Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Comhlachtaí ó ar fud na tíre páirteach i Scéim Oiliúna sna Meáin Ghaeilge TG4 agus Údarás na Gaeltachta

01.10.24

 
Tá an ceathrú bliain dá Scéim Oiliúna rathúil, atá dírithe ar dhaoine cumasacha a labhraíonn Gaeilge a fhorbairt i dtionscal na meán seolta ag TG4, Údarás na Gaeltachta agus earnáil na Léiriúchán Gaeilge. Tá ról lárnach i mbliana ag roinnt comhlachtaí léiriúcháin mór le rá atá lonnaithe i nGaillimh maidir le hoiliúint a chur ar an gcéad ghlúin eile de ghairmithe sna meáin Ghaeilge.
 

Gaillimh: Faoin scéim seo tugtar deis fostaíochta íoctha ar feadh bliana do 15 oiliúnaí le comhlachtaí léiriúcháin teilifíse, ina measc comhlachtaí móra as Gaillimh ar nós Aniar i gCasla, Abú Media in Indreabhán, MC2 sa Tulach, agus Lorg Media i gCathair na Gaillimhe. Tá na comhlachtaí sin lárnach sa tionscnamh, agus cuireann siad taithí phraiticiúil ar fáil do na hoiliúnaithe ar ghnéithe éagsúla de léiriú na meán.

Tá John Nee ag obair le Aniar i gCasla, Sinéad Flatherty le Abú Media, Bláithín de Búrca le MC2, agus Evan Ó Flátharta le Lorg Media. Cuireann na comhlachtaí seo atá lonnaithe i nGaillimh, chomh maith le comhlachtaí mór le rá rannpháirteacha cosúil le Fíbín, Danú Media, Stiúideo Cuan, agus Iris, taithí ghairmiúil ríthábhachtach ar fáil do na hoiliúnaithe i rith na bliana.
 

Dún na nGall: Tá Leah Ní Ghairbhigh as Gaoth Dobhair fostaithe ag an gcomhlacht HG Productions. Is í Helena Gallager ó HG Productions a léirigh an tsraith Bus Ghlaschú agus Aerfort Dhún na nGall. Tá LIGID Léiriúcháin ag glacadh páirt sa scéim chomh maith.
 

Port Láirge: Tá Eoin Daltún agus Lia Nic Craith ag obair leis an gcomhlacht Nemeton sa Rinn, agus tá taithí fhairsing á fáil acu sa chomhlacht i léiriú clár spóirt, faisnéise agus siamsaíochta. Beidh Ciara Ní Bhriain fostaithe ag Red Shoe Productions, ag obair le Maggie Bhreathnach ar chláir cheoil agus ealaíon.

Tá an comhlacht Súgradh i gCúil Aodha ag glacadh páirt sa scéim chomh maith.
 

Baile Átha Cliath: Tá Alannah O’Brien agus Cúnla Morris ag obair leis an gcomhlacht Macalla, comhlacht a chuireann ábhar ar fáil do Cúla4 chomh maith le hábhar siamsaíochta agus tionscadail Cine4. Tá Tyrone Productions ag glacadh páirt sa scéim freisin.
 

Chomh maith le hoiliúint a chur orthu ar an láthair oibre, freastalóidh na rannpháirtithe ar chúrsaí míosúla a eagraíonn Gréasán na Meán (Skillnet) agus Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (ATU), chun cáilíocht leibhéal 8 i gCleachtas na Meán a bhaint amach faoi dheireadh an chláir.
 

Príomhchuspóir de chuid straitéisí TG4 agus Údarás na Gaeltachta is ea earnáil na meán Gaeilge a neartú. Tá ról suntasach á imirt ag comhlachtaí léiriúcháin chun an sprioc seo a bhaint amach, rud a thugann deis do thallann áitiúil taithí phraiticiúil a fháil ar léiriú na meán.
 

Dúirt Lís Ní Dhálaigh, Stiúrthóir Margaíochta, Forbartha agus Comhpháirtíochtaí TG4 gur “comhpháirtíocht idir TG4, Údarás na Gaeltachta agus an earnáil neamhspleách atá sa tionscnamh oiliúna seo. Is iontach an rud é go bhfuil an oiread sin comhlachtaí atá lonnaithe in Iarthar na hÉireann páirteach ann. Tá na comhlachtaí seo ar thús cadhnaíochta sna meáin Ghaeilge, ag cur taithí luachmhar tionscail ar fáil don chéad ghlúin eile de dhaoine cumasacha a bhfuil Gaeilge acu.”
 

Léiríonn an tionscnamh seo tiomantas TG4 agus Údarás na Gaeltachta don fhás a chothú in earnáil na meán Gaeilge agus a chinntiú go mbeidh na scileanna cuí ag gairmithe amach anseo le go n-éireoidh leo sa tionscal. Tá an scéim oiliúna á cómhaoiniú ag TG4, Údarás na Gaeltachta agus comhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha.
 

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin Scéim Oiliúna agus faoi dheiseanna gairme sna meáin Ghaeilge, féach ar: Eolas faoi thraenáil & scéimeanna.
 

 

 

Teagmháil i TG4 do Lucht na Meán:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie


Cuir aithne orainn: