Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Chomhdháil Dhomhanda "Climate on Culture 2024" ar siúl i nGaillimh

18.09.24

 

Is breá leis an Idaho Museum of International Diaspora (IMID) a fhógairt go mbeidh an dara comhdháil bhliantúil dhomhanda dá chuid, faoin teideal “Climate on Culture,” ar siúl i nGaillimh, Éire idir 18-21 Meán Fómhair 2024. Ócáid mhórshuntais an chomhdháil, arna heagrú i gcomhar le TG4 le cúnamh ó Chomhlacht Cultúir na Gaillimhe, a bheidh ina cruinniú tábhachtach ag ceannairí domhanda, lucht oideachais agus daoine a chleachtann réimsí den chultúr. Tá ról lárnach sa chomhdháil ag TG4, craoltóir náisiúnta seirbhíse poiblí Gaeilge na hÉireann, trí chuidiú le hiléagsúlacht tuairimí a thabhairt le chéile agus comhchaidreamh stuama a chothú faoin gceangal idir an aeráid agus an cultúr.

 

Ardán don Chaidreamh ar fun an Domhain

Eascraíonn “Climate on Culture 2024” go díreach ón dícheall caidrimh a dhéanann IMID ar fud an domhain agus is léiriú é ar an aisling atá ag Global Leadership Council (GLC) na hiarsmalainne. Féachann an GLC le fairsingiú leis an aird agus leis an tionchar a bhíonn le misean IMID, eadhon, athrú tairbheach ar an bpobal a chur chun cinn trí cheiliúradh a dhéanamh ar shaol daoine den diaspóra agus grúpaí cultúir ar fud an domhain. Beidh de bhua leis an gcomhdháil seo go mbeidh sí ina hardán cinniúnach ar a gcruinneofar le chéile ceannairí earnálacha éagsúla, lucht oideachais, lucht ceaptha beartais agus lucht déanta gnímh ionas go gcuirtear an suntas atá le dreamanna agus cultúir diaspóra chun cinn in iarsmalanna, i bhforais oideachais, i gcomhlachtaí agus i réimsí rialtais.

Tionchar na hAeráide ar an gCultúr a Scrúdú

Beidh fóram idirdhisciplíneach ar fáil leis an gcomhdháil seo trínar féidir an tionchar a bhíonn ag an aeráid ar chultúr a fhiosrú, a thabhairt chun suntais agus a chíoradh, agus plé a dhéanamh ar a bhféadann forais chultúir, iarsmalanna diaspóra ina measc, a dhéanamh i ndáil le tionchar den sórt sin. Beidh scrúdú ar siúl ar “climate” maidir le dhá thuiscint a bhaintear as sin i mBéarla: cúinsí seachtracha comhshaoil agus an tuiscint a bhíonn i réim maidir le cúrsaí cultúir, sóisialta, polaitíochta agus eacnamaíochta a imríonn tionchar ar an domhan. Tá de chuspóir leis an gcaint agus leis an bplé go ndéanfar cíoradh ar dheiseanna cruthaitheachta den inmharthanacht athrú claochlaitheach a thabhairt i bhfeidhm agus aird a tharraingt ar an ról buntábhachtach atá le cúrsaí cultúir maidir leis an athrú aeráide a mhaolú agus dul in oiriúint dó.

 

Dúirt Palina Louangketh, POF / Stiúrthóir Feidhmiúcháin, Idaho Museum of International Diaspora “Ní féidir stair ar tharla go dtí seo a athrú, ach tá de thairbhe leis an stair gur lón eolais againn é ónar féidir foghlaim má bhíonn de chineáltacht ionainn an domhan ina bhfuiltear á chur ar fáil mar bhronntanas álainn don uile dhuine agus don uile dhream.”

 

Dúirt Trevor Ó Clochartaigh, Stiúrthóir Oibríochtaí agus Acmhainní Daonna & Oifigeach Idirchaidrimh Rochtana TG4 go bhfuil “ TG4 tugtha go mór don ról maidir le cúrsaí inmharthanacht a chur chun cinn. Dírítear aird leis an gcomhdháil seo ar réimsí éagsúla, mar shampla ar chearta an duine, athrú aeráide, imirce agus ról lucht na meán cumarsáide maidir leis an bplé a spreagadh agus a chothú Le cainteoirí éagsúla agus réimse leathan ábhair, cothófar tuiscint níos fearr, spreagfar díospóireacht bhríomhar, agus cuirfear dlús le ceangal caidrimh fadtéarmach ar mhaithe leis an athrú. Is breá linn gur i nGaillimh atá an ócáid seo ar siúl. Is díol suntais an spéis a chuir páirtnéirí sa cheantar seo sa chomhdháil agus an cúnamh atá tugtha acu ina leith. Tá muid fíorbhuíoch díobh as sin.”

