Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Lí Ban: An Chéad Sraith Anime Ghaeilge faoi thionchar Mhiotaseolaíocht na gCeilteach le craoladh den chéad uair ar Cúla4

Ag Craoladh Dé Máirt an 15 Deireadh Fómhair 2024

08.10.24

 

Ógánach Lasánta Amháin. Cara Dílis Amháin.
Trí Chéad Bliain d’Eachtraí sna Farraigí Ceilteacha

 

 
Seolfar Lí Ban, sraith anime eachtraíochta mhearshiúlach do pháistí faoi thionchar mhiotaseolaíocht na gCeilteach de chuid Paper Owl Films ar TG4 in Éirinn agus i mBreatnais ar S4C sa Bhreatain Bheag an 15 Deireadh Fómhair 2024.
 
Craolfar an tsraith nua 13 clár 11 nóiméad an ceann seo atá dírithe ar pháistí idir 7 agus 9 mbliana, ach a mheallfaidh an teaghlach uilig, ag 4.20 p.m. ar Cúla4/TG4 agus beidh na cláracha ar fad ar fáil ar cula4.com. Tá Sadbh Breathnach (glór Lí Ban) agus Jude Petticrew (glór Chon) i measc na n-aisteoirí.
 
Beidh laochra iontacha, bithiúnaigh fhinscéalacha agus réaltacht atá fite fuaite i ndraíocht na gCeilteach i gcroílár eachtraí Lí Ban, cailín dána 12 bhliain d’aois. Tá na scéalta seo ar chuid de na cinn is fiáine atá tugtha ag na glúnta Ceilteacha dúinn. Bunaithe ar scéalta atá chomh sean leis na domhain agus na cladaí a mhúnlaigh iad, éiríonn le Lí Ban roinnt freagraí a fháil le linn a haistir, cé go n-ardaíonn roinnt de na freagraí sin tuilleadh ceisteanna.
 
Anois agus iad iompaithe isteach ina Maighdean Mhara agus Dobhrán Mara, caitheann Lí Ban agus a madra dílis Con na céadta bliain ag dianchuardach ríochtaí faoi thoinn as na bhfinscéalta Ceilteacha. Buailfidh siad le déithe, arrachtaigh, fathaigh agus daoine glice ar an mbealach agus iad ar thóir freagraí.
 
Cé a scrios a baile? Cad chuige ar claochlaíodh í? Agus cé hí féin i ndáiríre? Tabharfaidh siad faoi aistear síoraí trí cheartlár an domhain ársa Cheiltigh isteach i scéalta faoi am agus áit a bhí ligthe i ndearmad, beagnach.
 
Tá freagraí ó Lí Ban. Tugann a tóraíocht a fhad le Manannán, Dia na Mara, í ach le gach freagra tagann tuilleadh ceisteanna. De réir mar a théann an t-aistear ar aghaidh, feicfimid í ag fás agus ag forbairt agus ag athrú ó bheith ina leanbh ceanndána go dtí a bheith ina hógánach cróga trína dtuigeann sí anois céard is brí i ndáiríre le teaghlach agus le Lí Ban.
 
Deir Gráinne McGuinness, Stiúrthóir Cruthaitheach Paper Owl Films: “De bharr an éilimh idirnáisiúnta atá ar scéalaíocht anime agus fantaisíochta, beidh suim ag an lucht féachana óg 7–9 mbliana d’aois sa scéal seo faoi a bheith ag teacht in aois ó tharla iad féin a bheith ar thairseach na hógántachta. Rachaidh scéal ársa Ceilteach Lí Ban i bhfeidhm ar pháistí ar fud an domhain, atá iad féin ag streachailt lena n-áit ar an saol seo a fháil amach, mar a bhí Lí Ban í féin sa saol eile na céadta bliain ó shin.”
 
Ba mhian le Siobhán Ní Bhrádaigh, Eagarthóir Coimisiúnaithe Daoine Óga Cúla4 & TG4 comhghairdeas a dhéanamh le Paper Owl agus le gach duine a raibh baint acu le Lí Ban. “Tá an-áthas orainn an tsraith álainn seo faoi thionchar mhiotaseolaíocht na gCeilteach a chur i láthair lucht féachana Cúla4 an fómhar seo. Níl aon amhras ach go mbeidh ár lucht féachana faoi gheasa ag Lí Ban agus Con agus iad ag tumadh i scéalta a bheidh á n-insint go deo agus iad ag déanamh a mbealaigh trí mhistéirí na bhfarraigí Ceilteacha.”
 

Is iad TG4 agus S4C a choimisiúnaigh Lí Ban agus léiríodh an tsraith le cúnamh maoinithe ó Choimisiún na Meán agus ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann. An comhlacht beochana Aardman a dháilfidh an tsraith go hidirnáisiúnta.
 
Dúirt Áine Walsh, Ceannasaí Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann: “Is sampla galánta é Lí Ban den dóigh a dtig linn ár dteangacha agus ár n-oidhreacht choiteann Cheilteach a phlé agus a cheiliúradh trí sheánra úrnua, mar atá anime Ceilteach. Tá sé mar thosaíocht againn tacaíocht a thabhairt d’ábhar beochana nua, scríofa i nGaeilge, agus táimid cinnte go mbainfidh an lucht féachana óg sult as Lí Ban agus Con a fheiceáil agus iad ag tabhairt na scéalta ársa seo a fhad lenár scáileáin.”
 
Deir Robin Gladman, Ceannasaí Éadálacha Aardman: “Tá lúcháir orainn a bheith ag dáileadh Lí Ban do Paper Owl agus tá muid ag dúil go mór leis an scéal Ceilteach seo a bhfuil buaine ag baint leis a chur i láthair an domhain, atá sárchurtha le chéile do lucht féachana domhanda an lae inniu.”

 

 

 

Teagmháil i TG4 do Lucht na Meán:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie


Cuir aithne orainn: