Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Junior Eurovision 2020 - Déan Iarratas Anois!

16.01.20

Tá JUNIOR EUROVISION ar ais!

An bhfuil tú in ann aige?

An amhránaí den scoth thú?

An mbeidh tú idir 9 agus 14 bliana d’aois An Fómhar seo chugainn?

Táimid ANOIS ag glacadh iarratas do CHOMÓRTAS AMHRÁNAÍOCHTA JUNIOR EUROVISION 2020. 

Seo do dheis a bheith san iomaíocht seasamh thar ceann na hÉireann sa CHOMÓRTAS AMHRÁNAÍOCHTA JUNIOR EUROVISION 2020 agus canadh os comhair na milliúin lucht féachana ar fud na hEorpa. Caithfidh an buaiteoir 7 lá roimh ré san Eoraip ag ullmhú don oíche mhór.

Anuraidh chuir Anna Kearney muintir na hEorpa faoi gheasa, lena guth agus a hamhrán ‘Banshee’ sa Phólainn.

Cé a dhéanfaidh an beart i 2020? An tusa a bheidh ann? Seo do sheans!

Chun iarratas a dhéanamh, níl ag teastáil ach guth iontach! Tá fáilte roimh amhránaithe aonair agus grupaí chomh mór le seisear.

An spriocdáta chun iarratas a dhéanamh ná an 14 Feabhra 2020.

Téigh chuig ar www.tg4.ie/junioreurovision anois chun iarratas a dhéanamh.

Le tuilleadh eolas a fháil glaoigh ar 01 2843877 /  TÉACS 083 0580229 /  Ríomhphoist Lucinda@adareproductions.ie