Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Ní dócha go gcoinneoidh Fine Gael suíochán agus an chosúlacht air go mbainfidh Fianna Fáil dhá shuíochán amach i nDún na nGall de réir phobalbhreith TG4 / Ipsos B&A ar an dáilcheantar

19.11.24

(Cliceáil le méadú)
 
Léirítear i dtorthaí phobalbhreith dháilcheantar Dhún na nGall TG4/Ipsos B&A, a nochtadh ar Nuacht TG4 tráthnóna, go bhféadfadh Fianna Fáil suíocháin a bhaint amach i nDún na nGall. Ní dócha go gcoinneoidh Fine Gael an suíochán a bhuaigh Joe McHugh in 2020. Beidh sé deacair ag iarrthóir an pháirtí Cúiteamh 100%, Charles Ward, suíochán a bhuachan.

Pointe céatadáin amháin atá idir an bheirt iarrthóirí atá ag Fianna Fáil, Pat ‘The Cope’ Gallagher (13 faoin gcéad) agus Charlie McConalogue, an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara atá ag dul as oifig (12 faoin gcéad). Is ag Charlie McConalogue, ar as Carn Domhnach é, atá vóta Fhianna Fáil in Inis Eoghain agus is ag Pat ‘The Cope’ Gallagher atá vóta iarthar Dhún na nGall. Is cosúil, áfach, go bhfaighidh Charlie McConalogue níos mó vótaí aistrithe. Ní raibh dada ar chor ar bith idir Charlie McConalogue agus Pat ‘The Cope’ Gallagher in 2020, ach ba é Charlie McConalogue ar éirigh leis suíochán Fhianna Fáil a thabhairt leis sa deireadh.

Léiríodh sa phobalbhreith go bhfuil tacaíocht láidir fós i nDún na nGall do Shinn Féin, tacaíocht níos láidre ná mar atá i bpobalbhreitheanna go náisiúnta. Tá Pearse Doherty ag barr na pobalbhreithe le 22 faoin gcéad, é i bhfad os cionn an chuóta atá ag teastáil. 11 faoin gcéad den vóta atá ag Pádraig Mac Lochlainn agus tá seisean in áit mhaith lena shuíochán a choinneáil, le cúnamh ó na vótaí aistrithe a gheobhaidh sé ó Noel Jordan (2 faoin gcéad) atá ag rith do Shinn Féin i ndeisceart an dáilcheantair, agus le farasbarr Phearse Doherty.

Is iad seo a leanas torthaí phobalbhreith an dáilcheantair:

 

Pearse DOHERTY Sinn Fé​in 22%
Pat ‘​The Cope’​ GALLAGHER Fianna Fá​il 13%
Charlie McCONALOGUE Fianna Fá​il 12%
Pá​draig MAC LOCHLAINN Sinn Fé​in 11%
Thomas PRINGLE Gan Páirtí 11%
Charles WARD Cúiteamh 100% 6%
John McNULTY Fine Gael 6%
Nikki BRADLEY Fine Gael 6%
Mary T. SWEENEY Aontú​ 4%
Noel JORDAN Sinn Fé​in 2%
Niall McCONNELL Gan Páirtí 2%
Nuala CARR Comhaontas Glas 2%
Carol GALLAGHER Pobal Roimh Bhrabús 1%
Eamon McGEE Éire Amach: Cumann na Saoirse 1%
Kim McMENAMIN The Irish People *
Frank O’​DONNELL Gan Páirtí *
Gerry McKEEVER Gan Páirtí *
Claudia KENNEDY >Fianna Fá​il *

*= 0.0 – 0.5%
 

Cúig shuíochán atá i ndáilcheantar Dhún na nGall agus is 17% an cuóta. Tugadh faoi phobalbhreith TG4/Ipsos B&A ar an bhfón Dé hAoine agus Dé Sathairn na seachtaine seo caite (15 agus 16 Samhain) nuair a bhí an tréimhse le haghaidh ainmniúchán ag dúnadh. Tá a n-iarrthóireacht deimhnithe ó shin ag beirt iarrthóirí neamhspleácha eile, Vincent Bradley agus Arthur McGuinness.

D’fhéadfadh sé nach bhfaigheadh Fine Gael suíochán i nDún na nGall de réir thorthaí na pobalbhreithe. Bhuaigh Joe McHugh suíochán don pháirtí in 2020 ach níl seisean ag rith san ollthoghchán seo. Níl Martin Harley, a chomhiarrthóir in 2020, ag rith ach an oiread. Is iad John McNulty (6 faoin gcéad) agusan Seanadóir Nikki Bradley (6 faoin gcéad) a bheidh ag rith thar ceann Fhine Gael an uair seo. Ní dócha go mbeidh aon bhuntáiste ag na hiarrthóirí seo, atá ag rith san olltoghchán den chéad uair, as an tacaíocht atá ann do Simon Harris. D’fhéadfadh aistrithe ó iarrthóir de chuid Fhine Gael cuidiú le Fianna Fáil an dara suíochán a bhaint amach.

Is ceist mhór i nDún na nGall é an cúiteamh do thithe a bhfuil damáiste déanta dóibh mar gheall ar bhloic lochtacha. 6 faoin gcéad den vóta atá ag Charles Ward ón bpáirtí Cúiteamh 100%, agus is dócha go mbeidh díomá ar lucht feachtasaíochta faoi thoradh na pobalbhreithe seo. Níor éirigh le Charles Ward suíochán a bhaint sna toghcháin áitiúla i mí an Mheithimh, agus bhí tuairimíocht ann go gcuirfeadh Cúiteamh 100% comhairleoir amháin as an gceathrar comhlairleoirí a toghadh chun cinn chun díriú ar leithinis Inis Eoghain go háirithe.

D’éirigh le Thomas Pringle (11 faoin gcéad) suíochán a bhuachan in 2020 le níos lú vótaí céadrogha ná mar atá faighte aige sa phobalbhreith seo do Dhún na nGall. Beidh seisean ag súil go n-éireoidh leis a shuíochán a choinneáil leis na haistrithe agus is léir ón bpobalbhreith seo go bhfaighidh sé go leor vótaí aistrithe an uair seo i gcomórtas le holltoghcháin eile.

 

Teagmháil do na meáin i TG4:

Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie

Deirdre Ní Choistín | Ceannasaí Nuachta agus Cúrsaí Reatha TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie


Cuir aithne orainn: