Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

'Amuigh 24 - Cúl Stáitse’
Clár dírithe ar ‘Amuigh 24’ Chruinniú na nÓg i gCo. na Gaillimhe ina léirítear nithe a tharlaíonn ar chúl an stáitse

Cúla4 - Dé Sathairn, an 22 Meitheamh ag a 6 i.n.

18.06.24

Pictiúir: Láithreoir Cúla4 Niamh Ní Chróinín; Dj Ferdilicious le Niamh Ní Chróinín

 

Ábhar bróid do Chúla4 agus TG4 clár speisialta leathuair an chloig a chur ar fáil ina léirítear nithe a thiteann amach ar chúl an stáitse ag ‘Amuigh 24,’ féile bhríomhar aon lá amháin don teaghlach arna chur ar siúl ag Fíbín mar chuid de Chruinniú na nÓg 2024 an 15 Meitheamh i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe.
 
Tar i gcomhluadar Niamh Uí Chróinín ar Cúla4 agus an lucht féachana á dtabhairt ar chúl an stáitse aici chun léargas a fháil ar an méid a bhíonn ar siúl ann agus comhrá á dhéanamh le roinnt de na hoirfidigh sárchumasacha a bhí ar an ardán ag an ócáid iontach seo.
 
Rinneadh ceiliúradh le ‘Amuigh 24’ ar an gcruthaitheacht, ar an ealaín agus ar an gcur i láthair, an seó ar fad dírithe ar leanaí agus ar ógánaigh ó 0 – 18 mbliana d’aois. Leagadh clár sáreagraithe amach don fhéile, suite i gceantair scéimhiúla Ghaeltachta, le ceardlanna idirghníomhaíochta, léiriú agus taispeántais ealaíonta agus cur i láthair beo.
 
Gheobhaidh lucht féachana Cúla4 amharc speisialta ar chroílár ‘Amuigh 24,’ le hagallaimh le sároirfidigh de leithéid Jessica McKean, a bhí san iomaíocht in Junior Eurovision, Trad Rave, agus Colm Seoighe & na hEasógaí. Gnéithe suntasacha eile den fhéile na ceardlanna agus seónna eile a chuir Circus le Croí, Trish Forde, Laureate na nÓg agus Leabhair Leanaí Éireann, i measc dreamanna eile, ar siúl.
 
Bhí de chuspóir leis an bhféile an tsamhlaíocht a spreagadh agus an cumas a chothú chomh maith le taitneamh ar feadh an tsaoil as ábhar cruthaitheachta agus cultúir. Trí rannpháirtíocht ghníomhach agus fiosrú a spreagadh, chuir ‘Amuigh 24’ ar chumas dhaoine óga iad féin a chur in iúl, spéis a chur san oidhreacht chultúir agus caidreamh a cheangal le daoine dá gcomhaois féin i dtimpeallacht soicheallach bríomhar.
 
Dúirt Karina Feirtéar, Bainisteoir Cainéil Cúla4, , “Is cúis ríméid dúinn beocht ‘Amuigh 24’ a chur i láthair ar Cúla4. Ní hé amháin go ndéantar ceiliúradh leis an bhféile seo ar chruthaitheacht dhoshrianta óige na hÉireann, cruthaítear timpeallacht chóiriúil freisin ina bhféadann sin a theacht faoi bhláth. Tá creideamh láidir ag Cúla4 in acmhainn na healaíne maidir le spreagadh, oideachas agus féinmhuinín agus tugtar cuireadh do theaghlaigh ar fud na Gaeltachta a bheith in éineacht linn don cheiliúradh seo.”
 
Cuireann ‘Amuigh 24’ fáilte chroíúil roimh dhaoine óga ar fud na gceantar Gaeltachta ar fad agus páirt á ghlacadh acu sa cheiliúradh iontach seo ar ábhar cruthaitheachta agus cultúir. Más ag freastal ar cheardlanna a bhíothas, nó i láthair ag seó beo, nó ag blaiseadh den atmaisféar bríomhar, bhain gach a dtáinig i láthair taitneamh i rith an lae as ábhar spreagtha, eolais agus siamsa don uile dhuine den teaghlach.
 
Bí ag faire ar Cúla4 Dé Sathairn, an 22 Meitheamh ag a 6 i.n. nuair a athchruthófar an draíocht a bhain le ‘Amuigh 24’ agus feicfidh tú an sárchumas cruthaitheachta atá sna daoine óga.

Bí Cróga! Bí Cruthaitheach! (Bíodh sé de Mhisneach agat a bheith Cruthaitheach)
 
 
Féach ar láithreán gréasáin Éire Ildánach ANSEO https://cruinniu.creativeireland.gov.ie/event/amuigh-24/
 
**Maidir le Cruinniú na nÓg:** – Is é Cruinniú na nÓg lá náisiúnta na hÉireann maidir le cruthaitheacht saor in aisce do leanaí agus do dhaoine óga. Féachtar le ceiliúradh a dhéanamh ar fud na tíre ar bheartaíocht cultúir agus cruthaitheachta agus rannpháirtíocht a spreagadh trí réimse fairsing éagsúil imeachtaí agus ócáidí a chur ar siúl.

**Maidir le Cúla4:** – Is bealach teilifíse Gaeilge do dhaoine óga Cúla4 ar a mbíonn cláracha ardchaighdeáin ar fáil atá ina n-ábhar siamsa agus oideachais agus ina spreagadh maidir le gean ag daoine óga ar an nGaeilge.
 
 
Cúla4 le fáil anseo:

Saorview – 18,

Sky Glass – 202 or 213

Sky Q – 627 or 624

Virgin Media – 602

Eir

Cula4.com
 
 

‘Amuigh 24 – Cúl Stáitse’

Cúla4 agus seinnteoir Cúla4 – Cula4.com – Dé Sathairn 22 Meitheamh ag a 6 i.n


 
 

Teagmháil do na Meáin:

Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@TG4.ie


Cuir aithne orainn: