Preas
Dillon ar cheann an chomhairimh i Maigh Eo i ndáilcheantar a mbeidh fíorchoimhlint ann
Sinn Féin ag seasamh an fhóid, agus súil ag Fianna Fáil an dara suíochán a bhaint amach ann
21.11.24
(Cliceáil le méadú)
De réir thorthaí phobalbhreith TG4/Ipsos B&A ar dháilcheantar Mhaigh Eo, a fógraíodh ar Nuacht TG4 tráthnóna, tá an Teachta Dála Alan Dillon, iar-pheileadóir contae, chun cinn le 17 faoin gcéad den vóta, bainfidh sé amach an cuóta agus tá sé cinnte de shuíochán. Is é is mó d’iarrthóirí Fhine Gael a gheobhaidh vótaí i Maigh Eo, mar ba nós le Michael Ring a dhéanamh.
I ndiaidh athbhreithniú a rinne an Coimisiún Toghcháin ar na Dáilcheantair anuraidh, cuireadh athrú ar theorainn an dáilcheantair chun Maigh Eo ar fad a áireamh. Tá chúig shuíochán anois arís sa dáilcheantar.
Is iad seo a leanas torthaí phobalbhreith an dáilcheantair:
Alan DILLON | Fine Gael | 17% |
Rose CONWAY-WALSH | Sinn Féin | 13% |
Dara CALLEARY | Fianna Fáil | 11% |
Lisa CHAMBERS | Fianna Fáil | 10% |
Mark DUFFY | Fine Gael | 10% |
Keira KEOGH | Fine Gael | 8% |
Patsy O’BRIEN | Gan Páirtí | 7% |
Paul LAWLESS | Aontú | 7% |
Gerry MURRAY | Sinn Féin | 5% |
Martina JENNINGS | Fine Gael | 4% |
Joe DALY | Pobal Roimh Bhrabús | 2% |
Stephen KERR | Gan Páirtí | 2% |
Mícheál ‘BOXTY’ Ó CONAILL | Comhaontas Glas | 2% |
Chris MAXWELL | Éire Neamhspleách | 2% |
Gerry LOFTUS | Gan Páirtí | 1% |
Sean FORKIN | Gan Páirtí | * |
*= 0.0 – 0.5%
Bhí dhá shuíochán as ceithre cinn ag Fine Gael sa dáilcheantar in 2020 – Michael Ring ag ceann an chomhairimh an t-am sin agus bhain Alan Dillon an suíochán de Michelle Mulherin, ar éigean, chun an dara suíochán a bhaint amach d’Fhine Gael. Chuaigh an dá shuíochán eile chuig Rose Conway-Walsh Shinn Féin agus chuig Dara Calleary Fhianna Fáil.
Tá an-seans anois ag Fine Gael an dara suíochán a bhaint amach an babhta seo arís mar go bhfuil an triúr iarrthóirí eile atá ag Fine Gael sa Dáilcheantar ag cruthú go maith; tá 10 faoin gcéad den vóta ag Mark Duffy, 8% ag Keira Keogh agus 4% den tacaíocht ag Martina Jennings. In éineacht, tá vóta Fhine Gael mar a bhí an sciar vótaí a bhain an páirtí amach sa dáilcheantar in 2020 nuair bhuaigh siad dhá shuíochán i ndáilcheantar nach raibh ach ceithre shuíochán ann. Tá amhras, mar sin féin, faoin straitéis a bhí ag an bpáirtí ceathrar iarrthóirí a chur chun cinn.
Tá an chosúlacht air go gcoinneoidh Rose Conway-Walsh Shinn Féin a suíochán féin mar go bhfuil 13 faoin gcéad den vóta aici. Is 18 faoin gcéad (má ghlactar 5 faoin gcéad Gerry Murray san áireamh) an tacaíocht iomlán atá ag Sinn Féin i Maigh Eo. Tá sin ag teacht leis na figiúirí náisiúnta ach faoin 23 faoin gcéad den vóta a bhain an páirtí amach in 2020.
Ag 11 faoin gcéad atá an tacaíocht do Dhara Calleary Fhianna Fáil agus tá 10 faoin gcéad den vóta ag Lisa Chambers. In éineacht, tá vóta Fhianna Fáil os cionn an chuóta agus d’fhéadfadh seans a bheith acu ar an dara suíochán.
Beidh an t-iarrthóir neamhspleách Patsy O’Brien san iomaíocht don suíochán deiridh sa dáilcheantar le sciar 7 faoin gcéad den vóta. Tá Paul Lawless Aontú é féin ag 7 faoin gcéad agus é ag cruthú níos fearr ná an páirtí go náisiúnta ag 7 faoin gcéad, agus tá seans aigesean freisin ar an suíochán deiridh.
Ar an bhfón Dé Luain agus Dé Máirt an tseachtain seo (18 agus 19 Samhain) a tugadh faoin bpobalbhreith seo de chuid TG4/Ipsos B&A.
Teagmháil do na meáin i TG4:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie
Deirdre Ní Choistín | Ceannasaí Nuachta agus Cúrsaí Reatha TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie