Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Clúdach Cuimsitheach ar Thorthaí an Olltoghcháin le cur ar fáil ag TG4 ar an gclár Vóta 2024

30 Samhain & an 1 Nollaig

27.11.24

Pic: Siún Nic Gearailt agus Eimear Ní Chonaola, Vóta 2024
 

 
Tá ríméad ar TG4 agus ar Nuacht TG4 Vóta 2024 a chur i láthair, imeacht beo cuimsitheach dhá lá ina gclúdófar torthaí olltoghchán na bliana seo agus ina ndéanfar anailís mhion air. Is iad Siún Nic Gearailt agus Eimear Ní Chonaola a chuirfidh Vóta 2024 i láthair agus cuirfear léargas saineolaithe, na torthaí is déanaí agus tráchtaireacht dhomhain ar fáil beo ar an gclár don lucht féachana de réir mar a bheidh an náisiún ag leagan amach todhchaí polaitíochta na tíre.
 

Sceideal na gCraolachán:

  • Dé Sathairn an 30 Samhain:

    Craoladh na Maidine: 10:00 – 15:00
    Craoladh an Tráthnóna: 19:00 – 00:00

  • Dé Domhnaigh, an 1 Nollaig:

    Craoladh na Maidine: 10:00
    Craoladh an Tráthnóna: 18:45

 

Treoróidh Siún Nic Gearailt agus Eimear Ní Chonaola an lucht féachana trí thorthaí an olltoghcháin de réir mar a bheidh siad ag teacht isteach. Beidh painéal de shaineolaithe agus tráchtairí ar chúrsaí polaitíochta ina dteannta, mar aon le hiriseoirí as na hionaid chomhairimh ar fud na tíre, iad ag tabhairt léargas éagsúil agus tuartha saineolacha faoi impleachtaí an vóta.
 

Áirítear ar phainéal Vóta 2024:

  • Alan Dukes: Iar-Cheannaire ar Fhine Gael, Iar-Aire Airgeadais
  • Éamon Ó Cuív: Teachta Dála Fhianna Fáil do Ghaillimh Thiar, Iar-Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta
  • Seán Kelly: Feisire i bParlaimint na hEorpa d’Éire Theas
  • Liadh Ní Riada: Iar-Fheisire Eorpach de chuid Shinn Féin d’Éire Theas, Iar-Iarrthóir Uachtaránachta
  • Mary Coughlan: Iar-Thánaiste, Iar-Theachta Dála de chuid Fhianna Fáil do Dhún na nGall Theas-Thiar
  • Eoghan Ó Neachtain: Iar-Rúnaí Preasa an Rialtais, Comhairleoir ar Chúrsaí Cumarsáide
  • Pádraig Ó Céidigh: Iar-Sheanadóir Neamhspleách, Fiontraí
  • Dinny McGinley: Iar-Aire de chuid Fhine Gael do Dhún na nGall Theas-Thiar, Iar-Aire Stáit na Gaeltachta
  • Toireasa Ferris: Iar-Chomhairleoir, Comhairle Contae Chiarraí
  • Paul Mulville: Comhairleoir, Comhairle Contae Fhine Gall (Na Daonlathaithe Sóisialta)

 

Ar na cláir freisin beidh:

  • Tuairisciú Beo: Beidh comhfhreagraithe ar fud roinnt dáilcheantar ag tabhairt an eolais is déanaí mar aon le tuairimí ó iarrthóirí, ó cheannairí na bpáirtithe, agus ó vótálaithe dúinn.
  • Anailís ó Shaineolaithe: Tabharfar briseadh síos ar threochtaí vótála, ar athruithe ar mheon an phobail, agus ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an toghchán ar bheartais áitiúla agus náisiúnta.

Agus príomhchinntí polaitiúla, sóisialta agus eacnamaíocha os comhair mhuintir na hÉireann, cinnteofar le Vóta 2024 go mbeidh lucht féachana TG4 agus Nuacht TG4 i gcroílár an aicsin agus clúdach a thabharfaidh an-léargas, atá éasca le tuiscint agus nach bhfaighfeá ach in Éirinn ar fáil dóibh.

Lean #Vóta24 ar na meáin shóisialta le go bhfaighidh tú na torthaí beo de réir mar a tharlaíonn siad agus le linn Vóta 2024 ar TG4.

 

Teagmháil do na meáin i TG4:

Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie


Cuir aithne orainn: