Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Georgia Tech v Florida State University - Beo ar TG4 – Dé Sathairn an 24 Lúnasa

24.07.24

College Football Ireland
 

    Georgia Tech v Florida State University – Beo ar TG4 – Dé Sathairn an 24 Lúnasa (5 i.n.)


Tá deimhnithe ag TG4 go gcraolfar Cluiche Clasaiceach Idir Coláistí 2024 Aer Lingus na bliana seo beo as Stáid Aviva ar an stáisiún Dé Sathairn, an 24 Lúnasa. Beidh Georgia Tech le Florida State University sa chluiche seo arb é an chéad cheann é sa séasúr nua idir coláistí chomh maith lena áireamh i gcomórtas an Atlantic Coast Conference (ACC). Is é seo an chéad uair riamh a mbeidh an cluiche seo á chraoladh beo ar an teilifís saorchaolta in Éirinn.
 
Beidh Cluiche Clasaiceach Aer Lingus na bliana 2024 ar an tríú cluiche sa Pheil Mheiriceánach idir coláistí as a chéile in Éirinn ó fógraíodh an tsraith cluichí seo agus ar an ochtú cluiche ar fad i Roinn I den chomórtas idir coláistí a imríodh in Éirinn.
 
Beidh fáilte á chur ar ais go hÉirinn roimh Georgia Tech, as ceartlár chathair Atlanta, tar éis dóibh imirt anseo cheana sa bhliain 2016 nuair a fuair siad an ceann is fearr, 17 in aghaidh 14, sa nóiméad deireanach, ar Boston College i Staid Aviva.
 
Is é seo an chéad chluiche riamh ag Florida State University, ar a dtugtar na Seminoles, a imirt thar sáile. Tá an chraobh náisiúnta tugtha leo trí huaire acu agus iad ar cheann de na coláistí is mó a bhfuil lucht leanúna acu. Imríonn siadsan a gcuid cluichí baile i Staid Doak Campbell, i Tallahassee, Florida, staid inar féidir le 79,560 dul ag féachaint orthu ag imirt.
 
Meastar go dtiocfaidh níos mó ná 24,000 duine as Meiriceá go Baile Átha Cliath don chluiche mór seo idir dhá fhoireann de na foirne coláiste is fearr sna Stáit Aontaithe. De réir meastachán ó shaothar taighde de chuid Fáilte Éireann agus Grant Thornton, is fiú €100 milliún do gheilleagar na hÉireann Cluiche Clasaiceach Idir Coláistí Aer Lingus na bliana 2024.
 
Deir Rónán Ó Coisdealbha, Ceannasaí Spóirt TG4: “Is breá le TG4 Cluiche Clasaiceach Idir Coláistí Aer Lingus a chur ar fáil do lucht féachana teilifíse saorchraolta in Éirinn. Tá seo ar cheann de na hócáidí móra spóirt atá ar siúl in Éirinn i mbliana agus táthar ag tnúth le fáilte a chur roimh Georgia Tech agus Florida State University go hÉirinn do chluiche na bliana 2024.”
 
Deir Brendan Meehan, Stiúrthóir Tráchtála ALCFC: “Is cúis ríméid dúinn go mbeidh Cluiche Clasaiceach Idir Coláistí Aer Lingus na bliana seo á chraoladh saor ó tháille ar TG4. Tugann seo deis iontach an taibhsiúlacht, an spleodar agus an éirí in airde a ghabhann leis an ócáid a chur i láthair do lucht féachana na hÉireann an tráth céanna a gcuidítear leis an bPeil Mheiriceánach a chur chun cinn mar spórt sa tír seo.”
 
Deir Susanne Carberry, Príomhoifigeach Custaiméirí Aer Lingus: ‘’Ócáid mhór shiamsúil spóirt a bheidh i gCluiche Clasaiceach Idir Coláistí Aer Lingus, ceann de bhuaicphointí spóirt na bliana, agus beidh deis anois ag an lucht féachana in Éirinn an cluiche a fheiceáil beo agus saor ó tháille ar TG4. Tá Aer Lingus ag tnúth go mór leis na foirne as Georgia Tech agus Florida State University a thabhairt go hÉirinn i mí Lúnasa.’’
 

Beo ar TG4 agus ar fáil beo ar Sheinnteoir TG4 agus ar Aip TG4 (in Éirinn amháin)

Cluiche Clasaiceach Idir Coláistí Aer Lingus 2024
Georgia Tech v Florida State University
Beo ó Staid Aviva
Dé Sathairn an 24 Lúnasa 2024 @ 5pm


 

Aip Oifigiúil Sheachtain an Chluiche

Tá Aip Oifigiúil Chluiche Clasaiceach Idir Coláistí Aer Lingus ar fáil le híoslódáil anois. Beidh fáil san Aip, gan le déanamh ach cnaipe a bhrú, ar réimse leathan ábhair agus is iontach an áis í ag an uile dhuine ar mhaith leo páirt a ghlacadh sa spraoi agus sa spleodar ar fad a ghabhann le Cluiche Clasaiceach Idir Coláistí Aer Lingus. Tarraing chugat féin anois í ó College Football Ireland

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:

Shane Walsh | Spórt TG4 | 0087 6227603 shane.walsh@tg4.ie


Cuir aithne orainn: