Preas
Aip nua don Teilifíseán Cliste seolta ag Cúla4
20.07.24
-
Tá CÚLA4 le fáil ar ghairis mhóibíleacha Teilifíse anois agus is céim mhór chun cinn é seo i saol inrochtaineachta na Gaeilge don lucht féachana óg.
Gealltar leis an aip nua seo go gcuirfear ábhar féachana Gaeilge ar fáil atá bríomhar, mealltach agus ar ardchaighdeán do leanaí 0-12 bliana d’aois mar aon leis an nGaeilge a chur chun cinn ar fud an domhain mhóir. Beidh an aip le fáil anois den chéad uair ar Fire TV (Amazon), Android TV (Google), agus ar ghairis de chuid Sony.
Tá ríméad ar Cúla4 seoladh aip sheinnteoir nuachóirithe CÚLA4 a fhógairt freisin, agus go bhfuil sí ar fáil anois ar ghairis mhóibíleacha. Cuirtear saibhreas d’ábhar tarraingteach ar fáil ar an aip fheabhsaithe saor in aisce seo a chuirfidh lúcháir, mar aon le hoideachas, ar an lucht féachana óg atá againn chomh maith le cláracha Gaeilge eisiacha a chur ar fáil dóibh.
Áirítear ar na Gnéithe Nua Breise den scoth atá curtha leis an aip:
Is féidir aip CÚLA4 a íoslódáil ón App Store do iPhone agus iPad. Beidh úsáideoirí Android ábalta teacht uirthi ar Google Play. Tá an aip do Theilifíseáin Chliste ar fáil anois ar Fire TV (Amazon), Android TV (Google), agus ar ghairis de chuid Sony. Bain sult aisti agus bí ag fiosrú dhomhan CÚLA4!
Is éard a dúirt Bainisteoir Chainéal Cúla4, Karina Feirtéar, “Tá an-ríméad orainn aip Cúla4 do theilifíseáin chliste a sheoladh, aip a bheidh ina hardán tiomanta d’ábhar teilifíse Gaeilge do leanaí. I saol an lae inniu, tá na bealaí a bhíonn daoine ag féachaint ar ábhar ag athrú go tapa agus tá sé ríthábhachtach go mbeimisne ag athrú freisin d’fhonn freastal ar an lucht féachana atá againn agus d’fhonn déanamh maith ar an ngealltanas atá tugtha againn an Ghaeilge a chaomhnú agus a chur chun cinn trí ábhar mealltach a chur ar fáil.”
Teagmháil do na Meáin:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 & Cúla4 | aine.lally@tg4.ie