 

Buaicphointí Chlár na Comhdhála:

Lá 1: Plé Dhomhain agus Bonn Tuisceana (Dé Céadaoin, an 18 Meán Fómhair)
Ar an gcéad lá den chomhdháil, in Ollscoil na Gaillimhe, tiocfaidh na rannpháirtithe i mbun plé domhain ar théama na comhdhála ionas go mbíonn comhthuiscint agus buneolas ag na rannpháirtithe go léir ar atá i gceist leis.

Lá 2: Taispeántas Scannán agus Tumfhoghlaim (Déardaoin, an 19 Meán Fómhair)
Beidh ealaín, na meáin chumarsáide, oideachas, cearta an duine agus cúrsaí aeráide ina dtéamaí le himeachtaí an dara lá, á riar ag CREW agus ag Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, d’fhonn plé idirghníomhaíochta a chothú faoi na réimsí éagsúla.

Lá 3: Ceardlanna Idirghníomhaíochta: Ardáin don Ealaín agus don Chultúr (Dé hAoine, an 20 Meán Fómhair)
An tríú lá den chomhdháil, beidh ceardlanna ar siúl arís CREW & ATU, seisiúin ag a n-oibríonn rannpháirtithe na lámha iad féin, agus taispeántais chócaireachta d’fhonn cur le hinniúlacht cultúir, le scileanna agus le heolas praiticiúil na rannpháirtithe.

Lá 4: Caidreamh le Cairde i nGaillimh (Dé Sathairn, an 21 Meán Fómhair)
Ócáid neamhfhoirmeálta leath lae, ag a mbeidh béile bróinse á chaitheamh agus deis craobhchaidrimh ionas gur féidir leis na rannpháirtithe a dtuairimí faoi imeachtaí na comhdhála a mhalartú, smaointe a chur in iúl agus dlús a chur leis an aithne ar a chéile.

 

Torthaí Measta

Tá d’aidhm leis an gcomhdháil cur leis an tuiscint faoi chaomhnú ghnéithe cultúir daoine den diaspóra a bhfuil cúrsaí aeráide ina chur isteach orthu, an ról buntábhachtach a léiriú atá le forais chultúir maidir le haird a dhíriú ar ghnéithe cultúir den sórt sin, agus an comhar a chothú ar fud earnálacha éagsúla d’fhonn tabhairt faoi dheacrachtaí a eascraíonn ó chúrsaí aeráide ar bhealaí den chruthaitheacht agus den inmharthanacht.

 

Maoiniú agus Cúnamh

Is mar gheall ar an gcúnamh ó TG4 is féidir an chomhdháil “Climate on Culture 2024” a chur ar siúl. Tá ról lárnach ag TG4 i bhfreastal don ócáid agus cúnamh eagrúcháin á chur ar fáil go fial flaithiúil ag Ollscoil na Gaillimhe, Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, Comhlacht Cultúir na Gaillimhe, CREW, Údarás na Gaeltachta, Ealaín na Gaeltachta, Fáilte Éireann, Oifig Rialtas na Breataine Bige in Éirinn agus Connacht Hotel Group, chomh maith leis an lucht urraíochta – Fáilte Éireann, Ealaín na Gaeltachta agus The Connacht Hotel Galway – agus páirtnéirí mórthábhachta eile de leithéid Dhámh na nDán in Univerzita Mateja Bela, Emory University, Legacies of War, North American Cultural Diplomacy Initiative, Iarsmalanna Náisiúnta TÉ, Donostia Kultura, Mainspring Agency, Transmixr, Kylemore Abbey, an Choill Mhór, agus Danse Demain | HUMANYA. Tá cistí á gcur ar fáil freisin ag Rialtas na hÉireann faoin bPlean Náisiúnta Forbartha tríd an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

 

Tuilleadh eolais: Eolas faoin gcomhdháil
 

 

 

Teagmháil do Lucht na Meán:
Palina Louangketh | CEO / Executive Director, Idaho Museum of International Diaspora | palinal@idahomid.org


Cuir aithne orainn: