Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

9 nAinmniúchán faighte ag TG4 do Gradaim Theilifíse RTS 2023

06.03.23

RTS Ócáid 2023
 

Naoi gcinn d’ainmniúcháin ar fad a fuair cláir de chuid TG4 do Ghradaim Theilifíse RTS a fógraíodh inniu. Tugann na gradaim aitheantas do bharr feabhais agus gaiscí in earnáil teilifíse na hÉireann.
 
Ainmníodh na cláir seo de chuid TG4:
Drámaíocht: Doineann, DoubleBand Films (TG4)
Siamsaíocht: Cumasc: Seisiúin sa Black Gate, Black Gate Productions (TG4)
Sraith Fhíorasach: Cois Móire, Cormorant Films (TG4)
Sraith Fhíorasach: An Diabhal Inti, Lagan Media Productions (TG4)
Clár Fíorasach: Cyril Cusack: Lár An Stáitse, Dearg Films (TG4)
Spórt: Anton O’Toole – Finscéal de Shaol GAA, Bankos Tales Productions (TG4)
Spórt: Laochra Gael – Terence McNaughton, Nemeton TV (TG4)
Sainchlár Fíorasach: An Buachaill Gealgháireach, Imagine Media (TG4)
Siamsaíocht Fhíorasach: Bagatelle – Ómós do Liam Reilly, Four Quadrant Films (TG4)
 
Fógrófar na buaiteoirí tráthnóna Dé Máirt an 28 Márta ag ócáid in Óstán an Galmont i nGaillimh. Is iad Caitlín Nic Aoidh agus Cormac Ó hEadhra a chuirfidh an ócáid i láthair agus beidh na ceoltóirí Mick Flannery agus Susan O’Neill agus an grúpa Bláth na hÓige ag ceol.
 
Seo a leanas liosta iomlán de na hainmniúcháin.
 
1 – DRÁMAÍOCHT | DRAMA | buíochas:Screen Ireland
Doineann, DoubleBand Films (TG4)
Every Five Miles, Vico Films (RTÉ)
Holding, Happy Prince, Port Pictures (Virgin Media)
Redemption, Metropolitan Films (Virgin Media)
Smother, Treasure Entertainment (RTÉ One)
 
2 – SIAMSAÍOCHT | ENTERTAINMENT | buíochas: Piranha
Callan Kicks the Year, Wonky Chair Media, (RTÉ)
Cumasc: Seisiúin sa Black Gate, Black Gate Productions (TG4)
Dancing with the Stars, ShinAwiL (RTÉ)
Free Gaff, Green Inc Film & Television (RTÉ2 & RTÉ player)
The Ultimate Irish Playlist, ShinAwiL (RTÉ)
 
3 – SRAITH FHÍORASACH | FACTUAL SERIES | buíochas: Egg Post Production
Cois Móire, Cormorant Films (TG4)
Crimes and Confessions (RTÉ)
An Diabhal Inti, Lagan Media Productions (TG4)
Great Lighthouses of Ireland, Inproduction TV (RTÉ)
 
4 – CLÁR FÍORASACH | FACTUAL SINGLE | buíochas: Nemeton TV
Cyril Cusack: Lár An Stáitse, Dearg Films (TG4)
Speechless, Firebrand Productions (RTÉ)
The Ghost of Richard Harris, Bright Yellow Films, Samson Films, Groove International (Sky Arts)
Young Plato, Soilsiu Films, Aisling Productions, Clin d’Oeil Films and Zadig Productions (RTÉ)
 
5 – SPÓRT | SPORT | buíochas: TVM
Anton O’Toole – Finscéal de Shaol GAA, Bankos Tales Productions (TG4)
The Connacht Way, Motherland (RTÉ One)
Laochra Gael – Terence McNaughton, Nemeton TV (TG4)
Munster Vs South Africa A (Virgin Media Television)
Saipan – Rebel without a Ball, (RTÉ)
 
6 – NUACHT & CÚRSAÍ REATHA | NEWS & CURRENT AFFAIRS | buíochas:Camerakit.ie
The Accountant, the Con, the Lies (RTÉ)
The Death of Ashling Murphy (Virgin Media News)
Eden Heaslip (RTÉ)
RTÉ Investigates: Missing Pieces (RTÉ)
Tragedy in Creeslough (Sky News)
 
7 – BEOCHAN | ANIMATION | buíochas:Windmill Lane
Boy Girl Dog Cat Mouse Cheese, Kavaleer Productions, Watch Next Media, Cloud Co (RTÉ)
Fia’s Fairies, Little Moon Animation (RTÉjr)
The Ghastly Ghoul, Dream Logic Animation Studios and Lupus Films (RTÉ)
Kiva Can Do, Kavaleer Productions (RTÉ)
The Presenter, Cardel Entertainment (RTÉ)
 
8 – SAINCHLÁR FÍORASACH | SPECIALIST FACTUAL| buíochas:Ardán
An Buachaill Gealgháireach, Imagine Media (TG4)
Francis Bacon, The Outsider, Mount Venus Productions (RTÉ)
Ireland’s Dirty Laundry, New Decade TV (RTÉ & ARTE)
Maeve Binchy: The Magic of the Ordinary (RTÉ)
A Note for Nature, Crossing the Line Films (RTÉ)
 
9 – CLÁR DO PHÁISTÍ | CHILDREN’S PROGRAMME | buíochas:IMRO
Blast from the Past, Firebrand Productions (RTÉ)
Dizzy Deliveries, Macalla Teoranta (RTÉ)
Ireland’s Future is Mine, Tamber Media & Reverist (RTÉ)
The Imagination Machine, Firebrand Productions (RTÉ)
Storybud, Kite Entertainment (RTÉ)
 
10 – SIAMSAÍOCHT FHÍORASACH | FACTUAL ENTERTAINMENT | buíochas: Screenscene
Bagatelle – Ómós do Liam Reilly, Four Quadrant Films (TG4)
Generation Dating, Coco Content (Virgin Media)
Gogglebox Ireland, Kite Entertainment (Virgin Media)
Lucy Investigates, ADARE Productions (Virgin Media One)
Secrets from the Showroom (RTÉ)
 
Is iad TG4 a chuirfidh oíche mhór na nGradam i láthair i mbliana. Tá craoltóirí Éireannacha TG4, Virgin Media, Sky agus RTÉ ag tacú leis na gradaim agus tá urraíocht curtha ar fáil ag Fís Éireann, Údarás Craolacháin na hÉireann agus Léiritheoirí Scáileáin na hÉireann. Is iad Nemeton TV, Egg Post Production, Screenscene, Ardán, Imro, Piranah Bar, Camerakit Ireland agus TVM a rinne urraíocht ar na catagóirí éagsúla.
 
Is féidir ticéid don ócáid a bheidh ar siúl ar an 28 Márta in Óstán an Galmont a fháil anseo: https://rts.org.uk/civicrm/event/register?reset=1&id=815
 
Tuilleadh eolais faoi RTS: https://rts.org.uk/region/republic-ireland
 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie


Cuir aithne orainn: