Preas
“Hit the Wall” - Clár Faisnéise Nua faoi Liathróid Láimhe CLG
Dé Domhnaigh an 5 Eanáir ag 5:40pm ar TG4
10.12.24
Tá mórtas ar TG4 Hit The Wall a chur i láthair, clár faisnéise spéisiúil nua ina dtabharfar léargas ar dhomhan an-suimiúil Liathróid Láimhe CLG. Bhí liathróid láimhe ina bhunchloch spóirt sa tír tráth agus pinniúr liathróid láimhe i mbeagnach gach uile bhaile agus sráidbhaile ar fud na tíre ach tá dúshlán roimh an spórt anois le go mairfidh sé.
Cé go bhfuil meath tagtha ar an tóir atá ag muintir na tíre ar liathróid láimhe, gan ach 10,000 imreoir gníomhach á imirt agus go leor de na pinniúir liathróid láimhe gan úsáid nó tréigthe uilig, ní raibh an oiread díograise ná dúthrachta riamh ar na himreoirí is fearr sa spórt agus atá anois. Leanfar na scoth-lúthchleasaithe sin in Hit the Wall agus iad thuas seal thíos seal le linn an tséasúir, clár ina dtabharfar ardán dá ndíograis gan stad gan staonadh barr feabhais a bhaint amach sa spórt agus don teacht aniar intinne ar leith a theastaíonn chun dul san iomaíocht ar an leibhéal is airde.
Tabharfar domhainléargas sa chlár faisnéise seo ar scéal na n-imreoirí sin, trína bhfaighfear amach an méid a spreagann iad éachtaí a bhaint amach i spórt ar chreid go leor a bheith “caillte” uilig. Léargas pearsanta is ea an clár faisnéise ar spiorad an chomórtais agus ar an ngean buan atá ag daoine ar an gcluiche seo, cluiche atá fréamhaithe i stair na hÉireann.
I measc na rannpháirtithe sa chlár beidh Conor McElduff (Tír Eoghain), Paul Brady (An Cabhán), Diarmuid Nash (An Clár), Ollie Cassidy (Maigh Eo), Caitríona Casey (Corcaigh) agus Paul Fitzpatrick (An Cabhán).
Ailill Martin a léirigh Hit the Wall agus rinneadh é a scannánú le dhá bhliain anuas, le tacaíocht ó Éire Ildánach agus Liathróid Láimhe CLG.
Tapaigh an deis Hit the Wall a fheiceáil ar TG4 Dé Domhnaigh an 5 Eanáir ag 5:40pm.
Teagmháil do na meáin i TG4:
Shane Walsh | Eagarthóir Margaíochta Spórt TG4 | shane.walsh@tg4.ie