Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Vóta 2020 - Pobalbhreith Ipsos MRBI Dún na nGall

23.01.20

Pádraig Mac Lochlainn le filleadh ar an Dáil agus ní cosúil go mbeidh suíochán ag Peter Casey de réir thorthaí phobalbhreith Ipsos MRBI do TG4.

 

Léiríonn torthaí phobalbhreith TG4/Ipsos MRBI do ‘Vóta 2020’ ar TG4, go bhféadfadh Pearse Doherty cuóta go leith a fháil le 27% den vóta céadrogha i nDáilcheantar Dhún na nGall.  Tá Joe Mc Hugh, Fine Gael go láidir sa dara háit le 17% de na vótaí céadrogha. Léiríonn torthaí na pobalbreithe freisin go bhfuil seans láidir ag Pádraig Mac Lochlainn, an suíochán a chaill sé in Olltoghchán 2016 a fháil ar ais ó vótaí aistrithe Pearse Doherty. D’fhéadfadh Fianna Fáil 2 shuíochán as an 5 shuíochán a bhaint amach sa Dáilcheantar. Beidh sé ina chogadh dearg do na suíocháin deiridh ó vótaí aistrithe nuair a dháilfear na vótaí idir ionadaí amháin ó Fhianna Fáil agus an Teachta Dála neamhspleách Thomas Pringle.  Sa phobalbhreith seo níl ach 2% den vóta ag Peter Casey neamhspleách, agus tá 4% ag Michael White ó Chomhaontas Glas.

Rinneadh na hagallaimh don phobalbhreith do Dháilcheantar Dhún na nGall Dé Luain agus Dé Máirt an 20 agus 21 Eanáir. Sampla 550 duine a bhí sa phobalbhreith a rinne an comhlacht Ipsos MRBI do TG4. Bíonn lámháil earráide móide/lúide 4% i gceist le suirbhé bunaithe ar shampla 550 duine.  Tá cuóta 17% le baint amach ag iarrthóirí a bheidh tofa sa dáilcheantar 5 shuíochán i nDún na nGall.

Léiríonn na figiúirí gur dóigh go dtoghfar an tAire Oideachais Joe McHugh d’Fhine Gael le 17% den vóta ar an gcéad chomhaireamh agus go gcoinneoidh sé a shuíochán, toghfar Pearse Doherty freisin ar gcéad chomhaireamh le cuóta go leith. Beidh sé ina dhianchoimhlint don trí shuíochán deiridh.
 
 

Tacaíocht na nIarrthóirí i nDáilcheantar Dhún na nGall  (Vóta Uimhir 1)

 

Pobalbhreith

’20

Olltoghchán  ’16
Pearse Doherty – Sinn Féin 27% 14%
Joe McHugh – Fine Gael 17% 11%
Charlie McConalogue – Fianna Fáil 12% 17%
Pádraig Mac Lochlainn – Sinn Féin 12% 8%
Pat ‘The Cope’ Gallagher – Fianna Fáil 10% 14%
Thomas Pringle – Neamhspleách 6% 8%
John O’Donnell – Neamhspleách 4%
Michael White – Comhaontas Glas 4%
Mary T Sweeney — Aontú 3%
Martin Harley — Fine Gael 3%
Peter Casey – Neamhspleách 2%
Niall McConnell – Neamhspleách 1%

 

 

Tacaíocht na bPáirtithe i nDáilcheantar Dhún na nGall (Vóta Uimhir 1)

Sinn Féin                             38%

Fine Gael                             20%

Fianna Fáil                           22%

Neamhspleách *                    19%

(*Comhaontas Glas & Aontú ina measc)

 

Nuair a chuirtear céatadán vóta Charlie McConalogue le céatadán Pat ’The Cope’ Gallagher, tá 22% den vóta ag Fianna Fáil sa dáilcheantar, bunaithe ar na figiúirí sin, d’fhéadfadh Fianna Fáil dhá shuíochán a bhaint amach ag braith ar aistrithe ó iarrthóirí eile.  Tá Charlie McConalogue 5% faoi bhun an chuóta ag 12% agus Pat ‘the Cope’ Gallagher ag 10%

Nuair a chuirfear na páirtithe beaga agus na neamhspleáigh as an áireamh d’fhéadfadh go seasfadh a stádas neamhspleách le Thomas Pringle, cé go mbeidh go leor le déanamh aige chun an ceann is fearr a fháil ar dara iarrthóir Shinn Féin agus ar dara iarrthóir Fhianna Fáil.

In 2016, d’éirigh le Fianna Fáil dhá iarrthóir a thoghadh, Charlie McConalogue agus Pat ‘The Cope’ Gallagher. Ba é Joe McHugh a fuair suíochán amháin d’Fhine Gael in 2016. Toghadh Pearse Doherty Shinn Féin agus is beag a bhí idir Pádraig Mac Lochlainn agus Thomas Pringle a thóg an cúigiú suíochán ar deiridh.

 

D’fhéadfadh áfach iarrthóir Chomhaontas Glas Michael White nó Peter Casey Neamhpleách a bheith fós san iomaíocht ag deireadh an chomhairimh.

 

Nóta d’Eagarthóirí:

Is é seo an chéad cheann de 3 phobalbhreith atá coimisiúnaithe ag TG4 le Ipsos MRBI do Vóta 2020. Dé Máirt seo chugainn an 28 Eanáir, beidh torthaí phobalbhreith Ghaillimh Thiar agus ar an Máirt dár gcionn, an 4 Feabhra, torthaí phobalbhreith Chiarraí ar fáil.  Nuair a rinneadh na hagallaimh, ní raibh sé curtha in iúl ag Peter Casey go mbeadh sé ag seasamh in Iarthar Bhaile Átha Cliath chomh maith. Ní raibh Arthur McGuinness curtha san áireamh ar an bpáipéar ballóide againn.

 

 

 

 

 

 

Teagmháil do na Meáin:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie | 086 1453527

Cuir aithne orainn: