Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

An Cliath Oilimpeach - An dúthracht a theastaíonn chun na Cluichí Oilimpeacha a bhaint amach

7:15pm an 2 Eanáir ar TG4

18.12.24

 

Ní éasca a bhíonn sé ar dhuine ar bith arb é mian a croí é dul san iomaíocht sna Cluichí Oilimpeacha. Leantar scéal an chliathreathaí 400m, Diarmuid Clancy, sa chlár faisnéise seo de réir mar a bhíonn sé i mbun traenála chun a sprioc a bhaint amach, dul san iomaíocht san imeacht spóirt is aitheanta ar domhan.

Is é an scéal iontach pearsanta a insítear sa chlár faisnéise seo a dhéanann clár faisnéise ar leith de. Gné lárnach den scannán is ea aiste a scríobh Diarmuid agus é ar scoil, aiste a úsáidtear feadh an cláir faisnéise chun an tionchar a bhí ag rás amháin ar a bhrionglóid Oilimpeach a léiriú. 
 
Is iomaí bac a bhíonn roimh lúthchleasaí ar bith – an brú síoraí a bhaineann le cothromaíocht a bhaint amach idir an spórt agus an gnáthshaol, an t-oideachas agus cúrsaí airgid. Ach cruthaíodh bacanna eile leis an bpaindéim COVID-19 a raibh gá do Dhiarmuid iad a shárú, an baol go gcuirfear na Cluichí ar ceal uilig ina measc.
 
Tabharfaidh an Curadh Domhanda sa chliathrás ráibe, Derval O’Rourke, a ghlac páirt sna Cluichí Oilimpeacha í féin faoi thrí, comhthéacs ar streachailt Dhiarmuid ó tharla gur thug sí féin aghaidh ar an streachailt chéanna. Tabharfaidh sí léargas an tsaineolaí ar a turas féin agus déanfaidh sí machnamh air chun a léargas a tabhairt ar an gcaoi ar féidir le teacht aniar agus buanseasmhacht an duine féin, mar aon le fórsaí seachtracha anaithnid, bealach an lúthchleasaí a mhúnlú ag tráth leochaileach ina bhfuil athrú ag tarlú.
 
Clúdaítear tréimhse trí bliana in An Cliath Oilimpeach , tréimhse ina gcaitear súil ar an dúthracht a theastaíonn uaidh dhuine le bheith meáite ar sprioc a bhaint amach nuair is cosúil go bhfuil gach rud ag teacht ina n-aghaidh. Tabharfaidh Diarmuid léargas le linn an chláir ar an gcothromaíocht leochaileach a bhíonn i gceist nuair a bhíonn acmhainní teoranta ag duine ach brú orthu mar sin féin nuair atáthar ag súil go n-éireoidh leo. Leagfaidh sé béim freisin ar na ceachtanna luachmhara saoil a fhoghlaimítear nuair a thugtar tús áite do sprioc ollmhór a chuireann an gnáthshaol ar athlá.  
 
Craolfar An Cliath Oilimpeach Déardaoin an 2 Eanáir ag 7:15pm agus an 5 Eanáir ag 6.10pm ar TG4.

 

Teagmháil do na meáin i TG4:

Shane Walsh | Eagarthóir Margaíochta Spórt TG4 | shane.walsh@tg4.ie


Cuir aithne orainn: