Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

9 gClár, Sraith agus Scannán mar aon le 11 láithreoir agus iriseoir de chuid TG4 / Cúla4 ar Ghearrliosta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2024

08.10.24

 
9 gClár, Sraith agus Scannán mar aon le 11 láithreoir agus iriseoir de chuid TG4/ Cúla4 ar Ghearrliosta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2024.

Fógraíodh inniu go bhfuil 9 gClár, Sraith agus Scannán mar aon le 11 láithreoir agus iriseoir de chuid TG4 agus Cúla4 ar Ghearrliosta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2024.
 

Seo a leanas an liosta a bhaineann le TG4 agus Cúla4.

AN GEARRLIOSTA
 

SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA DO DHAOINE ÓGA

M’Ainm Mo Scéal – Ronin Films

Siar Linn – Macalla Teoranta

Uisce Uisce – Paper Owl Films

Is Mise – Meangadh Fibín
 

CLÁR TEILIFÍSE / SCANNÁN NA BLIANA

Kneecap – Fine Point Films, Mother Tongues Films, TG4, Wildcard

100 Bliain de Thithíocht in Éirinn – Midas Productions
 

IRISEOIR NA BLIANA

Caoimhe Ní Laighin – Nuacht TG4

Sinéad Ní Neachtain – Nuacht TG4
 

PEARSA TEILIFÍSE NA BLIANA

Síomha Ní Ruairc

Fiona Ní Fhlaithearta

Doireann Ní Ghlacáin

Aoife Ní Thuairisg

Caoimhe Ní Chathail
 

SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA

Ag Triall ar an Tobar – Midas Productions

Iniúchadh TG4 – Clean Slate TV

Meitheal Mara Chorca Dhuibhne – Aniar TV
 

CRAOLTÓIR SOLABHARTHA NA BLIANA

Donncha Ó Murchú – TG4

Séamus Ó Scanláin – TG4 & RTÉ Raidió na Gaeltachta
 

RÉALTA ÓG NA BLIANA

Laura Pakenham – TG4 Foghlaim

Darragh Ó Caoimh – TG4
 

Mary Ellen Ní Chualáin, Bainisteoir Coimisiúnaithe: “Tréaslaím ó chroí le lucht na gclár, scannán agus na sraitheanna uilig go bhfuil áit ar Ghearrliosta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2024 bainte amach acu. Is iontach an rud é an t-aitheantas seo a fháil agus is maith an oidhe orthu é.”
 

Tá trí chatagóir déag (13) ar chlár na ngradam i mbliana. Roghnóidh painéal moltóirí buaiteoirí na gcatagóirí éagsúla ach is ar bhonn vóta poiblí a roghnófar Réalta Óg na Bliana. Cuirfear tús leis an vótáil poiblí Dé Céadaoin, an 9 Deireadh Fómhair 2024.
Beidh buaiteoirí na nGradam á bhfógairt ag ócáid le linn Oireachtas na Samhna, Dé Céadaoin, an 30 Deireadh Fómhair 2024.

 

 

 

Teagmháil i TG4 do Lucht na Meán:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie


Cuir aithne orainn: