Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Níos mó ná 100 uair a chloig d’imirt liathróid láimhe le taispeáint beo ar Spórt TG4 an tseachtain seo chugainn

Ón 28 Deireadh Fómhair go dtí an 3 Samhain beo ar chainéal YouTube Spórt TG4

25.10.24

 

Is cúis ríméid do TG4 a fhógairt go mbeidh seacht lá de chraoladh beo á dhéanamh ó Chraobh Ceithre Bhalla an Domhain oneills.com 2024. Is féidir leis an lucht féachana ceangal le leathanach YouTube Spórt TG4 ó Dé Luain, an 28 Deireadh Fómhair agus féachaint ar sheachtain iomlán d’imirt iontach liathróid láimhe. Beidh an craobhchomórtas ar siúl ón 26 Deireadh Fómhair go dtí an 3 Samhain in ionaid éagsúla ar fud Chúige Laighean agus é leagtha amach go mbeidh Cluichí Ceannais na Sinsear ar siúl Dé Domhnaigh, an 3 Samhain san Ionad Náisiúnta Liathróid Láimhe i bPáirc an Chrócaigh.
 
Táthar a thuar go mbeidh Craobhchomórtas Ceithre Bhalla an Domhain 2024 ar an gcomórtas ceithre bhalla is mó a eagraíodh riamh le 1,675 imreoir agus 1,900 cluiche á n-imirt ag iomaitheoirí ón aoisghrúpa faoi 11 go dtí na sárimreoirí sna comórtais oscailte. Beidh cluichí ar siúl i 25 phinniúr in ionaid éagsúla, Cill Chainnigh, Ceatharlach, Laois, Uíbh Fhailí, Cill Dara, Cill Mhantáin agus Loch Garman ina measc. Beidh imreoirí sárleibhéil as cúig cinn de thíortha—Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada, Meicsiceo, an tSeapáin agus Éire—san iomaíocht agus beidh Máirtín Ó Maoilchiaráin (Gaillimh), an curadh reatha, ar ais ag iarraidh craobh na bhfear a thabhairt leis arís.
 
An imirt as Páirc an Chrócaigh a bheidh á taispeáint beo ag TG4 le cluichí as an bpríomhphinniúr agus as pinniúr 2 agus pinniúr 3 gach lá. Meastar go mbeidh níos mó ná 100 uair a chloig d’imirt liathróid láimhe ar taispeáint i rith na 7 lá den iomaíocht go gcríochnaítear leis na Cluichí Ceannais Oscailte, Dé Domhnaigh, an 3 Samhain.
 
Deir David Britton, Ceannasaí Liathróid Láimhe CLG: “Is breá le Liathróid Láimhe CLG Craobhchomórtas an Domhain a bheith á eagrú anseo againn don dara huair riamh, cothrom céad bliain a thángthas isteach le CLG. Le beagnach 1,700 iomaitheoir, is iontach an féasta liathróid láimhe atá i ndán le Craobhchomórtas Ceithre Bhalla an Domhain, rud a chuideoidh le haird a tharraingt ar an spórt beo bríomhar seo. Is mian le Liathróid Láimhe CLG buíochas a ghlacadh le Rónán Ó Coisdealbha, Shane Walsh, agus gach duine i TG4 as an maitheas atá á dhéanamh go leanúnach acu don chluiche iontach seo.”
 
Deir Rónán Ó Coisdealbha, Ceannasaí Spóirt TG4: “D’éirigh thar cionn le Craobh Aon Bhalla an Domhain 2024 i mí Lúnasa le buaicleibhéal de lucht féachana ar TG4. Is léir go bhfuil níos mó suime á chur sa Liathróid Láimhe agus tá an comhar páirtnéireachta idir TG4 agus Liathróid Láimhe CLG ag cuidiú le haird lucht féachana níos leithne a tharraingt ar an spórt spleodrach seo. Is breá linn leanúint ar aghaidh le Craobhchomórtas Ceithre Bhalla an Domhain a thaispeáint agus meastar go spreagfar spéis lucht féachana níos mó arís le seachtain eile d’imirt liathróid láimhe chomh maith agus atá ar domhan.”
 
Chomh maith leis an imirt a chraoltar beo, beidh clár speisialta uair a chloig de na buaicphointí á chraoladh ar TG4 Dé Domhnaigh, an 10 Samhain ag 6 i.n. ina dtaispeánfar an chuid is fearr de Chraobhchomórtas Liathróid Láimhe Ceithre Bhalla an Domhain 2024. Tabharfaidh an clár sárléirithe buaicphointí seo leis an spleodar agus an teannas a ghabhann leis an gcraobhchomórtas ionas go mbíonn achoimre chuimsitheach ar fáil don lucht féachana.
 
Beidh buaicphointí ó na cluichí ceannais sna craobhacha oscailte le feiceáil freisin ar an gclár GAA 2024 Dé Luain, an 4 Samhain ag 8 i.n. ionas go mbíonn deis ag daoine na príomhbhearta imeartha ó na cluichí craoibhe a fheiceáil in athuair.
 
Beidh Liathróid Láimhe, clár faisnéise speisialta aon uair a chloig, á chraoladh freisin ag TG4 mar chomóradh ar chéad bliain de Liathróid Láimhe CLG. Feictear sa chlár an imirt ó shéasúr Chraobh Uile-Éireann Ceithre Bhalla 2024 chomh maith le hábhar ó chlubanna ar fud na tíre agus agallaimh le roinnt de na daoine is iomráití atá ceangailte le Liathróid Láimhe CLG. Beidh Liathróid Láimhe á chraoladh ar an 28 Deireadh Fómhair ag 6 i.n. agus á athchraoladh Dé Domhnaigh, an 3 Samhain ag 5.55 i.n.
 
Tá sceideal iomlán na gcluichí ar fáil ar knowthescore.ie agus eolas breise maidir le hionaid agus le sceidil ar láithreán gréasáin GAA Handball.
 
Tá TG4 ag tnúth leis an aicsean ar fad a chur ar fáil beo!
 

 

 

Teagmháil do na meáin i TG4:
Shane Walsh | Eagarthóir Margaíochta Spórt TG4 | shane.walsh@tg4.ie


Cuir aithne orainn: