Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Níos mó ná riamh cheana de Mhná na hÉireann le feiceáil ag imirt Pheil Astrálach na mBan ar TG4

Aussie Rules na mBan

27.08.24


Pic: Vikki Wall
 

 
Lá na Preibe – Dé Sathairn, an 31 Lúnasa ar TG4
 
Tá fógartha ag TG4 go mbeidh cluichí iomlána agus buaicphointí á gcraoladh seachtain i ndiaidh seachtaine arís an séasúr seo de Shraith Pheil Astrálach na mBan (AFLW).
 
Beidh líon níos mó ná riamh, ceithre dhuine dhéag agus fiche, de mhná na hÉireann ag imirt i gcraobh na bliana seo. Baineann siad le hocht gcinn déag de chontaetha. As Maigh Eo an sciar is fairsinge, seisear imreoirí, aon imreoir amháin chun tosaigh ar Thiobraid Árann. Féach liosta iomlán na n-imreoirí thíos.
 
Tá tús á chur an deireadh seachtaine seo le Craobhchomórtas AFLW agus ocht bhfoireann déag san iomaíocht ag iarraidh a bheith sa Chluiche Ceannais, an 30 Samhain.
 
Beidh dhá chluiche á gcraoladh ar atráth gach deireadh seachtaine ag TG4 chomh maith le buaicphointí a chraoladh gach seachtain mar chuid den chlár GAA 2024 ag a 8 i.n. ar an Luan.
 
Beidh an chéad eagrán de AFL Aussie Rules na mBan ar an aer Dé Sathairn ag 12:00 meán lae le Essendon v Freemantle. Féach thíos liosta iomlán na gcluichí ó na trí bhabhta tosaigh:

  • Dé Sathairn, an 31 Lúnasa 12:00pm – Ar atráth – Babhta 1 – Essendon v Freemantle
  • Dé Domhnaigh, an 1 Meán Fómhair 12.05pm – Ar atráth – Babhta 1 – Brisbane Lions v Kangaroos
  • Dé Sathairn, an 7 Meán Fómhair – Ar atráth – Babhta 2 – Melbourne v Brisbane Lions
  • Dé Domhnaigh, an 8 Meán Fómhair – Ar atráth – Babhta 2 – St Kilda v Sydney Swans

 
Dúirt Ceannasaí Spóirt TG4 Rónán Ó Coistealbha: “Tá borradh tréan tobann faoi chraobhchomórtas AFLW agus cuireann sé sceitimíní orainn an t-aicsean is fearr as an Astráil a chur ar fáil don lucht féachana in Éirinn seachtain i ndiaidh seachtaine. Tá cuid mhór peileadóirí as Éirinn ag imirt sa chomórtas agus is mór le TG4 an deis seo a chur ar fáil do mhuintir na hÉireann féachaint ar an gcomórtas ar chainéal saor ó tháille.”
 

An 34 imreoirí Éireannacha deimhnithe do Shéasúr AFLW 2024

Maigh Eo
Niamh Kelly (Adelaide Crows)
Dayna Finn (Carlton)
Sarah Rowe (Collingwood)
Rachel Kearns (Geelong Cats)
Aileen Gilroy (Hawthorn)
Grace Kelly (St Kilda)
 
Tiobraid Árann
Orla O’Dwyer (Brisbane Lions)
Aisling McCarthy (Freemantle)
Anna Rose Kennedy (Geelong Cats)
Aishling Moloney (Geelong Cats)
Niamh Martin (North Melbourne)
 
Dún na nGall
Amy Boyle Carr (Adelaide Crows)
Niamh McLaughlin (Gold Coast Suns)
Tanya Kennedy (Sydney Swans)
 
Ard Mhacha
Amy Mulholland (Freemantle)
Lauren McConville (Gold Coast Suns)
Blaithin Mackin (Melbourne)
 
Baile Átha Cliath
Jennifer Dunne (Brisbane Lions)
Sinéad Goldrick (Melbourne)
 
An Mhí
Orlagh Lally (Freemantle)
Vikki Wall (North Melbourne)
 
Liatroim
Áine Tighe (Freemantle)
Eilish O’Dowd (GWS Giants)
 
Ciarraí
Paris McCarthy (Sydney Swans)
Julie O’Sullivan (Sydney Swans)
 
An Cabhán
Aishling Sheridan (Collingwood)
 
Muineachán
Muireann Atkinson (Collingwood)
 
Ros Comáin
Joanne Cregg (Freemantle)
 
Uíbh Fhailí
Kate Kenny (Geelong Cats)
 
An Dún
Clara Fitzpatrick (Gold Coast Suns)
 
Tír Eoghain
Cara McCrossan (Gold Coast Suns)
 
Gaillimh
Áine McDonagh (Hawthorn)
 
Corcaigh
Erika O’Shea (North Melbourne)
 
Fear Manach
Blaithín Bogue (North Melbourne)
 

Dátaí don séasúr AFL Women’s:

Babhta 1 – deireadh seachtaine 31 Lúnasa / 1 / 2 Meán Fómhair
Babhta 2 – deireadh seachtaine 6 / 7 / 8 Meán Fómhair
Babhta 3 – deireadh seachtaine 12 /13 / 14 Meán Fómhair
Babhta 4 – deireadh seachtaine 20 / 21 / 22 Meán Fómhair
Babhta 5 – deireadh seachtaine 27 / 28 / 29 Meán Fómhair
Babhta 6 – deireadh seachtaine 3 / 5 / 6 Deireadh Fómhair
Babhta 7 – deireadh seachtaine 11 / 12 / 13 Deireadh Fómhair
Babhta 8 – deireadh seachtaine 18 / 19/ 20 Deireadh Fómhair
Babhta 9 – deireadh seachtaine 25 / 26 / 27 Deireadh Fómhair
Babhta Ceannais – mí na Samhna
 

Breis Eolais: https://www.afl.com.au/aflw/fixture?Competition=3

 

Teagmháil do na Meáin:
Shane Walsh | Eagarthóir Margaíochta Spóirt | shane.walsh@tg4.ie


Cuir aithne orainn: