Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

An Scannán Uafáis Gaeilge 'Fréamhacha' le Taispeáint don Domhan den Chéad Uair ag Féile san Eilvéis Inniu

09.08.24

 
Taispeánfar an scannán uafáis Gaeilge FRÉAMHACHA don domhan den chéad uair inniu ag an bhFéile Scannán iomráiteach Locarno san Eilvéis.
 
Mná uilig atá i bhfoireann aisteoirí an scannáin Ghaeilge seo arna scríobh ag agus faoi stiúir Aislinn Clarke. I measc na n-aisteoirí sin tá Clare Monnelly (Doineann, Moone Boy), Bríd Ní Neachtain (Banshees of Inisherin, Róise & Frank), agus an t-aisteoir Úcránach Aleksandra Bystrzhitskaya (F20).
 
Is í an t-oibrí cúraim Shoo (Monnelly) croí scéal an scannáin FRÉAMHACHA. Cuirtear Shoo ag obair i sráidbhaile scoite ina labhraítear Gaeilge chun aire a thabhairt do bhean a bhfuil faitíos uirthi a teach a fhágáil (Ní Neachtain). Tá faitíos freisin uirthi roimh na comharsana agus roimh na Sídhe, neacha scáfara ón mbéaloideas a gcreideann sí a d’fhuadaigh í féin blianta fada roimhe sin. De réir mar a fhásann dlúthchairdeas eatarthu, bíonn Shoo ite ag paranóia, deasghnátha agus piseoga na seanmhná, agus ar deireadh thiar tugann sí aghaidh ar na huafáis a tharla ina saol féin.
 
Arna léiriú ag Dermot Lavery do DoubleBand Films (Doineann) agus ag Patrick O’Neill do Wildcard, maoiníodh FRÉAMHACHA faoin scéim Cine4, le tacaíocht ó TG4, Fís Éireann, Coimisiún na Meán, agus Alt 48, an scéim chéanna faoinar maoiníodh an scannán Gaeilge An Cailín Ciúin, a fuair ainmniúchán ag Gradaim Oscar. Comhlacht léiriúcháin a bhfuil gradaim bainte amach aige is ea DoubleBand Films atá lonnaithe i mBéal Feirste agus a bhfuil dea-theist air le 30 bliain anuas as cláracha fíorasacha agus príomhscannáin d’ardchaighdeán a dhéanamh ina bhfuil scéalaíocht shainiúil.
 
Máire Ní Chonláin, Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4: “Is iontach an mórtas atá ar TG4 tacú le ‘FRÉAMHACHA’, scannán a thugann ardán do thraidisiún shaibhir scéalaíochta na hÉireann ach chomh maith leis sin a leagann béim ar chumhacht na Gaeilge sa scannánaíocht chomhaimseartha. Tá scannán uaibhreach agus iontach corraitheach cruthaithe ag Aislinn Clarke agus a foireann d’aisteoirí cumasacha, scannán a chreidimid a mheallfaidh lucht féachana ag Locarno agus níos faide i gcéin. Tá ríméad orainn go bhfuiltear ag tabhairt aird ar an scannán Gaeilge seo go hidirnáisiúnta, is ceart sin, agus táimid ag súil go mór leis an tionchar a bheidh aige ar phobail scannánaíochta na hÉireann agus ar fud an domhain a bhrath.”
 
New Europe Film Sales atá i mbun díolacháin idirnáisiúnta don scannán. Eiseoidh Wildcard Distribution an scannán i bpictiúrlanna na hÉireann sa bhliain 2025.
 
Beidh an 77ú Féile Scannán Locarno ar siúl ón 7 Lúnasa go dtí an 17 Lúnasa 2024.
 


CINE4

Tá scéim forbartha Cine4 ag glacadh le hiarratais le haghaidh príomhscannán anois.

Tuilleadh eolais : https://www.tg4.ie/ga/eolas/preas/nuacht-raitis/2024-2/ta-sceim-forbartha-cine4-ag-glacadh-le-hiarratais-le-haghaidh-priomhscannan-anois/

 

Teagmháil do na Meáin:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie


Cuir aithne orainn: