Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Fógartha ag IFTA gurb é Kneecap atá roghnaithe ag Éirinn do na Oscars® 2025

02.08.24

Kneecap

 
Tá sé fógartha ag Acadamh Scannán agus Teilifíse na hÉireann (IFTA) gurb é an scannán Gaeilge Kneecap atá roghnaithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag an 97ú searmanas de Ghradaim Bhliantúla an Acadaimh sa chatagóir Oscar® don Phríomhscannán Idirnáisiúnta.
 
Is é Rich Peppiatt (One Rogue Reporter) a scríobh agus a stiúir an scannán inarb iad triúr ball an rapghrúpa Kneecap (Móglaí Bap, Mo Chara agus DJ Provaí) as Iarthar Bhéal Feirste na príomhaisteoirí agus a bhfuil cliar ensemble, lena n-áirítear Michael Fassbender, a fuair ainmniúchán le haghaidh Oscar, Simone Kirby, Josie Walker, Fionnuala Flaherty, Jessica Reynolds agus Adam Best, ina dteannta.
 
Roghnaigh Coiste Roghnúcháin IFTA 2024, ar a bhfuil an t-aisteoir Stephen Rea (The Crying Game, The English) a fuair ainmniúchán Oscar®; na stiúrthóirí a bhfuil gradaim buaite acu Colm Bairéad (An Cailín Ciúin) agus Lisa Mulcahy (Lies We Tell, Ridley Road); na haisteoirí a bhfuil gradaim buaite acu Liam Cunningham (Game of Thrones, Hunger) agus Bríd Ní Neachtain (Róise & Frank, The Banshees of Inisherin); agus an léiritheoir a bhfuil gradaim buaite aici Rebecca O’Flanagan (Flora & Son, Viva).
 
In Iarthar Bhéal Feirste sa bhliain 2019 atá an scannán seo suite agus díríonn sé ar an uair a raibh sé d’ádh ar an múinteoir scoile as Béal Feirste, JJ, aithne a chur ar Naoise agus Liam Óg. Ní bheadh an saol hip hap mar a chéile go brách arís. Agus iad ag rapáil ina dteanga dhúchais féin, cruthaíonn an triúr a seánra féin den phunc-rap Éireannach. Iad ag rappáil go héasca sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon le fuinneamh spleodrach. Tugann a gcuid scríbhneoireachta agus a gcuid aisteoireachta léargas eile ar atá in ann a bheith i gceist le rapcheol mar mhodh cruthaitheach agus cultúir, atá báite sa phobal. Tagann Kneecap le bheith ina gcinn feadhna ar ghluaiseacht Cearta Sibhialta a bhfuil sé d’aidhm aici an teanga dhúchais a thabhairt slán, ag cur deireadh le míthuiscint daoine faoin teanga agus faoin áit ina labhraítear í agus iad ina dtaoisigh ar athbheochan chultúir agus ar an treabh ollmhór daoine óga atá dílis dóibh.
 
Trevor Birney agus Jack Tarling a léirigh Kneecap do Fine Point Films agus Mother Tongues Films, agus bhí Patrick O’Neill ó Wildcard ina Chomh-Léiritheoir. Scáileán Thuaisceart Éireann, an Ciste Craoltóireachta Gaeilge, Fís Éireann, BFI (a bhronn maoiniú ón gCrannchur Náisiúnta), Coimisiún na Meán agus TG4, Dias Feld agus Kamila Serkebaeva, a chur maoiniú ar fáil don scannán agus fuair sé tacaíocht ó Great Point Media.
 
Eiseoidh Sony Pictures Classics Kneecap sna Stáit Aontaithe Dé hAoine an 2 Lúnasa agus beidh sé le feiceáil i bpictiúrlanna na hÉireann a bhuíochas do Wildcard Distribution Déardaoin an 8 Lúnasa. Curzon a eiseoidh an scannán sa Ríocht Aontaithe Dé hAoine an 23 Lúnasa.
 
Taispeánadh an scannán don Domhan den chéad uair riamh ag Féile Scannán Sundance in Eanáir na bliana seo agus d’éirigh leis an Gradam Lucht Féachana NEXT a thabhairt leis, an chéad scannán Gaeilge leis an mbua a fháil ag an bhféile. Taispeánadh ina dhiaidh sin é ag Sundance London, agus ba é a chuir tús le Fleadh Scannán na Gaillimhe, áit ar bhuaigh sé trí dhuais, Gradam an Lucht Féachana ina measc.
 
Tá Kneecap curtha anois leis an liosta de shárscannáin a rinneadh in Éirinn agus a roghnaigh IFTA iad lena gcur ar aghaidh le hionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn sa chatagóir Oscar® don Phríomhscannán Idirnáisiúnta i gcaitheamh na mblianta. An scannán An Cailín Ciúin (scannán Gaeilge) a fuair ainmniúchán Oscar in 2023 agus ba é an scannán Viva (scannán Spáinnise) a gearrliostaíodh don Oscar in 2016.
 
Ag labhairt faoin ainmniúchán deir Proinsias Ní Ghráinne, Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4, go bhfuil “ríméad ar TG4 an t-ainmniúchán seo a fháil don scannán spleodrach, dána Kneecap. Aitheantas é seo, ní hamháin ar scileanna stiúrtha, scríbhneoireachta agus aisteoireachta an bhanna féin, ach don fuinneamh a ghabhann le haos óg na Gaeilge ar fud na tíre ar stáitse domhanda”.
 

Teangmháil do na meáin: Linda Ní Ghríófa linda.ni.ghriofa@tg4.ie 087-9172864