Preas
Boscraí den Scoth agus Seoda le Sruthú ar Sheinnteoir TG4 anois
07.11.24
Tá bailiúchán de shraitheanna nár mhór féachaint orthu curtha le Seinnteoir TG4 dóibhsean a dtaitníonn leo a bheith ag féachaint ar chláracha siamsaíochta ceann i ndiaidh a chéile, idir dhrámaí coiriúlachta, scéinséirí idirnáisiúnta agus drámaí grinn croíúla. Más ag lorg carachtair nach féidir dearmad a dhéanamh orthu agus scéala a fhanann leat atá tú, téigh chuig Seinnteoir TG4 le go bhfaighidh tú cláracha iléagsúla agus cláracha ar féidir leat tú féin a thumadh go hiomlán iontu. Seo thíos sár-rogha na gcláracha a gheallann uaireanta d’ábhar sruthaithe ríspéisiúil duit.
The Eclipse (6 chlár)
Scéinséir mistéire as an bhFrainc –
Ar ardchlár Aubrac, áit ghruama, sceirdiúil agus le linn urú na gealaí caitheann Luca atá 18 mbliana d’aois a chailín de thimpiste le gunna seirbhíse a mháthar. Fágann sé ansin í le cúnamh a fháil ach ní bhíonn tásc ná tuairisc uirthi nuair a thagann sé ar ais. Tugann Manue agus Johanna, beirt phóilíní áitiúla, faoin tragóid a fhiosrú i bpobal feirmeoireachta a bhfuil athrú ag teacht air. De réir mar a nochtann siad coinbhleachtaí leasa agus rúin teaghlaigh, tosaíonn an fiosrúchán ag imirt tionchar ar a dteaghlaigh féin.
Ar fáil: https://nasc.tg4.tv/The-Eclipse
Call My Agent! Series 4 (6 chlár)
Sraith theilifíse gheandrámaíochta as an bhFrainc – Is cinnte go bhfuil crógacht agus contúirt i ndán do ASK an séasúr seo!
Tá an gheandrámaíocht Fhrancach a bhfuil an-tóir go deo air ar ais agus beidh níos mó cur agus cúiteamh agus go leor contúirte i gceist. Cuireann Andréa tús lena ról nua ina Bainisteoir Ginearálta ar ASK, ach tá todhchaí na gníomhaireachta i mbaol agus Mathias ag bagairt go bhfágfaidh sé. Tá Camille anois idir dhá cheann na meá, an dtabharfaidh sí tús áite don dílseacht nó dá huaillmhian féin? Tá deis faighte ag Hervé a athróidh a shaol, an dtapóidh sé é? Lán le greann géar, dianiomaíocht agus an ghalamaisíocht a bhaineann le saol na siamsaíochta, tapaigh do dheis an tsraith seo a fheiceáil!
Tá sraitheanna 1, 2 agus 3 ar fáil anois: https://nasc.tg4.tv/Call-My-Agent
All and Eva (6 chlár)
Geandrámaíocht ón gCríoch Lochlann (an tSualainn)
Sa tsraith ait, chroíúil seo suite sa Danmhairg, téann Eva go Cóbanhávan le go bhfaighidh sí deonú speirme, ach le teann amhrais socraíonn sí an deontóir a lorg. Tagann sí ar Mads, fear deas agus – ar ámharaí an tsaoil – ní síceapatach é. Ach cuirtear casadh sa scéal nuair a shocraíonn Mads sise a lorg, gan a fhios ar chor ar bith aige gurb eisean athair a páiste. Bainfear an oiread sin sásaimh as an insint chorraitheach agus ghreannmhar seo ar thuismitheoireacht na linne seo go mbeidh sé deacair gan féachaint ar gach uile chlár in aon iarraidh amháin.
Ar fáil anois: https://nasc.tg4.tv/All-and-Eva
Furia (8 gclár)
Dráma Coiriúlachta, Mistéire, Scéinséara, Nordach
Tarraingeoidh an scéinséir Nordach seo, a bhogann ar aghaidh go tapa, an lucht féachana isteach i ndomhan lán le rúin, antoisceachas radacach, agus scéiméireacht idirnáisiúnta. Tá Asgeir, a bhí na phóilín tráth, ag iarraidh droim a thabhairt don saol atá caite aige go dtí seo agus socraíonn sé bogadh go baile beag san Iorua. Ach nach dtagann sé ar chomhcheilg sceimhlitheoireachta sa mbaile beag céanna. Déanann sé a bhealach tríd an taobh gránna dorcha den chorraíl pholaitiúil idir an Iorua agus Beirlín agus Ragna mistéireach lena thaobh. Má thaitníonn scéinséirí leat atá lán le teannas agus atá atmaisféarach bainfidh Furia an anáil díot.
Ar fáil: https://nasc.tg4.tv/Furia
CRÁ (6 chlár)
Scéinséir Nua as Éirinn – sraith sé chlár.
Cuirtear tús le fiosrúchán dúnmharaithe nuair a aimsítear corp mháthair an Gharda áitiúil, Conall Ó Súilleabháin, i bpoll portaigh. Cé nach bhfuil cead ag Conall féin baint ar bith a bheith aige leis an gcás, téann sé ag obair le hiriseoir neamheaglach, Ciara-Kate, a bhfuil podchraoladh faoi choirscéalta fírinneacha aici. Tugann an podchraoladh deis dóibh gnéithe den chás a fhiosrú nach mbeadh teacht ag na himscrúdaitheoirí oifigiúla orthu. Tá aistear gruama i ndán don bheirt agus iad ag tabhairt faoin bhfiosrúchán contúirteach ach an bhfillfidh an feall ar an bhfeallaire? Tapaigh do dheis an tsraith seo a fheiceáil má thaitníonn coirscéinséirí leat.
Blaisín CRÁ https://nasc.tg4.tv/CRÁ
Beidh na cláracha ar fad ar fáil ar an 11/11 @ 21:30 ag an nasc thuas chomh maith.
Lí Ban (13 chlár) ar cula4.ie
Léim isteach in uiscí draíochta na finscéalaíochta Ceiltí le Lí Ban. Leanann an tsraith dhraíochtúil bheoite seo Lí Ban agus a comrádaí dílis, an dobhrán mara Con, agus iad ag fiosrú miotais ársa, ag bualadh le déithe agus arrachtaigh, agus iad ag iarraidh an t-údar ar iompaigh Lí Ban isteach ina maighdean mhara a fháil amach. Sraith a mbainfidh an lucht féachana óg agus fásta araon sásamh aisti, sraith álainn ina dtugtar seanscéalta na gCeilteach chun fíre.
Ar fáil anois: https://cula4.com/ga/claracha/li-ban/1
Níl sna sraitheanna seo ach blaiseadh den ábhar dochreidte atá ar fáil ar Sheinnteoir TG4. Má bhíonn sé de mhisneach agat sult a bhaint as coirscéinséirí nach féidir do shúile a thógáil díobh, nó má bhíonn fonn ort féachaint ar chláracha grinn deasa, nó ar scéalta eipiciúla eachtraíochta, tá rud éigin ag TG4 do chách. Sruthlaigh na seoda sin anois agus cuir roinnt seónna nach mbeidh tú in ann dearmad a dhéanamh orthu le do liosta de sheónna ar mhaith leat féachaint orthu!
Teagmháil do na meáin i TG4:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie