Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Cúig cinn de Scannáin Ríspéisiúla de chuid TG4 ar Taispeáint ag Fleadh Scannán na Gaillimhe i mbliana

25.06.24

Pictiúir: KNEECAP, Fidil Ghorm & Burkitt

Pictiúir: Iarsmaí na hIarsmalainne & Scríofa sna Réaltaí

 

Is ábhar mórtais ag TG4 a fhógairt go mbeidh cúig cinn de scannáin mhealltacha á dtaispeáint den chéad uair in Éirinn ag Fleadh Scannán na Gaillimhe. Beidh an fhéile iomráiteach sin ar siúl ón 9 go dtí an 14 Iúil. Tá seánraí agus téamaí éagsúla ag baint leis na scannáin, léiriú eile ar an réimse breá a bhaineann le scéalaíocht agus scannánaíocht na linne seo in Éirinn.
 

An chéad léiriú in Éirinn ar KNEECAP

Scannán beathaisnéise é KNEECAP faoi bhunú an ghrúpa rapcheoil Gaeilge KNEECAP, ina bhfeictear Mo Chara, Móglaí Bap agus DJ Próvaí, an triúr atá sa ghrúpa, in éineacht le Michael Fassbender a fuair ainmniúchán Academy Award®. Ríomhtar sa scannán, atá suite in Iarthar Bhéal Feirste sa bhliain 2019, scéal an triúir gur tharraing iomrá orthu féin i saol an cheoil. D’éirigh leis an scannán KNEECAP Gradam NEXT an lucht féachana a bhaint amach ag féile Sundance.

An chéad léiriú in Éirinn ar KNEECAP, an 9 Iúil | 19:00 | Amharclann Halla na Cathrach
 


 
Fidil Ghorm (Scannán de chuid Cine4)

Dráma croíúil Gaeilge atá sa scannán Fidil Ghorm faoi Mholly, cailín deich mbliana d’aois, a chreideann go mb’fhéidir go mbíogfadh a hathair, atá gan aithne gan urlabhra, má fhoghlaimíonn sise leis an bhfidil a sheinm ar an nós céanna leis féin. Tugann an tóraíocht taisce ar lorg teagascóra chuig ionad athshlánúcháin í, áit a bhfuil veidhleadóir cumasach, cantalach. Spreagtar eachtraí dóchais agus íocshláinte. Is í Patricia Forde a scríobh an scannán. Patricia Forde an scríbhneoir, Anne McCabe an Stiúrthóir, Bríd Seoighe, Pierce Boyce na léiritheoirí, agus Ruadhán Flatharta, Marcus Lamb, Sarah Jane Scott, Siobhan O’Kelly, Barry Mc Govern, Edith Lawlor na príomhaisteoirí.

Fidil Ghorm (Scannán de chuid Cine4), an 10 Iúil | 18:30 | Amharclann Halla na Cathrach
 


 
Burkitt

Sa scannán faisnéise machnamhach seo, cíortar saol agus saothar Denis Burkitt, máinlia as Éirinn, an té a thug liomfóma Burkitt chun suntais. Cuirtear an scéal i láthair trí shúile dhuine a tháinig slán ón ngalar. Sníomhann Éanna Mac Cana, sa chéad scannán seo dá chuid, taifeadtaí pearsanta le seanábhar scannánaíochta maidir le Burkitt go scrúdaíonn an tionchar neamhlíneach a bhaineann le tráma, coilíneacht agus eitic an leighis. Soiléirítear sa scannán seo an cion tairbhe a rinne Burkitt maidir le heolaíocht míochaine agus an ceangal atá go pearsanta ag Mac Cana leis an saothar a d’fhág sé le hoidhreacht ag an gcine daonna.

Burkitt, an 14 Iúil | 17:00 | Pálás
 


 
Iarsmaí na hIarsmalainne

In Iarsmaí na hIarsmalainne, cíortar an stair chasta a bhaineann le bailiúcháin eitneagrafaíochta in Éirinn agus sa Bhreatain le haird faoi leith ar ábhar a goideadh ó Bhundúchasaigh na hAstráile, Tionscadal Oidhreacht na Coilíneachta i gColáiste na Tríonóide agus déantúsáin a creachadh as an Nigéir. Scrúdaítear sa scannán faisnéise seo a dtagann i gceist le próiseas an ‘díchoilíniúcháin’, go háirithe i ndáil le conablach an duine agus le déantúsáin in Éirinn. Léiríodh an scannán do TG4 agus don BBC agus thug an Ciste Craoltóireachta Gaeilge agus Údarás Craolacháin na hÉireann cúnamh airgid lena aghaidh.

Iarsmaí na hIarsmalainne, an 13 Iúil | 14:00 | Pálás
 


 
Scríofa sna Réaltaí

Scéal spreagúil atá in Scríofa sna Réaltaí faoi Sheán, buachaill óg néara-éagsúil 9 mbliana d’aois a chuireann roimhe, ainneoin constaicí, an phríomhpháirt aisteoireachta a fháil i ndráma atá á chur ar stáitse sa cheantar. I gConamara, Contae na Gaillimhe a rinneadh an scannánaíocht. Léirítear diongbháilteacht agus meanma Sheáin sa scannán a stiúraigh Vincent Gallagher agus a léirigh Sin É. Constaicí agus easpa muiníne a shárú is ábhar don scéal. Choimisiúnaigh TG4 an scannán mar chuid de thionscnamh Eurovision maidir le Sraitheanna Drámaíochta do Leanaí.

Scríofa sna Réaltaí, an 10 Iúil | 12:00 | Amharclann Halla na Cathrach
 


 
Luaigh Mary Ellen Ní Chualáin, Bainisteoir Coimisiúnaithe TG4, gur mór an rud na scannáin a bheith á gcur ar taispeáint den chéad uair: “Is ábhar ríméid againn réimse chomh héagsúil de scannáin láidre a chur ar siúl ag Fleadh Scannán na Gaillimhe i mbliana. Tá dearcadh agus léargas faoi leith ag baint le gach ceann de na scannáin. Is teist iad ar an gcumas iontach atá i ndaoine atá ag feidhmiú i dtionscal na scannánaíochta in Éirinn. Tá TG4 tiomanta do léiriú scannáin i nGaeilge agus do scannánaíocht na Gaeilge a chur chun cinn. Is dóigh linn go dtiocfaidh na scéalta seo i gcion go mór ar an lucht féachana.”
 
Is léiriú na scannáin seo ar dhúthracht TG4 maidir le cultúr agus teanga na hÉireann, chomh maith le cumas lucht an tionscail in Éirinn, a chur chun cinn go hidirnáisiúnta. Is mór is fiú an deis a thapú na scéalta spéisiúla seo a fheiceáil ag Fleadh Scannán na Gaillimhe.
 
Tá ticéid agus breis eolais ar fáil ar láithreán gréasáin oifigiúil Fhleadh Scannán na Gaillimhe: https://www.galwayfilmfleadh.com

 

Teagmháil do na Meáin:

Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie


Cuir aithne orainn: