Preas
An líon is mó lucht féachana riamh tarraingthe ag Clúdach TG4 ar Chraobhchomórtas Ceithre Bhalla an Domhain 2024 O'Neills.com
12.11.24
Thar sheacht lá d’aicsean iontach liathróid láimhe, mheall clúdach TG4 ar Chraobhchomórtas Liathróid Láimhe Ceithre Bhalla an Domhain 2024 lucht spéise ó ar fud na cruinne, ag tarraingt 320,000 de lucht féachana san iomlán. D’fhéach an lucht spéise ar chraoltaí beo agus an t-aicsean ar atráth 208,000 babhta, 176,000 amharc beo agus 32,000 athsheinm bhreise a bhí i gceist.
Bhí 80,000 lucht féachana ó lasmuigh d’Éirinn iad féin ag féachaint ar na craoltaí beo, 27,000 ón Ríocht Aontaithe agus 20,000 ó na Stáit Aontaithe ina measc, léiriú ríshoiléir ar an tóir idirnáisiúnta atá ar an spórt. Bhí lucht féachana ó 55 tír ar fud na cruinne, an tSeapáin, an Airgintín agus an Astráil ina measc, páirteach san aicsean, agus iad ag fágáil nótaí tráchta ó chroí ar na hardáin meán sóisialta, nótaí amhail, “Enjoying this sitting in the sun in Cyprus and remembering handball,” agus “Watching from NYC on the train.”
Bhí an líon ba mhó daoine, 16,000, ag tráth amháin, ag féachaint ar na Cluichí Ceannais Oscailte iontacha a bhí ar siúl Dé Domhnaigh nuair a d’éirigh le Ciana Ní Churraoin an ceann is fearr a fháil ar Martina MacMahon as Luimneach i gCluiche Ceannais na mBan, agus nuair a d’éirigh le Paul Brady as an gCabhán Diarmuid Nash as Contae an Chláir a bhualadh i gcluiche réitigh iontach ar fad. Tá corn na bhfear buaite anois aige sé bhabhta agus é 45 bliain d’aois. Is féidir leis an lucht leanúna súil eile a chaitheamh ar an bhfuadar a bhain leis an gcluiche ceannais singil agus leis an gcluiche ceannais dúbailte ar Chaineál YouTube Spórt TG4.
Cuireadh tús le seachtain iomlán de chláracha faoi liathróid láimhe ar TG4 leis an gcéad chraoladh de Liathróid Láimhe, clár faisnéise faoi liathróid láimhe a coimisiúnaíodh chun comóradh a dhéanamh ar chéad bliain Liathróid Láimhe CLG. Craoladh an clár arís ansin chun clabhsúr a chur leis an tseachtain, 105,000 den lucht féachana a chonaic an clár. Tá an clár faisnéise sin ar fáil anois ar Sheinnteoir TG4 do dhuine ar bith nár éirigh leo é a fheiceáil. D’fhéach 15,000 duine ar bhuaicphointí na gcluichí ceannais ar GAA 2024 TG4 oíche Dé Luain.
Cuireadh deireadh le clúdach cuimsitheach liathróid láimhe TG4 le clár uair an chloig de bhuaicphointí Dé Domhnaigh, ina raibh buaicphointí ó na cluichí agus agallaimh eisiacha le sárimreoirí an spóirt. “2024 World 4-Wall Handball Championships” ainm an chláir agus tá sé ar Sheinnteoir TG4 anois.
Féach ar TG4, comhpháirtí oifigiúil Liathróid Láimhe CLG, chun an t-aicsean is fearr liathróid láimhe a fheiceáil.
Teagmháil do na meáin i TG4:
Shane Walsh | Eagarthóir Margaíochta Spórt TG4 | shane.walsh@tg4.ie