Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Titim mór tagtha ar an tacaíocht atá ag Fianna Fáil i nGaillimh Thiar de réir phobalbhreith TG4 / Ipsos B&A

14.11.24

(Cliceáil le méadú)
 

De réir thorthaí phobalbhreith TG4 / Ipsos B&A a nochtadh ar Nuacht TG4 anocht tá seans an-mhaith ag gach duine den cheathrar a raibh na suíocháin acu i nGaillimh Thiar sa Rialtas deiridh ar na suíocháin sin arís, ó tharla nach bhfuil ach 6 phointe céatadáin idir na 8 n-iarrthóir is fearr a chruthaigh sa phobalbhreith.
 
Is iad seo a leanas torthaí phobalbhreith an dáilcheantair:

 

Catherine CONNOLLY Gan Páirtí 13%
Hildegarde NAUGHTON Fine Gael 13%
Noel GREALISH Gan Páirtí 12%
Seá​n KYNE Fine Gael 10%
Mairé​ad FARRELL Sinn Féin 9%
Noel THOMAS Éire Neamhspleách 8%
John CONNOLLY Fianna Fáil 7%
Grá​inne SEOIGE Fianna Fáil 7%

 

Tráth na pobalbhreithe Dé Luain an 11 agus Dé Máirt an 12 Samhain, bhí sé iarrthóir déag fógartha don dáilcheantar cúig shuíochán. Is é 17% an cuóta toghcháin.
 
Cruthaigh an t-iarrthóir neamhspleách Catherine Connolly go maith sa phobalbhreith agus 13 faoin gcéad den tacaíocht aici agus tá 12 faoin gcéad den tacaíocht ag Noel Grealish, Neamhspleách. Tá an chuma ar an scéal go gcoinneoidh siad a suíocháin.
 
Tá leas bainte ag Fine Gael as an athrú ceannaireachta faoi Simon Harris agus seans maith ann go mbeidh dhá shuíochán ag Fine Gael i nGaillimh Thiar, ceann an duine ag na hiarrthóirí Hildegarde Naughton agus Seán Kyne. Tá 13 faoin gcéad den tacaíocht ag Hildegarde Naughton agus 10 faoin gcéad ag Seán Kyne. Tá taithí ag an mbeirt iarrthóirí sin d’Fhine Gael ar fheachtais toghchánaíochta, ní fearacht iarrthóirí i ndáilcheantair eile. Is cosúil go bhfuil bainistiú vótaí áitiúil Fhine Gael ag obair freisin, agus aistriú maith vótaí idir an bheirt iarrthóirí.
 
Níl an Teachta Dála Éamon Ó Cuív Fhianna Fáil, atá ina theachta le fada, ag dul san iomaíocht san Olltoghchán seo. B’ionann iomlán na vótaí a fuair Fianna Fáil in 2020 agus 23 faoin gcéad. Tá an cheist chéanna ag gach duine faoi vótaí Uí Chuív – cé a gheobhaidh iad? Tá titim nach mór 10 faoin gcéad tagtha ar thacaíocht Fhianna Fáil sa phobalbhreith TG4/Ipsos B&A seo. Tá an bheirt iarrthóirí gob ar ghob agus 7 faoin gcéad den tacaíocht ag John Connolly agus 7 faoin gcéad ag Gráinne Seoige í féin. Is cosúil, áfach, go bhfaighidh Gráinne Seoighe níos mó vótaí aistrithe.
 
Tá 9 faoin gcéad den tacaíocht ag Mairéad Farrell agus í san iomaíocht lena suíochán a choinneáil ach tá sí gann go maith ar an gcuóta agus beidh sí ag brath ar vótaí aistrithe. Tá Noel Thomas Éire Neamhspleách, a bhí ina chomhairleoir le Fianna Fáil tráth san iomaíocht do shuíochán agus 8 faoin gcéad den tacaíocht aige sa phobalbhreith seo.
 
Is iad Pauline O’Reilly (Comhaontas Glas) 5 faoin gcéad, Helen Ogbu (Páirtí an Lucht Oibre) 4 faoin gcéad, Eibhlín Seoighthe (Na Daonlathaithe Sóisialta) 3 faoin gcéad agus Mike Cubbard (Gan Páirtí) 3 faoin gcéad, na hiarrthóirí eile i nGaillimh Thiar.

 

Teagmháil do na meáin i TG4:

Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie

Deirdre Ní Choistín | Ceannasaí Nuachta agus Cúrsaí Reatha TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie


Cuir aithne orainn: