me No Flowers – 30/12 10r.n.
(1964, Scannán Grinn, Dráma, Scannán Grá) Is iad Rock Hudson, Doris Day agus Tony Randall na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Norman Jewison. Déanann fear, atá ag ceapadh go bhfuil sé ag fáil bháis, pleananna dá bhean chéile. Bíonn míthuiscint mhór ann nuair a thagann an bhean ar na pleananna céanna!
Matilda – 30/12 12.50i.n.
(1996 Scannán Grinn) Is iad Danny DeVito, Rhea Perlman agus Mara Wilson na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Danny DeVito. Socraíonn cailín óg atá an-chliste agus a bhfuil bua síceach aici díoltas a bhaint amach ar a teaghlach cruálach agus cúnamh a thabhairt dá múinteoir atá faoi chos ag ardmháistreás ghránna.
The Little Rascals Save the Day – 30/12 5.10i.n.
(2014 Greann, Teaghlach) Is iad Doris Roberts, Greg Germann agus Lex Medlin na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Alex Zamm. Níl na Rascaillí Beaga in ann dóthain airgid a bhailiú chun bácús mhamó a choinneáil oscailte. Caithfidh siad an seó tallainne agus an duaischiste a bhuachan!
Spider-Man: Far from home – 30/12 10i.n.
(2019 Scannán Ficsin Eolaíochta) Is iad Tom Holland, Samuel L. Jackson agus Jake Gyllenhaal na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Jon Watts. Ní mór do Peter Parker, an sárlaoch Spider-Man, aghaidh a thabhairt ar cheithre arracht agus é ar thuras san Eoraip. Ní fada go dtugann sárlaoch eile darbh ainm Mysterio cúnamh dó.
The Way We Were – Oíche Chinn Bliana- 10.20r.n.
(1973, Dráma, Grá) Barbra Streisand, Robert Redford agus Bradford Dillman na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Sydney Pollack. Tagann tuairimí polaitíochta idir beirt atá i ngrá.
Babe – Oíche Chinn Bliana- 1i.n.
(1995, Scannán Grinn) James Cromwell, Magda Szubanski agus Christine Cavanaugh na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Chris Noonan. Foghlaimíonn Babe, le cabhair ón bhFeirmeoir Hoggett, le caoirigh a aoirigh.
Mrs. Doubtfire – Oíche Chinn Bliana- 4.35pm
(1993 Scannán Grinn) Is iad Robin Williams, Sally Field agus Pierce Brosnan na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Chris Columbus. Cuireann aisteoir cuma bhean tí air féin i ndiaidh droch-cholscaradh go mbeidh sé in ann am a chaitheamh lena ghasúir atá faoi chúram a iarbhean chéile.
For Whom the Bell Tolls – Lá Caille 10r.n.
(1943, Dráma, Stairiúil) Gary Cooper, Ingrid Bergman agus Akim Tamiroff na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Sam Wood. Titeann fear as Meiriceá, atá ag tacú leis na poblachtaigh i gCogadh Cathartha na Spáinne, i ngrá agus é ar mhisean chun droichead tábhachtach a bhuamáil.
The Producers – Lá Caille 1.20i.n.
(1967 Scannán Grinn/Ceoil) Is iad Zero Mostel, Gene Wilder agus Dick Shawn na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Mel Brooks. Bíonn seift ag léiritheoir chun airgead a shaothrú trí dhráma nach mbeidh ach an teip i ndán dó a léiriú.
Shrek – Lá Caille 5.25i.n.
(2001, Beochan) Leagan Gaeilge: Is gruagach é Shrek atá ina chónaí leis féin sa gcoill agus tá faitíos ag muintir Duloc ar fad roimhe. Bíonn suaimhneas breá aige go dtí go ndíbríonn an Tiarna Farquaad gach a bhfuil sna scéalta sí isteach sa gcoill. Ní mó ná sásta a bhíonn Shrek agus socraíonn sé rud éigin a dhéanamh faoi!
Cine4: Róise & Frank – Lá Caille 7.45i.n.
Scannán Gaeilge a bhfuil gradam buaite aige faoi bhean a chreideann go bhfuil a fear céile atá básaithe tar éis teacht ar ais ina mhadra. Tá Róise maraithe le huaigneas i gcónaí i ndiaidh Frank, a fear céile a bhásaigh dhá bhliain ó shin. Nuair a thagann madra chuig an teach a bhfuil an-tóir aige ar spórt agus ar stéig agus ar chathaoir áirithe sa teach, seanchathaoir Frank, tá sí cinnte gurb é Frank é atá tagtha ar ais arís ina mhadra! Tá a mac ag ceapadh go bhfuil sí ag cailleadh na meabhrach ach ní fada go dtosaíonn an pobal á chreidiúint freisin!
