Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Bí Cróga Bí Cruthaitheach: Cuireann Cruinniú na nÓg agus Cúla4 “Amuigh 24” i láthair

Féile nua aon lá amháin atá dírithe ar leanaí idir 0-18 mbliana d’aois ina ndéanfar ceiliúradh ar Chruthaitheacht, Ealaín agus Taibhléiriú na nÓg

20.05.24

 

Baile na hAbhann, Co na Gaillimhe – Tá ríméad ar Cruinniú na nÓg, i gcomhar le Cúla4 agus Fíbín Media, ‘Amuigh 24’ a sheoladh. Féile bhríomhar aon lá amháin a bheidh ann, a spreagfaidh an chruthaitheacht agus an ealaín i measc daoine óga 0-18 mbliana d’aois.
 

Beidh an fhéile ar siúl ar an 15 Meitheamh 2024, lá a gcuirfear eispéireas ealaíne ar leith ar fáil do theaghlaigh agus don phobal ó fud fad na Gaeltachta. Beidh réimse leathan gníomhaíochtaí agus siamsaíochta ar fáil ag ‘Amuigh 24’ agus é dírithe ar thrí aoisghrúpa ar leith: 0-5 bliana, 6-12 bhliain agus 13-18 mbliana d’aois. Cinnteoidh an clár cuimsitheach go mbeidh deis ag an lucht freastail a bheith rannpháirteach i gceardlanna idirghníomhacha, chomh maith le taitneamh a bhaint as léirithe ealaíne agus ceol beo mar shampla. Ardán tábhachtach a bheidh san fhéile do dhaoine óga lena gcruthaitheacht féin, a dtallann agus a scileanna ealaíne a chur i láthair.
 

Beidh ceol beo ar an lá ó Jessica McKean, iarrthóir Junior Eurovision, Trad Rave agus Colm Seoighe & na hEasógaí mar aon le ceardlanna agus léirithe beo ó Circus le Croí, Laureate na nÓg – Trish Forde agus Leabhair Pháistí Éireann, drámaíocht, bácáil, ceardaíocht agus neart ócaidí eile i rith an lae. Is é aidhm na féile an tsamhlaíocht a neartú, an chruthaitheacht a chothú agus suim sna healaíona a spreagadh sa chéad ghlúin eile. Tríd an rannpháirtíocht agus an taiscéalaíocht ghníomhach, cuirfidh ‘Amuigh 24’ ar chumas daoine óga iad féin a chur in iúl, suim a chur ina noidhreacht chultúrtha, agus nasc a chothú le daoine óga eile i dtimpeallacht fhuinniúil thacúil.
 

“Tá muid ar bís ‘Amuigh 24’ á sheoladh i gcomhar le Cúla4, áit a dtabharfar teaghlaigh agus pobail le chéile le cruthaitheacht bhríomhar na nÓg a cheiliúradh i nGaeilge” a dúirt Sheila Deegan, ó Éire Ildánach agus Bainisteoir Chlár Cruinniú na nÓg. “Deis ar leith í an fhéile seo do dhaoine óga ó na réigiúin Ghaeltachta a gcumas ealaíne a nochtadh, bealaí nua cuir i láthair a fhiosrú, agus cuimhní speisialta a chruthú.”
 

Dúirt Karina Feirtéar, Bainisteoir an chainéil Cúla4, “Údar áthais dúinn ‘Amuigh 24’, a sheoladh, féile a chuirfidh timpeallacht speisialta ar fáil do dhaoine óga lena gcruthaitheacht a spreagadh agus a léiriú ar bhealaí úrnua. Creidimid go láidir i gcumhacht na n-ealaíon leis an óige a chumasú agus cuirimid fáilte roimh theaghlaigh agus dhaoine óga fud fad na Gaeltachta teacht agus a bheith ag ceiliúradh linn.”
 

Mar chuid dá thiomántas don uileghabhálacht agus ilchineálacht, fáiltíonn ‘Amuigh 24’ go mór roimh dhaoine óga ó fud fad na Gaeltachta a bheith rannpháirteach sa cheiliúradh ar an gcruthaitheacht agus ar an gcultúr. Más ag freastal ar cheardlanna atá tú, ag baint súp as na léirithe beo nó díreach ag baint sásamh as an atmaisféar bríomhar, is féidir leis an lucht freastail a bheith ag súil le lá spreagúil agus spraíúil don teaghlach ar fad. Cuir an dáta do ‘Amuigh 24’ ar 15 Meitheamh 2024 sa dialann, agus bí linn le borradh a chur faoi shamhlaíocht agus faoi chruthaitheacht na nÓg agus todhchaí spreagúil agus spleodrach a chruthú don chéad ghlúin eile.
 

Beidh saorchead isteach ag an bpobal ag an bhféile le tacaíocht ó Roinn na Gaeltachta ach beidh ar theaghlaigh, grúpaí agus daoine óga clárú don ócáid.
 
Is féidir tuilleadh eolais agus ticéidí a fháil ar suíomh Éire Ildánach ANSEO https://cruinniu.creativeireland.gov.ie/event/amuigh-24/

 
 

Teagmháil do na Meáin:

Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie
Éabha McGreal | Lorg Media | eabha@lorgmedia.ie


Cuir aithne orainn: