Preas
LGFA @ 50 - Clár Faisnéise ag comóradh 50 bliain de Pheil na mBan
TG4 Dé Domhnaigh an 22 Nollaig ag an 4pm
16.12.24
Comóradh ar an éacht atá bainte amach ag Cumann Pheil na mBan ón tráth nach raibh ann ach cumann beag go dtí an lá atá inniu ann agus áit thábhachtach anois aige i sochaí na hÉireann.
Tugtar urraim sa chlár faisnéise speisialta seo do 50 bliain de pheil eisceachtúil na mban in Éirinn. Tabharfar an lucht féachana ar thuras go dtí croílár an spóirt, ón pháirc pheile áitiúil an slí ar fad go dtí Páirc an Chrócaigh. Buailfear le himreoirí, cinnirí agus lucht leanúna an lae inniu ar fud na tíre – iadsan atá agus a bhí lárnach i rath Pheil na mBan. Tabharfaidh na daoine a chuireann a gcroí agus n-anam isteach sa spórt – na ceannródaithe, na himreoirí agus na hiarimreoirí – léargas dúinn ar an tábhacht a bhaineann leis dóibhsean. Inseofar scéal an chumainn freisin, ón tionchar a bhí ag sochaí na hÉireann air, go dtí an tionchar anois atá ag Peil na mBan ar shochaí na tíre. Ó na buaicphointí stairiúla go dtí na constaicí éagsúla a bhí agus atá fós os a gcomhair amach.
Tá níos mó ná spórt amháin i gceist leis!
Ó bhonn taca beag, go ceann de na spóirt is mó fás sa tír, caithfear súil ar na constaicí arbh éigean do cheannródaithe an spóirt aghaidh a thabhair orthu – na mná a raibh sé de mhisneach acu dúshlán a thabhairt ar ghnás na linne sin i sochaí na hÉireann chun an spórt a chur ar a chosa. Nochtfar an diongbháilteacht, an dúthracht, an teacht aniar agus an díograis a bhí ag baint leo sna laethanta sin agus gan an cumann ach ina thús. Réitigh siad bealach do na glúnta peileadóirí a bhí le teacht ina ndiaidh. Caithfear súil siar ar na heachtraí aitheanta agus na cluichí nach bhféadfaí dearmad a dhéanamh orthu le linn an chláir, cluichí atá greanta i gcuimhne na ndaoine. Agus thar aon ní eile, tabharfar léargas dúinn ar an gcaoi ar éirigh le Peil na mBan – an spórt is mó fás in Éirinn – a bheith i gcroílár phobal na hÉireann.
Inseofar príomhscéalta cuid de na pearsana is mó a bhfuil aithne orthu i bPeil na mBan sa chlár faisnéise seo. Ó pháirceanna beaga cois farraige i gCeann Trá, go dtí sléibhte Dhún na nGall, taispeánfar radharcanna ó cheantair thuaithe na hÉireann sa chlár, ar mór idir iad agus ceantair uirbeacha na tíre, ceantair amhail Corcaigh, Gaillimh agus Baile Áth Cliath. Tabharfar cuairt ar na háiteanna áille sin ar fud na tíre le rannpháirtithe an chláir, trína gcruthófar ceangal lena n-áit dúchais. Mar ghné lárnach den chlár, tabharfaidh na ceannródaithe sin a d’oibrigh go dícheallach sa chúlra tuiscint dúinn ar na fórsaí náisiúnta agus idirnáisiúnta a chabhraigh leo Cumann Pheil na mBan a bhunú agus a neartú mar eagraíocht agus mar phobal.
Stiurthóir: Moira Sweeney
Léiritheoir: Sarah McCoy
Eagarthóir: Erin Foley
Rannpháirtithe: Louise Ní Mhuircheartaigh, Margaret Lawlor, Michelle Ryan, Michael Ryan, Catriona Casey, Brenda McAnespie, Ciara McAnespie, Aoife McAnespie, Valerie Mulcahy, Rena Buckley, Cora Staunton, Mairéad Seoighe, Hannah Tyrrell, Sorcha Furlong, Hayley Kilgallon, Jonathon Murphy, Máire Ní Bhraonáin, Helen O’Rourke, Brian Tyers
Léiriúcháin de cuid NemetonTV, comhlacht neamhspleách ón Rinn, i nGaeltacht na nDéise a léiríonn formhór de chláir spóirt TG4.
Craolfar an clár LGFA @ 50 ar TG4 Dé Domhnaigh an 22 Nollaig ag an 4pm.
Teagmháil do na meáin i TG4:
Shane Walsh | Eagarthóir Margaíochta Spórt TG4 | shane.walsh@tg4.ie