Rocketman – Lá Caille 10.20i.n.
(2019 Scannán Beathaisnéise) Is iad Taron Egerton, Jamie Bell agus Richard Madden na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Dexter Fletcher. Scéal ceolmhar Elton John agus mar a bhain sé clú agus cáil amach. Tugtar léargas ar an tréimhse a chaith sé san Royal Academy of Music agus ar an gceol a chum sé gcomhpháirt le Bernie Taupin.
An Western: Shepherd Of The Hills – 2/1/25 10.30r.n.
(1941, Scannán Grá) Is iad John Wayne, Betty Field agus Harry Carey na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Henry Hathaway. Nuair a bhaineann strainséir baile sna cnoic in Missouri amach, castar cailín as an áit air. Ní mó ná sásta atá an fear a bhfuil sí gealta leis go bhfuil an strainséir mistéireach ag déanamh mór léi.
Rock Around the Clock- 2/1/25 1.45i.n.
(1956 Scannán Ceoil/Grá) Tá Bill Haley and the Comets agus The Platters le feiceáil sa scannán seo faoi stiúir Fred F. Sears. Castar Bill Haley and the Comets ar phoiblitheoir a bhíonn ag obair do bhannaí mór le rá.
Ice Age 2: The Meltdown – 2/1/25 5.15i.n.
(2006 Scannán Beochana) Is iad Ray Romano, John Leguizamo agus Denis Leary Manny na príomhaisteoirí sa scannán seo. Faoi stiúir Carlos Saldanha. Faigheann Sid agus Diego amach go bhfuil deireadh ag teacht leis an oighearaois agus téann siad ar aistear go talamh ard. Faigheann siad amach ar mbealach nach é Manny an mamat lomrach deireanach ar domhan.
Bridesmaids – 2/1/25 10i.n.
(2011, Scannán Grinn) Is iad Kristen Wiig, Maya Rudolph agus Rose Byrne na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Paul Feig. Bíonn an-iomaíocht idir beirt chailíní choimhdeachta agus iad ag iarraidh an lámh in uachtar a fháil ar a chéile roimh lá na bainise. Ach tá baol ann go gcuirfidh a gcuid seafóide ar fad an saol bunoscionn ar dhuine de na mná, nach bhfuil ag éirí rómhaith léi mar atá.
African Queen – 3/1/25 10r.n.
(1951 Scannán Eachtraíochta/Grá) Is iad Humphrey Bogart, Katharine Hepburn agus Robert Morley na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir John Huston. Cuireann misinéir as Sasana in oirthear na hAfraice ina luí ar chaptaen soithigh as Ceanada ionsaí a dhéanamh ar bhád gunna de chuid na Gearmáine le linn an Chéad Chogadh Domhanda.
Pitch Perfect – 3/1/25 5i.n.
(2012 Scannán Grinn) Is iad Anna Kendrick, Brittany Snow agus Rebel Wilson na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Jason Moore. Is mac léinn céadbhliana í Beca in Ollscoil Barden agus mealltar í chun dul ag canadh le grúpa amhránaíochta darbh ainm The Bellas. Éiríonn le Beca beocht nua a chur sa ngrúpa don chomórtas mór.
Forrest Gump – 3/1/25 9.30i.n.
(1994 Scannán Grinn) Is iad Tom Hanks Robin Wright agus Gary Sinise na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Robert Zemeckis. Feictear stair Mheiriceá idir na 1950idí go dtí na 70idí trí shúile fhear as Alabama a bhfuil IQ íseal aige, ní bhíonn uaidh ach a ghrá geal a fheiceáil arís.
The Last Waltz 3/1/25 00.05r.n.
(1978, Scannán Faisnéise) Is iad Robbie Robertson, Muddy Waters agus Neil Young na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Martin Scorsese. Lá an Altaithe, 1976 in Winterland, San Francisco a thug “The Band” a dtaispeántas deiridh uile. Bhí neart seanchairde i láthair le slán a fhágáil acu. Ní hamháin go dtugtar léiriú ealaíonta ar an oíche stairiúil sa scannán seo ach tugtar léargas ar shaol an rac-cheoil ag an am. Tá píosaí scannánaíochta beo ón oíche mar aon le roinnt agallamh ó bhaill an ghrúpa mar chuid de.