Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

An chosúlacht air gur ag Michael Healy-Rae a bheidh an vóta is airde sa tír san olltoghchán ó tharla 10% os cionn an chuóta a bheith bainte amach aige i bpobalbhreith TG4 ar dháilcheantar Chiarraí agus suíochán ann do Danny Healy-Rae dá bharr

Gheobhaidh na trí phríomhpháirtí na trí shuíochán eile, beidh ceann ag Fianna Fáil, ceann ag Fine Gael agus ceann ag Sinn Féin.

26.11.24

(Cliceáil le méadú)
 
Léirigh torthaí phobalbhreith TG4 / Ipsos B&A ar dháilcheantar Chiarraí a craoladh ó Dhún Chaoin ar Nuacht TG4 anocht go bhfuair Michael Healy Rae 27% ollmhór den vóta, go raibh sé i bhfad chun tosaigh ar aon iarrthóir eile agus go mbeidh sé i measc na ndaoine a mbeidh an líon is airde vótaí sa stát aige Dé hAoine. Sa chúigiú áit a tháinig a dheartháir Danny Healy-Rae agus 10 faoin gcéad den vóta aige. Aistreofar farasbarr Michael, is é sin beagnach 40 faoin gcéad de réir na pobalbhreithe seo, chuig Danny, a chinnteoidh go mbeidh muintir Healy-Rae ar ais sa Dáil.

Cúig shuíochán atá i ndáilcheantar Chiarraí agus 17 faoin gcéad an cuóta.

Tá 14 faoin gcéad de na vótaí ag an Aire Oideachais atá ag dul as oifig, Norma Foley, an dara líon is airde sa phobalbhreith, agus idir sin agus na haistrithe a gheobhaidh sí ó iarrthóirí eile Fhianna Fáil, Michael Cahill (7 faoin gcéad) agus Linda Gordon Kelleher (3 faoin gcéad) coinneoidh sí a suíochán i gCiarraí. Tá vóta iomlán Fhianna Fáil chun cinn ar an mhéid a fuair siad i 2020. Beidh siad sásta go maith le sin go háirithe ós rud é go bhfuil an t-iar Theachta Dála John Brassil imithe ar scor.
 

Is iad seo a leanas torthaí phobalbhreith an dáilcheantair:

 

Michael HEALY-RAE Gan Páirtí 27%
Norma FOLEY Fianna Fáil 14%
Billy O’SHEA Fine Gael 14%
Pa DALY Sinn Féin 12%
Danny HEALY-RAE Gan Páirtí 10%
Michael CAHILL Fianna Fáil 7%
Stephanie O’SHEA Sinn Féin 3%
Cleo MURPHY Comhaontas Glas 3%
Linda GORDON KELLEHER Fianna Fáil 3%
Mike KENNEDY Lucht Oibre 2%
Catherina O’SULLIVAN Aontú 1%
Thomas Mc ELLISTRIM Éire Neamhspleách 1%
Cian PRENDIVILLE Pobal Roimh Bhrabús 1%
Brandon BEGLEY Éire Amach: Cumann na Saoirse 1%
Michelle KEANE Gan Páirtí 1%
Mary FITZGIBBON Gan Páirtí 1%
John O’LEARY Gan Páirtí *

*= 0.0 – 0.5%
 

Tá 12 faoin gcéad de na vótaí ag Pa Daly Shinn Féin agus idir é agus a chomhiarrthóir Stephanie O’Shea (a bhfuil 3 faoin gcéad aici) tá 15 faoin gcéad ar fad den vóta ag Sinn Féin i gCiarraí, gan an cuóta baileach bainte amach acu. Cosúil le Fine Gael, is léir go bhfuil vóta an pháirtí beagán níos ísle an uair seo ach tá an fód á sheasamh acu i gCiarraí. Níl Brendan Griffin Fhine Gael san iomaíocht san olltoghchán seo agus is é Billy O’Shea Fhine Gael atá ina ionad. Tá ag éirí go maith leis an iarrthóir nua Billy O’Shea agus 14 faoin gcéad den vóta aige sa phobalbhreith, cé go bhfuil vóta Fhine Gael tite beagán i gCiarraí. Tá aistriú maith vótaí idir dá phríomhpháirtí an rialtais, fiú i gceantaracha atá i bhfad óna chéile.

Tá Páirtí an Lucht Oibre, a raibh suíochán aige i gCiarraí ar feadh na mblianta, ag déanamh go dona agus gan ach 2% den vóta sa phobalbhreith acu.

Tugadh faoi phobalbhreith TG4/Ipsos B&A Dé hAoine agus Dé Sathairn an tseachtain seo caite (an 22 agus an 23 Samhain), seachtain roimh lá an olltoghcháin. Baineann lamháil earráide thart ar móide nó lúide ceithre phointe céatadáin le sampla 521 duine.

 

Teagmháil do na meáin i TG4:

Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie

Deirdre Ní Choistín | Ceannasaí Nuachta agus Cúrsaí Reatha TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie


Cuir aithne orainn: