Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Comhpháirtíocht Straitéiseach Bunaithe idir TG4 (Éire) agus Whakaata Māori (An Nua-Shéalainn) chun Seasamh le Luachanna Cultúir agus Acmhainní a Mhalartú

05.06.24

Pictiúir: Alan Esslemeont, Ard-Stiúrthóir TG4 agus Shane Taurima, Whakaata Māori Kaihautū

 

Tá ríméad ar Alan Esslemeont, Ard-Stiúrthóir TG4 agus Shane Taurima, Whakaata Māori Kaihautū, Éire / An Nua-Shéalainn – TG4 agus Whakaata Māori a fhógairt go bhfuil Comhaontú Caidrimh sínithe acu d’fhonn comhpháirtíocht straitéiseach a chothú ar mhaithe le seasamh le luachanna i gcoiteann agus torthaí comhroinnte a bhaint amach trí acmhainní, eolas agus seirbhísí a roinnt. Is cloch mhíle mhór é an comhaontú suntasach seo, a síníodh ag 45ú Féile na Meán Ceilteach i gCaerdydd, chun an nasc idir pobal na Maoraise agus pobal na Gaeilge a threisiú.

Is éard a dúirt Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4: “Ba mhór an onóir é do TG4 go raibh Ambasadóir Aotearoa / na Nua-Shéalainne chun na hÉireann, Trevor Mallard, inár dteannta ag Gradam Ceoil TG4 i Luimneach le déanaí agus tá ríméad orainn anois an ceangal atá againn le Whakaata Māori, seirbhís teilifíse na Maorach, a neartú. I stair an choilínithe dhomhanda, cuireadh muintir na hÉireann as seilbh a gcuid talún agus go deimhin chuir muintir na hÉireann daoine as seilbh a gcuid talún araon agus creidim go bhfuil go leor le foghlaim againn ó thaithí agus ó chruinneshamhail mhuintir na Maorach. Is léir dom na cosúlachtaí idir te reo Māori agus an Ghaeilge, idir na cainteoirí dúchais agus a gcuid iarrachtaí an dá theanga a athneartú. De bhreis air sin, is féidir le TG4 agus straitéis meán na hÉireann neart a fhoghlaim ó na polasaithe meán a bhaineann le craoltóireacht na Maoraise agus meán eile Aotearoa / na Nua-Shéalainne.”

Is éard a dúirt Shane Taurima, Whakaata Māori Kaihautū: “Léiríonn an chomhpháirtíocht nua seo céim thábhachtach eile do Whakaata Māori i gcomhar le craoltóirí ar fud an domhain a roinneann misean linn teanga agus cultúr a chur chun cinn. Tá an ról atá againn níos riachtanaí anois ná mar a bhí riamh chun cur le normalú ár dteangacha agus cultúir agus ar deireadh thiar le go mbeidh na teangacha sin ag na glúnta atá le teacht. Tá ríméad orm faoi na deiseanna a bheidh mar thoradh ar an gcomhaontas seo le TG4 – ag tabhairt daoine cruthaitheacha le chéile chun réitigh bhuana a aimsiú a neartóidh stádas na Maoraise agus na Gaeilge agus stádas chultúr na Maorach agus chultúr na hÉireann agus chun ábhar a chruthú a spreagfaidh an lucht féachana.”
 

Maidir leis an dá Pháirtí:

Tacaíonn an cainéal teilifíse Gaeilge TG4 leis an nGaeilge, le cultúr agus le healaíona na hÉireann agus tá ról ríthábhachtach aige i bhforbairt tuaithe agus ionchuimsiú sóisialta i bpobail teangacha mionlaigh. Tá straitéis TG4 bunaithe ar thrí cholún:

  • Fás: An lucht féachana agus líon na ndaoine a bhfuil Gaeilge acu a mhéadú.
  • Cothrom na Féinne: Seasamh le héagsúlacht chultúir, réigiúnach agus teanga.
  • Comhpháirtíocht: A bheith i gcomhpháirtíocht le páirtithe leasmhara chun sochaí na hÉireann a fheabhsú.

Is eintiteas reachtúil é Whakaata Māori sa Nua-Shéalainn atá tiomanta do theanga agus cultúr na Maorach a chosaint agus a chur chun cinn tríd na meáin. Arna threorú ag a fhís “Kia mauriora te reo,” imeascann Whakaata Māori príomhluachanna na Maorach ina oibríochtaí go léir:

  • Kia Tika: Cothrom na Féinne, cruinneas agus cothromaíocht.
  • Kia Pono: Ábhar sonrach agus iontaofa na Maorach.
  • Kia Aroha: Meas, flaithiúlacht agus cúram do dhaoine eile.
  • Kia Māori: Ábhar fiontrach agus cruthaitheach atá spreagtha ag oidhreacht na Maorach.

 

Aidhm agus Prionsabail an Chomhaontaithe:

Leagtar amach sa Chomhaontú Caidrimh an caidreamh straitéiseach idir Whakaata Māori agus TG4, lena mbunaítear comhoibriú maidir le forbairt ábhair, comhléiriú agus malartú eolais straitéisigh. I measc na bpríomhphrionsabal atá mar bhonn taca faoin gcomhpháirtíocht sin tá:

  • Mahi Tahi – Dea-Rún: Gníomhú ar bhealach atá macánta agus ómósach.
  • Kotahitanga – Meitheal: Iarrachtaí comhoibríocha maidir le tosaíochtaí comhaontaithe.
  • Kia Pono – Ionracas: Tiomantas do chuspóir, prionsabail agus macántacht.

 

Torthaí a bhfuiltear ag súil leo:

Táthar ag súil go mbeidh seo a leanas mar thoradh ar an gcomhoibriú:
 

Torthaí do TG4:

Cur leis an tuiscint atá ar an gcoilíniú agus ar thaithí na Maorach ina leith.

Dearcthaí na Maorach a chur faoi bhráid fhoireann agus lucht féachana TG4.

Na naisc idir pobal te reo Māori agus pobal na Gaeilge a neartú.

Leas a bhaint as léargas chraoltóireacht na Maorach chun eolas a dhéanamh do straitéis meán TG4.

Ábhar tarraingteach a chur ar fáil faoi te ao Māori agus Aotearoa.
 

Torthaí do Whakaata Māori:

Ábhar tarraingteach a chruthú don lucht féachana ar fad.

Cur leis an tuiscint atá ag pobail nach pobail de chuid na Maorach iad ar dhearcthaí na Maorach agus ar tikanga.

Cur le féiniúlacht na Maorach trí ábhar meán.
 
Léiríonn an chomhpháirtíocht seo sineirgíocht chumhachtach idir TG4 agus Whakaata Māori, iad aontaithe ag a dtiomantas do chultúr a chaomhnú agus don nuálaíocht. Trí leas a bhaint as láidreachtaí agus léargais a chéile, tá an dá pháirtí réidh chun a lucht féachana faoi seach a shaibhriú agus nasc níos doimhne lena bhféiniúlachtaí cultúir a chothú.
 
 

Teagmháil do na Meáin:

(TG4) Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@TG4.ie
(Whakaata Māori) Makere Edwards | Publicity & Communications Manager | makere.edwards@whakaatamaori.co.nz


Cuir aithne orainn: