Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

An Tour de France ar TG4 ó Dé Sathairn an 29 Meitheamh

An rás rothaíochta is mó ar domhan á chraoladh beo ar TG4

19.06.24

Pictiúir: Pádraic Ó Cuinn agus Páidí Ó Lionáird

 

 
Tá mioneolas fógartha ag TG4 faoi chraoladh beo teilifíse Tour de France 2024, an rás rothaíochta is mó le rá ar domhain, ar an stáisiún sin amháin.
Cuirtear tús le craoladh beo stáisiúin ar an Tour maidin Dé Sathairn, an 29 Meitheamh le cúrsa tosaigh an ráis ó Flórans go Rimini san Iodáil.

Beidh trí seachtaine an Tour le feiceáil beo ar TG4 (mionsonraí thíos) ón lá tosaigh Dé Sathairn, an 29 Meitheamh go dtagtar go ceann scríbe i Nice Dé Domhnaigh, an 21 Iúil. Beidh cúig uair an chloig ar an meán á gcraoladh beo gach lá chomh maith le clár leathuaire ag a 9 i.n. gach oíche ar a bhfeicfear buaicphointí an lae, réamhthráchtaireacht ar a bhfuil i ndán, torthaí agus agallaimh. Beidh clár eile de bhuaicphointí na seachtaine á chraoladh gach Luan.

Páidí Ó Lionáird agus Pádraic Ó Cuinn a bheidh i mbun tráchtaireachta.

Beidh an Tour á chraoladh beo freisin ar Sheinnteoir TG4, ar www.TG4.ie agus ar Aip TG4 https://nasc.tg4.tv/TG4-Player-App

 

Is é rás na bliana 2024 an 111ú uair a bhfuil an Tour de France, ceann de na 3 Grand Tours gach bliain, á eagrú. Is é an chéad uair riamh é nach i bPáras a bheidh an ceann scríbe, mar gheall ar an ullmhúchán do na Cluichí Oilimpeacha agus do na Cluichí Parailimpeacha.

 

  • Craoladh beo ar Chúrsa an lae ó Dé Sathairn, an 29 Meitheamh, amach.
  • Clár leathuaire de bhuaicphointí an lae gach oíche ag a 9 i.n.
  • Súil siar ar aicsean na seachtaine gach Luan ar ‘Tour de France – Súil Siar na Seachtaine’
  • Craoladh beo ar Sheinnteoir TG4, ar TG4.ie agus ar Aip TG4

 

 

 

Tour de France 2024 – Craoladh ar TG4
Dáta Cúrsa Láthair Fad Craoladh ar TG4
Dé Sathairn an 29 Meitheamh Cúrsa 1 FLORENCE > RIMINI 206 KM 10:50:00
Dé Domhnaigh an 30 Meitheamh Cúrsa 2 CESENATICO > BOLOGNE 199 KM 11:05:00
Dé Luain, an 1 Iúil Cúrsa 3 PLAISANCE > TURIN 230.5 KM 11:45:00
Dé Máirt, an 2 Iúil Cúrsa 4 PINEROLO > VALLOIRE 140 KM 11:55:00
Dé Céadaoin, an 3 Iúil Cúrsa 5 SAINT-JEAN-DE-MAURIENNE > SAINT-VULBAS 177.5 KM 13:00:00
Déardaoin, an 4 Iúil Cúrsa 6 MÂCON > DIJON 163.5 KM 13:00
Dé hAoine an 5 Iúil Cúrsa 7 NUITS-SAINT-GEORGES > GEVREY-CHAMBERTIN 25.3 KM 11:55:00
Dé Sathairn, an 6 Iúil Cúrsa 8 SEMUR-EN-AUXOIS > COLOMBEY-LES-DEUX-ÉGLISES 183.5 KM 13:00:00
Dé Domhnaigh an 7 Iúil Cúrsa 9 TROYES > TROYES 199 KM 12:05:00
Dé Luain, an 8 Iúil Lá Sosa 1 ORLÉANS    
Dé Máirt, an 9 Iúil Cúrsa 10 ORLÉANS > SAINT-AMAND-MONTROND 187.5 KM 13:00:00
Dé Céadaoin, an 10 Iúil Cúrsa 11 ÉVAUX-LES-BAINS > LE LIORAN 211 KM 11:00:00
Déardaoin, an 11 Iúil Cúrsa 12 AURILLAC > VILLENEUVE-SUR-LOT 204 KM 12:00:00
Dé hAoine an 12 Iúil Cúrsa 13 AGEN > PAU 165.5 KM 13:00:00
Dé Sathairn, an 13 Iúil Cúrsa 14 PAU > SAINT-LARY-SOULAN PLA D’ADET 152 KM 11:55:00
Dé Domhnaigh an 14 Iúil Cúrsa 15 LOUDENVIELLE > PLATEAU DE BEILLE 198 KM 10:45:00
Dé Luain, an 15 Iúil Lá Sosa 2 GRUISSAN    
Dé Máirt, an 16 Iúil Cúrsa 16 GRUISSAN > NÎMES 189 KM 13:00:00
Dé Céadaoin, an 17 Iúil Cúrsa 17 SAINT-PAUL-TROIS-CHÂTEAUX > SUPERDÉVOLUY 178 KM 11:25:00
Déardaoin, an 18 Iúil Cúrsa 18 GAP > BARCELONNETTE 180 KM 11:50:00
Dé hAoine an 19 Iúil Cúrsa 19 EMBRUN > ISOLA 2000 145 KM 11:05:00
Dé Sathairn, an 20 Iúil Cúrsa 20 NICE > COL DE LA COUILLOLE 133 KM 12:30:00
Dé Domhnaigh an 21 Iúil Cúrsa 21 MONACO > NICE 33.7 KM 13:30:00

 

 

 

Breis eolais: https://www.letour.fr/en/

 

Teagmháil do na Meáin:

Shane Walsh | Eagarthóir Margaíochta Spórt TG4 | shane.walsh@tg4.ie


Cuir aithne orainn: